Dé Máirt, Samhain 30, 2010

M2010.11.25

Mholfainn go hard éisteacht leis an anailís ó Leo Panitch sa bhfíseán thíos, ó thaobh cúis ár gcáis agus an réiteach mar a fheiceann sé é. Tá focail dheasa le rá aige faoi "cheannairí" na gceardchumainn chomh maith!
A bhuí le ILR



Tá tras-scríbhinn ar fáil anseo.

9 comments:

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Dhubhaltaigh.

Táim ag foghlaim liom...

Fearn said...

Mise fosta.

Is mór dom an dua a chuireann tú ort fhéin an scéal a thabhairt leat

ormondo said...

Cé gur chuir míchumas idirbheartaíochta an rialtais go mór leis an anachain tá an chuma ar an scéal nach raibh an dara rogha ag an tír ach géilleadh don dúmhál mar gheall ar easpa airgid. Ní leor an ioncaim reatha ó cháin le freastal ar chaiteachas an rialtais faoi láthair. Cé gurbh í bunaíocht lofa na tíre a chuir an tír i mbéal na práinne seo ní bheadh neart ag aon dream eile ar an scéal faoi láthair ach an oiread.

I gceann cúpla mí ní bheadh an rialtas in acmhainn na pinsin ná tuarastal na stáitseirbhísí srl. a íoc.

Is amhlaidh gur chuir an méid sin ar chumas na "gcáirde" eorpacha teacht i dtír ar an rialtas.

Dennis King said...

B'fhiú éisteacht leis sin, cé nach raibh aon rud nua ann.

An rud nach dtuigim fós ná cén fáth a bhfuil 100% dá gcuid airgid tuillte ag na sealbhóirí bannaí.

Is infheistíocht banna ar bith. Bíonn bannaí níos sábhailte ná stoic de ghnáth, ach níl siad gan chontúirt.

Cheannaigh mé bannaí sa bhanc Washington Mutual tamall ó shin. Banc ollmhór a bhí ann, an savings and loan association ba mhó sa tír seo go dtí go ndeachaidh sé go tonn poill dhá bhliain ó shin. Tá na bannaí sin gan luach dá laghad anois. Droch-infheistíocht a bhí ann. Chuaigh mé i bhfiontar agus chaill mé sa chás sin. Deireadh an scéil.

Dubhaltach said...

@ Fearn agus Áine,

Go raibh maith agaibh as mo chuid bholscaireachta a léamh ;)

@ Ormondo.

Cinnte tagann sé ar ais go dtí cumas idirbheartaíochta, nó le bheith níos cruinne faoi; easpa cumas idirbheartaíochta an rialtais.
Ach sílim go bhfuil breall ort maidir leis "nach raibh an dara rogha" againn.
Bíonn roghanna ann i gcónaí.

Sa chéad dul síos ní dheachaigh Fianna Fáil thall chun idirbheartaíocht a dhéanamh nó roghanna a phlé. Chuaigh siad thall chun pé beart a chuirfí os a gcomhair a ghlacadh.
Táid ag glacadh le pé rud a deireann Bruiseáil leo a dhéanamh ó thosaigh an phraiseach gan deireadh seo níos mó ná dhá bhliain ó shin.

Sa dara dul síos ní raibh ár gcostas iasachta ó na margaí ag ardú toisc go bhfuil easnamh gan réiteach againn idir theacht isteach agus chaiteachas. Tá sé admháilte agus ath-admháilte acu go luíonn buairt na margaí le cinneadh an rialtais caillteanais phríobháideacha lucht gaimbín na hEorpa a ráthú ar bhonn leanúnach. Agus an fhíric go bhfuil pobal beag na hÉireann chun íoc as an ráthú gan fasach seo.
Ba léir dóibh nach bhfuil sé i gcumas ár ngeilleagar, i ndiaidh ciorruithe troma, íoc as na caillteanais.

D'fheadfaimis ár n-easnamh a laghdú gan mórán dua, idir chiorruithe pleanáilte ar mí-éifeachtaí .i. féach plean Shinn Féin ar chiorruithe ba chóir a dhéanamh san earnáil phoiblí. Mar shampla, níor chóir go mbeadh éinne ag tuilleadh thar €100k le linn géarchéime airgeadais.
Táim tinn tuirseach á rá freisin ach tá an tír seo an dara tír is saibhre san Aontas Eorpach, fós!
Tá ár gcaiteachas ar sheirbhísí poiblí 10% níos lú ná an meán san Eoraip.
Ach ó thaobh cánach de, cáin ar saibhreas srl, tá an tír seo i measc na trí chinn is measa san Eoraip.
D'athraigh an rialtas nua-liobrálach seo ár gcóras cánach thar na blianta ionas go mbeadh an státchiste ag brath ar cáin ar dleacht stampála le haghaidh tithíochta, agus mhéadaigh siad na buntáistí cánacha do lucht ionnúis. D'ísligh siad an méid cánach a bhí ag teacht isteach ó shaibhreas agus airgead tuillte dá bharr.
Mar sin nuair a thit an lug ar an lag ar an gheilleagar bhí easnamh ann.

Ach is easnamh é a d'fhéadfá a réiteach, gan gá leis an IMF.

Mar sin má thagtar liom go raibh sé dár gcumas ár n-easnamh a laghdú agus ár gcostas iasachta a cinntiú fágann sin rogha dúinn .i. chuir ceist go daonlathach chuig muintir na hÉireann cad ba mhaith leo a dhéanamh le fiacha na gcaipitlithe Eorpacha .i. ag bogadh caillteanais na mbanc agus na sealbhóirí bannaí as droim an phobail seo.
Níor mhaith le hEoraip é seo a fheiceáil toisc go gciallódh sé sin caillteanas orthusan agus a mbainc (cairde) fhéin .i. chiallódh sin sa saol lofa caipitleach seo go mbogfadh an fhadhb chun chosmhuintir na dtíortha Eorpacha eile a bhfuil na bainc lonnaithe.

Tá Éire agus a muintir á n-íobairt ar son mhianta pholaitíochta agus eacnamaíochta an Aontais agus a thíortha móra lárnacha. Ach, má ghlactar leis go chóir an pobal seo agus a thodhchaí a íobairt don chúis sin is dócha go mbeadh an cuma air nach bhfuil aon rogha eile ar fáil.
Agus muna mbogtar na caillteanais phríobháideacha uainne ní fhágann sé sin ach rogha amháin dúinn chun muid féin a shábháil. Is é sin loiceadh.

Dubhaltach said...

"An rud nach dtuigim fós ná cén fáth a bhfuil 100% dá gcuid airgid tuillte ag na sealbhóirí bannaí."

Tá an tAontas i bpócaí na mbanc. Bun agus barr an scéil.

D'fhéadfá mionphointí a dhéanamh: An caidreamh polaitíochta idir rialtais agus lucht gaimbín. (Mar a mhaíonn Panitch sa bhfíseán "Eoraip na mBanc" atá ann)
Agus go bhfuil Bruiseáil buartha go dtitfeadh an tóin as an Aontas ar fad má chuirtear caillteanais ar na bainc mhóra Eorpacha etc.

Dá ligfí do chaipitleachas a rialacha a leanúint, mar a mhíníonn tú é thuas, ní bheidh mar thoradh air ach na caipitlithe a scriosadh. (Tá sé mar an gcéanna don thimpeallacht agus don chine dhaonna féin). Níl sé i gcumas an chórais a fhadhbanna féin a réiteach, ní foláir an fhadhb a bhogadh.

Dubhaltach said...

"B'fhiú éisteacht leis sin, cé nach raibh aon rud nua ann."

N'fheadar cad atá á rá agaibh thall ach níl éinne anseo ag plé loiceadh mar ghníomh ceannródaíochta chun Eoraip a mhúscailt as a bhraighdeanas leis na bainc. Níl éinne ag caint faoi loiceadh seo agus náisiúnú na mbac i gceart .i. an banc a athrú chuig fóntas poiblí náisiúnta faoi smacht iomlán daonlathach agus a d'fheidhmeodh ar son an phobail seachas infheisteoirí agus brabús príobháideach. Agus níl éinne ag caint go hoscailte faoi clár oibre na gceardchumainn agus a ndrogall stailc náisiúnta agus easumhlaíocht shibhialta a eagrú nó a éileamh.
Níl éinne ag caint faoi bhriseadh suas an Aontais ionas go mbeadh sé ag feidhmiú ar bhealach sóisialach chun géarchéimeanna, cosúil leis an gceann seo, a sheachaint amach anseo.

Níl éinne anseo (sna meáin) nach bhfuil ag cur locht ar lucht oibre na tíre as ucht a leas sóisialta agus a dteacht isteach ón obair a dhéanann siad. Níl éinne anseo ag caint faoin neamhionannas sóisialta agus eacnamaíochta atá ag fás go rábach sa tír.

Dubhaltach said...

Ó, agus níl éinne ag caint nó ag plé an gá le geilleagar nua ar fad.
Níl uainn, de réir dealraimh, ach na seanlaethanta roimh an cliseadh ach le níos mó rialúcháin!

(is mian linn an ghéarchéim chéanna a tharlú amach anseo an dtuigeann tú)

Bheadh a lán rudaí nua ann le cloisteáil ag an Éireannach ar aon nós.

Dubhaltach said...

@ Ormondo.

Tá freagra níos cuimsithí do d'argóint ar fáil anseo.