Dé Máirt, Samhain 16, 2010

M2010.11.10

Bhí mé ag éirí paranóideach inniu, nuair a bhíos sa bhanc i nDumhach Thrá níos luaithe chonaic mé bainisteoir an bhainc ag amharc ar an scuaine agus cuma eaglach buartha air!
Cheap mé, ag breathnú air, go raibh sé buartha faoi dhaoine ag tógáil airgid amach le cur i mbainc eile, cinn níos sábháilte! Tá a bhanc dócmhainneach, go huile is go hiomlán, a smaoinigh mé liom féin, cén fáth nach mbeadh a leithéid ag tarlú?!
An raibh eolas sa bhreis aigesean nach raibh agamsa a bhí mar ábhar buartha dó? a cheistigh mé.
B'fhéidir go bhfuil an ceart ag mo chairde a gcuid coigiltis a bhogadh amach as na bainc Éireannacha chun bainc eachtrannacha? Na cinn siúd le grádú níos fearr a chinntíonn sábháilteacht níos fearr an dtuigeann tú.
An bhfuil an rith ciúin sin ag tarlú sna bainc agus ag bailiú nirt mar a mhaíonn roinnt tráchtairí eacnamaíochta?
An bhfuil coigilteas Brian "an tírghráthóir" Lenihan i mbanc Éireannach fós?

Chuir mé as m'aigne é.
Tá cosaint Eorpach ar fáil do choigiltis chustaiméirí suas go dtí €100,000.
Sin mise clúdaithe gan amhras! Ach is mar gheall ar amhras mar seo a tharlaíonn rith ar na bainc.

Chomh maith leis sin tá cúrsaí na tíre le cúpla lá anuas ag spreagadh an-chuid amhrais i measc an phobail.
An bhfuil na bainc le thrust lenár gcuid coigiltis?
An bhféadfaí brath ar an IMF ó thaobh na bainc agus coigiltis?
Agus arís, agus arís eile, déanann Fianna Fáil cinnte de nár chóir dúinn muinín ar bith a bheith againn astu. Ag síor-séanadh agus ag bréagadóireacht le linn an deireadh seachtaine nach raibh cainteanna ag dul ar aghaidh faoi bheart tarrthála eatarthu féin agus an Banc Ceannas Eorpach/IMF, nuair a bhí sé soiléir ó thuairiscí sna meáin eachtrannacha go raibh. Ba é an radharc de Bhert agus Ernie .i. an tAire Iompair agus an tAire Dlí is Cirt, ag bréagadóireacht go scigiúil ceanndána inné, ba é ceann de na rudaí is dímheasúla a bhfaca mé ó thosaigh an ghéarchéim caipitleachais seo.

Agus sin é, sin an rud is tábhachtaí le cuimhneamh i gcónaí .i. seo géarchéim chaipitleachais.
Is cuma cé chomh dímheasúil agus ar mire a éiríonn Fianna Fáil/an AE ina láimhseáil den ghéarchéim áirithe seo, caithfear cuimhneamh, mar chaipitlithe maithe ní foláir dóibh na fadhbanna a chruthaíonn an córas caipitleachais a bhogadh go dtí an pobal.
Mar ní féidir le caipitleachas a fhadhbanna féin a réiteach gan an córas a scriosadh.
Ní fiú a bheith ag caint faoi athrú rialtais, cultúir agus bunaíocht bhaincéireachta mar réiteach ár bhfadhbanna. Chomh fada agus a mhaireann an galar mairfidh a thinnis.

Rugadh is tógadh i ngéarchéim chaipitleachais mé, mairfidh mé trí ghéarchéimeanna caipitleachais, agus gheobhaidh mé bás le linn géarchéime caipitleachais.

5 comments:

Anonymous said...

Cinnte, baol agus diomailt chun an bhun, brabúis agus sciar den mhargadh chun an bharr. Ach fulaingíonn na caipitlithe fosta mar gheall ar ghanntanas ceannaithe. Buann an stát agus is cuntasóir an caipitlí, ach is sclábhaí na daoiní.

Dubhaltach said...

"fulaingíonn na caipitlithe fosta mar gheall ar ghanntanas ceannaithe"

Is ea, carnadh caipitil le haghaidh mionlach. Sin ceann des na bunchlocha faoin gcóras a chinntíonn géarchéim.

Mise Áine said...

@'an tAire Iompair agus an tAire Dlí is Cirt, ag bréagadóireacht go scigiúil ceanndána arú inné ceann de na rudaí is dímheasúla a bhfaca mé ó thosaigh an ghéarchéim caipitleachais seo'

Cheap mé féin go raibh neamhchinnteacht le brath ar iompar na beirte, caithfidh mé a rá, a Dhubhaltaigh, amhail is da mba rud é nár chreid siad féin, fiú, an méid a bhí á rá acu.

@ ' An bhfuil coigilteas Brian "an tírghráthóir" Lenihan i mban(i)c Éireannacha fós?'

B'fhéidir go bhfuil sé sa mbanc céanna le banc Bhertie...:-)

Creid é nó ná creid, sé an 'Word Verification' don trácht seo ná 'sucks' - an gá a thuilleadh a rá!

Dubhaltach said...

Caithfidh mé a rá nár bhraith mé neamhchinnteacht ar bith!
Thuig siad go díreach cad a bhí ag tarlú.
Bhraith mé uathu meon drochbhéasach ceanndána féinleasach ó dhuine borb mímhúinte aineolach.

Dubhaltach said...

"Creid é nó ná creid, sé an 'Word Verification' don trácht seo ná 'sucks' - an gá a thuilleadh a rá!"

Ní gá.
Tá cúrsaí chomh dona anois, agus níl sé ach ina thús...