Dé Luain, Nollaig 06, 2010

M2010.12.08

Sílim gur chóir go mbeadh an dioscúrsa seo a leanas lárnach sa bhfeachtas olltoghcháin le theacht:
Caithfidh muid idirdhealú neamhbhalbh a dhéanamh idir fhiacha na mbanc agus phobal na tíre. Tá gá le reifreann ar an mbeart seo ón IMF/AE. Más Poblacht Dhaonlathach é seo fós, seachas Poblacht Bhanana mar a bhfuil cuma air, ba chóir daonlathas a chur i bhfeidhm, mar níl aon idir eatarthu ann, níor chóir go mbeadh ar aon chaoi!

Gan an t-idirdhealú sollúnta idir bhainc agus phobal beidh ar mhuintir na hÉireann a thuilleadh "bunúsaíochas nua-liobrálach" a fhulaingt. Níor mhaith liom maireachtáil in "Ireland Inc." Agus is de bharr Ireland Inc agus an idé-eolaíocht atá a stiúradh beidh ar mhuintir na hÉireann a thuilleadh cacamais a léamh is a chloisteáil ag plé fadhbanna na mbanc amhail is gur linne é. Féach alt i mBeo le Brian Ó Ceallaigh, nó O'Kelly mar is fearr aithne air in Ollscoil Chathair BÁC. Tá an t-alt ag cur thar maoil le idé-eolaíocht!

Gan an t-idirdhealú idir bhainc agus tír beidh -mar is féidir linn a fheiceáil go soiléir- níos lú agus níos lú cumhachta ag pobal na tíre i gcomparáid leis na coimeádaigh nua-liobrálach éilitheach a bhfuil i gcumhacht san Eoraip agus atá, agus a bheas, in Éirinn.

Más mian leis an mBanc Ceannais Eorpach, agus rialtas ar bith eile (bíodh sin Fianna Fáil nó Gael), airgid na hamhantraithe a shábháil caithfidh an BCE na bainc siúd a bhfuil ag cruthú na fadhbanna seo dóibh a thógáil ar lámh, agus cosmhuintir na tíre seo a fhágáil as ar fad.
Tá an córas briste baincéireachta ag tarraingt an tír síos, agus ag méadú ár ráta iasachta.
Ní bheidh mar thoradh ón gceangal saorga seo idir na fiacha príobháideacha agus muintir na tíre ach seirfeachas, agus cliseadh níos tromchúisí níos measa sa bhfadtéarma.

16 comments:

aonghus said...

Is féidir go bhfuil an cheist níos leithne agus níos tromchúisí - ní bainc i Éirinn amháin atá thíos leis na cluichí vabanque seo ag lucht speicléireachta.

Dubhaltach said...

Cinnte tá bainc Eorpacha a bhfuil a lán airgid le cailliúint acu dá loicfeadh bainc áirithe na tíre seo, ach níor mhian liom athrá a dhéanamh ar cad a dúirt mé i mblagmhíreanna eile.

Is iad na coimeádaigh nua-liobrálach éilitheach ar mhian leo an córas a shábháil, is cuma cén costais atá ann don phobal seo.
Is éard atá i gceist agam leis sin ná cleachtann siad go tréan teagasc nua-liobrálachais, ach mar gheall ar a gcoimeádachas ní ligfeadh siad don chóras cliseadh. De bharr a n-éilíteachas níor mhaith leo pobal na Poblachta a fheiceáil ag cur as dá n-idé-eolaíocht. (Mar an gcéanna sa Ghréig, agus san Phortaingéil go luath).

Is iad maistrí ár rialtas. Agus déanfaidh na gaimbíní siúd pé ordú a thugtar dóibh.
Ach tá sé níos leithne arís ná sin. Tá clár oibre dá gcuid féin ag na gaimbíní s'againne. Táid ag tarrtháil na bhforbróirí is amhantraithe réadmhaoine a bhí agus atá mar thacaíocht airgeadais dóibh. Is coimeádaigh nua-liobrálach éilitheach iad freisin.
Dá ligfeadh siad bainc áirithe a chliseadh bheadh a ndeontóirí thíos go mór, theipfeadh NAMA chun iad a shábháil etc.

Grá faoi Ghruaim said...

An dtagann tú leis mo dhuine i mBeo. Creideann sé gur chomhartha dócháis é an laghdú sa ráta dífhostaíochta!

Dubhaltach said...

Ní thagaim ná baol air.

Dubhaltach said...

Alt ón SBP

Grá faoi Ghruaim said...

Léigh mé a litir iontach sa NYtimes. Cén fáth nach bhfuil an chiall seo le cloisteáil sna meáin Gaeilge

Dubhaltach said...

Grma, ní raibh an litir sin feicthe agam.

N'fheadar faoin mheáin Ghaeilge agus cúrsaí eacnamaíochta. Ar lámh amháin tá Comhar agat gan gíog nó míog astu faoi chúrsaí na tíre. Táid ag maireachtáil i mboilgeog is dócha! Ansin tá Gaelscéal agat ar an dtaobh eile le tráchtairí cúngaigeanta den eite dheis.
Agus tá Beo sa lár is dócha, ní bhíonn aon trácht eacnamaíochta acu de ghnáth, ach nuair a bhíonn tá sé cosúil le tráchtaireacht Ghaelscéal

Coimeádach, Fianna Fáileach, Buirgéiseach, Nua-Liobrálach.
Is iad na focail a thaganns chun chuimhne dom nuair a smaoiním faoi mheáin na Gaeilge agus cúrsaí geilleagrach.

Dennis King said...

Uhh... cén litir ar an NYT, Néidí? Ní fheicim an nasc.

Dubhaltach said...

Rinne mé cuardach de.
http://krugman.blogs.nytimes.com/2010/12/02/ireland-agonistes/

Dennis King said...

An-litir, an-anailís. Fúibhse atá sé anois stop a chur leis an mbailout agus na polaiteoirí a shínigh é a ruaigeadh.

Dubhaltach said...

Tá sé go maith cinnte, chuir sé snas ar a chuid smaointeoireachta san alt.
Agus tá sé scanrúil!
"Only cock-eyed optimism about our growth prospects, which ignores the basic macroeconomics we teach our first years, can make the no-default scenario seem plausible. The ESRI and the government’s four-year plan supply such optimism"

I bhfocail eile tá O'Rourke ag rá go loicfidh muid ar fhiacha na mbanc.

Más mian leat "cock-eyed optimism" a fheiceáil níl le déanamh agat ach sracfhéachaint a thabhairt ar alt mo dhuine i mBeo agus a chomhartha dóchais.

Dennis King said...

Dála an scéil, céard is brí leis an íomhá ar chlúdach an phas? Áirc Naoi? An bád bán?

Dennis King said...

Alt eile daoibh ar an bpáipéar céanna.

Dubhaltach said...

Lógó bhanc príobháideach atá ann.

Dubhaltach said...

Ba bhreá liom a fháil amach cad iad na cúiseanna a chruthaigh an ghéarchéim dar le Alistair Bailouts Darling?!

Níl aon rud cearr leis an gcóras ar ndóigh! Níos mó/níos lú rialacháin is ea an silver bullet a bhfuil aghaidh na mboc móra air.

Grá faoi Ghruaim said...

Tá sé iontach deacair na polaiteoirí a ruaigeadh nuair atá tacaíocht a fháil acu ón meáin anseo is ón Eoraip. Tá mórshiúl mór amárach ach tá daoine ann agus is cuma leo. Níl siad ag déanamh a dhath.