
Ní stoirm an chéid é, nó hairicín fiú (ní bhíonn hairicíní againn in Éirinn) ach beidh cumhacht i bhfad níos mó ag an stoirm seo i gcomparáid leis an doineann ag an deireadh seachtaine!
Ach cá bhfuil an áiféis agus cacamas óna meáin chumarsáide? Cá bhfuil na míreanna nuachta agus an t-aineolas leanúnach gurb é seo hairicín Tomás!?
Ó, is é, sin é, táid go léir lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus níl radharc acu thar chlaí na Páile, agus beidh an ceann seo ag tabhairt batráil cheart don iarthuaisceart.
Is gnáth-doineann é nuair a tharlaíonn an chuid is measa de san iarthar, ach is "hairicín ón Mhuir Chairib" é má tá gaoth lag éigin san oirthear.
2 comments:
Is álainn an pictiúr é ar aon nós.
Feicim súile d'ulchabháin i lár na stoirme.
Post a Comment