Dé hAoine, Samhain 26, 2010

M2010.11.23

11 comments:

aonghus said...

Míchruinn:

22.1 % de 56.1 % atá i gceist.

Níl ansin ach 12%: Sa mhullach ar sin, níl gach duine ina thoghthóir.


Agus nach gciallaíonn sé go bhfuil ag teip chuir ina luí ar sciar suntasach daoine nach iad na fixers na polaiteoirí is fearr?

Dubhaltach said...

Ceart agat, ach má thógtar an 56.1% sin mar 100% de na toghthóirí atá toilteanach vóta a chaitheamh agus a ndualgas daonlathach a chomhlíonadh tá sé cruinn.

Caithfear a bheith i do bhraindead zombaí vóta a chaitheamh do pháirtí, nó iarrthóir ar bith ón bpáirtí sin, a rinn scrios don tír seo agus atá soiléir do chách anseo agus timpeall an domhain, agus nach mbeadh i gcumhacht i gceann cúpla mí....is cuma cad a ghealltar duit mar zombaí gan chiall.

Agus ar ndóigh níl ann ach magadh ag deireadh na Dála...

aonghus said...

ag deireadh na Dála

Nára fada uainn é!

Tá sé baolach áfach magadh a dhéanamh faoi daoine a roghnaíonn páirtí nach n-aontaíonn tú leo; B'fhearr i bhfad tuiscint cad chuige.

Ní airm maith sa pholaitíocht ar tarcaisne: féach an borradh faoi Pháirtí an Tae thall.

Dubhaltach said...

Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil tuiscint agam cad chuige: iliomad cúiseanna ó dhílseacht don "PÁIRTÍ" go dtí soineantacht agus aineolas an vótálaí .i. an vótálaí is fearr i súile an PHÁIRTÍ.

Tá borradh faoin Lucht Tae thall toisc go bhfuilid ag líonadh an fholúis, agus ag tapú an deis, a chruthaíonn córas polaitíochta gan idirdhealú idir an dá pháirtí móra.

Cabhraíonn sé freisin go bhfuil lucht ionnúis mar thacaíocht agat freisin.
Ní faisisteachas go dtí é.

aonghus said...

Ní cheart neamhaird a dhéanamh den chantal freisin: "deir Lucht BÁC go bhfuil muid dúr toisc go bhfuil muid dílis don bpáirtí, bhuel, beimid. Cé hiad siúd pé scéal é?"

(Cuir "scoth-aicme an chósta thoir" isteach agus feileann sé thall agus abhus!)

John said...

...ag éirí ruainín beag éadóchasach tar éis an tortha sin a léamh...

Dubhaltach said...

"deir Lucht BÁC go bhfuil muid dúr toisc go bhfuil muid dílis don bpáirtí, bhuel, beimid. Cé hiad siúd pé scéal é?"

N'fheadar an bhfuil an ghné sin chomh lárnach ina smaointeoireacht. Níl aon taighde agam mar chruthúnas seachas go bhfuil aithne agam ar go leor leor daoine ón Iarthuaisceart. Daoine a vótáil ar son Fhianna Fáil i gcónaí, agus a deir anois nach dtabharfaidís teas a gcaca dóibh am olltoghcháin.
Ní chreidim go smaoiníonn na hÉireannaigh sa chaoi chéanna a ndéanann an Poncán ó thaobh "scoth-aicme an Oirthir"

Dubhaltach said...

"ag éirí ruainín beag éadóchasach tar éis an tortha sin a léamh..."

Is dóigh nach bhfuil aon rud nua anseo, thaispeáin na pobalbhreitheanna náisiúnta go léir go bhfuil Fianna Fáil measartha seasmhach ag tuairim is 20%.
Is é sin le rá tá 20% de dhaonra vótála na tíre a bheas toilteanach vóta a chaitheamh ar son Fhianna Fáil is cuma cad a tharlaíonn.

Feictear dúinn anois go bhfuil Dún na nGall ag leanúint na dtorthaí sin.

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Déarfadh roinnt daoine eile go bhfuil 40% de mhuintir an Dáilcheantair ina zombaithe as vóta a chaitheamh do Shinn Féin!!
Ní lia duine ná tuairim.

Cé nach raibh mé féin i measc an 22.1% atá i gceist agat, caithfidh mé a rá go gcuireann an focal 'zombie' isteach orm rud beag. Tá aithne agam ar go leor a chaith vóta do Bhrian Ó Domhnaill an babta seo ar chúiseanna éagsúla. Tá aithne mhaith agam féin air agus rith sé liom cúpla uair go vótálfainn dó ar son an chairdis. Ní shílim go gcuidíonn sé le plé réasúnta focal ar nós 'zombie' a úsáid i dtaobh daoine atá ar mhalairt tuairime.

Mise Áine said...

@ 'Ní shílim go gcuidíonn sé le plé réasúnta focal ar nós 'zombie' a úsáid i dtaobh daoine atá ar mhalairt tuairime'

Rith an smaoineamh sin liomsa, freisin, a Phroinsias. Ach, mar a dúirt tú, ní lia duine ná tuairim.

Dubhaltach said...

Ní raibh mé ag iarraidh plé réasúnta a dhéanamh a Phroinsias.