Dé Máirt, Deireadh Fómhair 12, 2010

M2010.10.09

Tá seanduine a chónaíonn sa Rinn i mBaile Átha Cliath a fheicim go han-mhinic. Rómhinic!
Bíonn sé ag siúl lena bhean chéile go dtí, nó ó, Aifrinn mar shampla. Nó ag dul síos go dtí an siopa áitiúil le haghaidh bosca tae etc.
Níl aon rud ar leith faoi.
Seachas go mbíonn sé ag caitheamh eascainí ciníocha i dtreo aon eachtrannach mí-ámharach a tharlaíonns a bheith i scread asail don sheanbhiogóid amaideach ag an am.
Bogann a sheanbhean chéile bhocht ar aghaidh go ciúin socair é gan focal a rá, amhail is go raibh sé ar tí éirí foréigneach, fiú gan cumas foréigin a bheith ann.
"Na ******* **** siúd thall anseo agus gan post ag na daoine áitiúla" a bheadh sé ag rá, i measc rudaí eile. Níl liosta beacht déanta agam.

Is cuimhin liom an chéad uair a chuala mé é.
Bhíos béaloscailte le hiontas agus náire go bhféadfadh a leithéid d'eascainí teacht as daideo. Bhí náire orm go raibh cailín Áiseach in aice liom ag trasna an bhóthair ag an am céanna freisin. Níor thug sí aon aird de. Easpa Béarla, nó taithí na mblianta de chiníochas is cúis leis an neamhaird iomlán, nó an dá rud is dóigh.
Níor dhúirt mé faic leis an seanfhear i leith a iompair riamh. Theip agus teipeann orm focail a aimsiú a dhéanfadh aon mhaitheas.

Smaoinigh mé faoin seanfocair ar maidin ag léamh an ailt sin atá ar Nuacht24 agus san Indo. "Ardú ar líon na n-oibrithe eachtrannacha"
.i. Tá na mion-bhuirgéisigh ag iompórtáil na mílte oibrí sclábhaí ó taobh amuigh den Aontas Eorpach chun sclábhaíocht ar a son. Tá an méid seo at titim amach le linn cúlú spealadh ollmhór ina bhfuil gá ag 450,000 oibrithe sa tír (tá suas le 60,000 + easpórtáilte cheana) le post a thugann pá.
Mura raibh a dhóthain leithscéil aige roimhe a bheith ag eascainí bheadh sé aige anois.

Agus leis an fhírinne a dhéanamh ní uaibh amháin a chuala mé an t-aon chaint frith-eachtrannach le cúpla mí anuas. Feictear domsa nach bhfuil ann ach go bhfuil sé toilteanach, nó ceanndána go leor, scairt amach os ard cad atá sé, agus an-chuid daoine eile, ag smaoineamh.
Anois ní mór dom a rá go dtuigim buairt agus fearg na ndaoine seo, cairde liom, a bhíonn ag tabhairt amach maidir le cad atá ag titim amach ó thaobh dífhostaíochta de.
Má fheictear duine ón iasacht ag fáil poist luíonn sé le ciall éigin, agus le nádúr an duine, locht a chur ar an oibrí a bhfuil in iomaíocht leis chun an post sin a fháil.

Monuar sin fearg an-thábhachtach imithe amú.
Ní luíonn locht an easpa post, agus na sclábhaíochta, agus na buartha eacnamaíochta, agus na hiarrtha déirce, agus an náire shóisialta le sclábhaithe pá eile, bídís sclábhaithe pá ón iasacht nó ón bhaile béal dorais.
Luíonn an locht ar fad leis an gcóras a thugann cumhacht d'aicme amháin a sclábhaithe pá (aicme oibre) a roghnú, nó "a iompórtáil", bunaithe ar a gcumas an sclábhaí sin a dhúshaothrú le haghaidh brabúis príobháideach níos fearr, bíodh sin trí phá níos ísle, uaireanta oibre níos faide nó cosc ar cheardchumainn (coinníollacha oibre) etc.

Dá gcloisfinn Seanduine na Rinne (Tá dán díreach ann déarfainn!!) ag eascainí faoi chóras agus thíorántacht lucht caipitil a ligeann dóibh bheith ag iompórtáil sclábhaithe isteach sa tír chun iad a dhúshaothrú níos déine, cosúil lena mbráithre Éireannacha, bheannóinn dó agus chroithfinn lámh leis.
Faraor ní tharlóidh sé sin. Tá sé, agus an-chuid eile sa tír, dall ar an bhfíor-fhadhb .i. an córas caiptileach. Mar sin tá a bhfearg dírithe i dtreo oibrithe eile.

Mar fhocal scoir:
Sílim go raibh sé spéisúil nach raibh neart ag an nuachtán buirgéiseach, an Indo, ach a rá an méid seo a leanas san alt: "In recent years, Irish workers have been rejecting the lowest-paid jobs, although this may change as the labour market continues to worsen."
Le cur in iúl mar leithscéal éigin, ar bhealach, nach raibh na mion-bhuirgéisigh a iompórtáil isteach na hoibrithe in ann teacht ar Éireannaigh a bheadh toilteanach an obair a dhéanamh.
Agus seo tír ina mbíonn na mílte mílte oibrí sár-oilte, oilte is neamhoilte ag cur isteach le haghaidh post i sceallóglanna i dTír Chonaill, nó le haghaidh seachtain amháin oibre ag bailiú gloiní le linn rásaí na Gaillimhe mar dhá shampla amháin!

8 comments:

Dennis King said...

Irish workers have been rejecting the lowest-paid jobs

Nach bhfuil sin fíor? Tá sé fíor abhus anseo. Níl Meiriceánaigh a rugadh is a tógadh sa tír seo sásta úlla is sméara is torthaí eile a bhaint. Tá daoine a thagann isteach ó Mheicsiceo lán-sásta - thar a bheith sásta! - an obair seo a dhéanamh. Ach ní dhéanfaidh a gcuid páistí féin, a rugadh is a tógadh anseo, an obair chéanna agus iad fásta.

Dubhaltach said...

Is cinnte go raibh roinnt den fhírinne sa ráiteas sin le linn an bhorrtha. Chuaigh a lán Éireannach go dtí coláiste tríú leibhéal agus lean siad orthu sa ghairm a roghnaigh siad.
Mheall na hionad tógála a lán oibrí, leis, toisc go raibh a lán airgid le saothrú sa bhoilgeog tithíochta!

Ach d'imigh sin agus tháinig seo.

Tá cách ar thóir poist inniu. Is cuma cén sórt! Aon rud a íocann airgead.
Tá go leor cásanna againne ina bhfuil ailtirí, innealtóirí, dlíodóirí etc ag cur isteach ar phost i scealloglanna etc. Ní rud mór é a thuilleadh.

Ná bac leis na mílte tógálaí is eile atá ar thóir oibre ar na báid, sna feirmeacha agus sna hóstáin, bialanna etc.

Dennis King said...

Léigh mé, beagnach bliain ó shin, faoi fheirimeoir i ndeisceart na Spáinne a bhí i sáinn. Bhí na daoine áitiúla ag lorg oibre, agus bhí siad sásta (faoi dheireadh) a chuid súnna talún a bhaint. Ach bhí meitheal aige cheana féin, daoine ón Afraic a tháinig chuile bhliain, a bhí sásta an obair a dhéanamh agus a bhí oilte uirthi. (Níl sé chomh héasca sin obair mar sin a dhéanamh i gceart agus go sciobtha!) Bhí stair aige leo agus vice versa. Bhraith siad ar a chéile. Ní raibh sé sásta bata is bóthar a thabhairt dóibh, agus tuigim dó.

Dubhaltach said...

Féar plé don fheirmeoir sin. Ceart aige.

Go bhfios dom tá na cásanna in Éirinn ag plé le poist nua. Nó measartha nua.
Déarfainn, leis, nach mbeadh gá le mórán taighde le fáil amach go raibh duine sa phost sin roimhe agus ar phá níos airde ná mar atá á thabhairt don oibrí inniu.

Ní inimirce atáim chuige i ndáiríre sa bhlagmhír seo ach dúshaothrú lucht caipitil ar lucht oibre.

grá faoi ghruaim said...

Tá cara liom agus dúirt a comhlacht léi nach raibh an t-airgead ann a thuilleadh dá post.

Tar éis dí imeacht chonaic sí fógrá i FÁS d'intern. A seanphost a bhí ach ní bheadh orthu aon duine a íocadh

Dubhaltach said...

Tá an scéim sin atá á reáchtáil ag Fás dochreidte!
Sclábhaíocht gan pá amach is amach atá i gceist.
Scríobh mé faoi seo cúpla mí ó shin. Agus is iomaí scéal a tháinig amach faoi freisin, cosúil le ceann do chara. Fós níor thóg aon nuachtán an scéal suas, ach, níor chóir go mbeadh iontas orainn ar ndóigh faoi sin.

Míshásta said...

Nach raibh dífhostaíocht ann riamh sa Bhreatain agus sna Stáit agus daoine sna tíortha úd ag gearán mar gheall ar na sluaite Éireannach a bhí ag teacht agus iad breá sásta obair ar phá íseal?

Cén difir?

Dubhaltach said...

Cén difir?
Is dócha go bhféadfaí a rá nach raibh an leibhéal céanna dífhostaíochta le feiceáil mar a fheictear in Éirinn inniu. 500,000 gan post nó gan post lánaimseartha. Sin as daonra oibrithe de 2 milliúin.
Chomh maith leis sin ó mo léamh den alt is léir go bhfuil na gaimbíní "ag iompórtáil" na n-oibrithe saor seo. Go bhfios dom níor tharla sé sin sna Stáit nó sa Bhreatain.

Ach lasmuigh den dhá phointe suaracha thuas níl difríocht ar bith eatarthu. Tá na sclábhaithe is saoire ag teastáil ag lucht caipitil, ionas go bhféadaidís breisluach níos mó a bhaint amach as a gcuid oibre. Agus mar sin brabús príobháideach níos fearr.
Agus sin an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.