Dé Máirt, Samhain 09, 2010

M2010.11.04

Bhí giolla Mhick O'Leary ag iarraidh a bheith greannmhar ar an raidió tráthnóna, ag cosaint fógra nua Rianaer a dhéanann scig ar Neil Prendeville, agus eisean ag tarraingt ar a easpag os comhair lucht an chábáin le linn turas ó Londain ar eitilt Aerloingeas.

Ní mó ná sásta a bhí urlabhraí ó Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath leis an gcacamas. Ní mar gheall ar an ábhar is dóigh, ach go bhfuil stáisiún raidió ag tabhairt an méid sin bolscaireachta do sheafóid dá leithéid ag an am céanna is atá méadú mór ar líon na ndaoine á n-éigniú i mBaile Átha Cliath amháin. "Tá cúrsaí is ceisteanna níos tábhachtaí agus tromchúisí le plé", agus an ceart aici.
De réir na staitisticí a luaigh sí bhí méadú ar ionsaithe gnéasacha timpeall na cathrach le dhá bhliain anuas. Agus dúirt sí go bhfuil níos mó foréigin le feiceáil sna hionsaithe seo ná mar a bhíodh! Dá bhféadfadh gníomh níos foréigní a dhéanamh!

Scanrúil ar fad.
Agus chuir sí staitistic eile i gcuimhne domh a chuala mé ar na mallaibh freisin.
Is é sin go bhfuil, anois, de réir an taighde is nuaí, foréigean le feiceáil i 90% den phornagrafaíocht atá ar fáil ar an idirlíon!

90%!
Caithfear go bhfuil gaol idir chúlú eacnamaíochta, mhéadú ar úsáid porn ar an idirlíon, normalú pornagrafaíochta i measc daoine óga agus an fhíric go bhfuil foréigean á úsáid mar ghnáthchleachtas i ngeas ag lucht porn....

15 comments:

aonghus said...

Is é an rud toirmiscthe an tarraingt le porn agus a leithéidí; agus tá sé léirithe le fada go dtarraingítear duine a bhaineann feidhm as i dtreo nithe níos cruaí de réir a chéile. Sa bhreis ar sin, is beag rud a bhfuil toirmeasc air anois i réimse na collaíochta. Fainne fí baolach.

Mar an gcéanna leis na hionsaithe; agus is dócha freisin go bhfuil nasc ann idir an easpa dóchais agus méadú ar ghníomhartha táire.

Dubhaltach said...

Bíonn tóir ar an rud toirmiscthe i gcónaí. Ach n'fheadar an dtiteann porn faoin sainmhíniú áirithe sin.
Tá fir ag breathnú ar mná lomnocht le cuimhne na gcat, agus ar an mórchóir is rud soineanta neamhurchóideach é.
Ní aontaím leis an eaglais gur peaca marfach é.

Is éard is cúis le m'imníse ná an chaoi a bhfuil méadú ar phornagrafaíocht hardcore agus dá bharr sin an ionannú ollmhór de ghnéas le foréigean!

aonghus said...

Bhuel, sílimse go bhfuil an méid a deir an Eaglais maidir le seo stuama

Altanna eile anseo agus anseo

Gníomh foréigin is ea amharc ar dhuine mar rud: tá sin i gceist beagnach i gcónaí le pornagrafaíocht.

Dubhaltach said...

"Gníomh foréigin is ea amharc ar dhuine mar rud"

Breathnaíonn an caipitlí ar an dhuine mar rud, mar "tráchtearra" le ceannach agus díol.
Breathnaíonn sé ar gach ní ar domhan mar tráchtearra. An foréigean é sin?

aonghus said...

Má táthar ag reic duine, is foréigin é.

Foréigin atá ann, mar shampla, nuair a chuirtear fir isteach i mianach gan cúram ceart a dhéanamh dá sláinte agus sábháilteacht.

Ní ghéillim áfach gur mar sin a amharcann gach caipitlí ar dhaoine - cé go bhfuil barraíocht daoine a níonn sin.

aonghus said...

Ó ag caint ar theagasc na hEaglaise muid, ní mór a cheart a thabhairt do dhínit gach duine.

Dubhaltach said...

"Ní ghéillim áfach gur mar sin a amharcann gach caipitlí ar dhaoine"

Aontaím, ach is dóigh go mbreathnaítear an córas, nó an idé-eolaíocht ar an duine sna téarmaí sin.
Is é sin le rá caithfear duine é féin a dhíol -a chumas oibre- le lucht caipitil chun airgead a fháil agus riachtanais an tsaoil a cheannach.
Ceannaíonn lucht caipitil an lucht oibre chun iad a shaothrú ar thóir carnadh caipitil. Mura bhfuilid in ann caipiteal a charnadh a thuilleadh faightear réidh le lucht oibre.

Cá bhfuil dínit an dhuine?

aonghus said...

Sin an chúis go bhfuilimse ar son bealach idir Charbydis an chaipitleachas ámh agus Scylla deachtóireacht an lucht oibre.

Dubhaltach said...

Sin ocsamórón den chéad scoth!

aonghus said...

ocsamórón?

Ní hea, ambaist.

Dubhaltach said...

Is dóigh go mbraitheann sé sin ar do chur síos ar "chaipitleachas ámh".

Déarfadh an Marxach leat go mbeadh gá, i ndiaidh réabhlóid an chórais ag an lucht oibre, go mbeadh gá le tréimhse ina maireann cúinsí áirithe ó chaipitleachas, ar an mbóthar casta chun sóisialachais.

aonghus said...

An sainmhíniú a bheadh agam ná an "saormhargadh" gan srian ar bith; an lámh láidir bunaithe ar maoin amháin. Ní a dhath le roghnú idir lámh láidir na maoinlathaigh agus lámh láidir na happaratscniks.

Agus lámh láidir an pháirtí an toradh a bhí ar aon iarracht deachtóireacht an lucht oibre a chuir i gcrích.

Deachtóireacht deachtóireacht.

Dubhaltach said...

Ach d'fhágfadh sin deachtóireacht an tsaormhargaidh i bhfeidhm, agus an gá le carnadh caipitil, córas an bhrabaigh, scriosadh timpeallachta, gorta agus cogaidh!

aonghus said...

Cén cuid de "bhealach idir" atá doiléir?

Ní fheidhmíonn sóisialacha íon, ná caipitleachas íon. Táimid sa bhfaopach anois toisc go ndeachaigh ár Rialtas i mbannaí do choirpigh agus pleidhcí. Ach rinne siad margadh, faoi rialacha, agus is beag dul as atá againn ach seasamh leis an margadh, nó iarracht a dhéanamh margadh níos fearr a dhéanamh.

Níl ciall le "níl muid chun sibh a aisíoc, ach ar mhiste libh breis airgid a thabhairt dúinn. Íocfaidh muid é sin ar ais cinnte..."

Dubhaltach said...

Táimid sa bhfaopach anois de bharr na ngéarchéimeanna a rialaíonn an córas.
Seo an fhadhb le carnadh caipitil a chruthaíonn géarchéimeanna, ní aontaím leis an rialtas nó maorlathaigh neamhthofa an AE, ach cén rogha a bhí acu mar chaipitlithe maithe más mian leo an córas a choinneáil ar an mbóthar?
Faic, ní foláir an fhadhb a bhogadh chun cliseadh iomlán a sheachaint, sa chás bogadh an fhadhb orainne.

Fiacha na mbanc Gearmánacha, go príomha, a bhogadh go dtí na hÉireannaigh.

Ní fiú a bheith ag cáineadh rialtais amháin, agus a bheith ag déanamh neamhaird de dheachtóireacht na margaí.

"Cén cuid de "bhealach idir" atá doiléir?"

Níl aon rud doiléir, ach ní aontaím gur féidir geilleagar a reáchtáil le daonlathas díreach (deachtóireacht an lucht oibre)/an eacnamaíocht phleanáilte le córas an tsaormhargaidh nach dtuigeann ach brabús.