Déardaoin, Samhain 25, 2010

M2010.11.21


Agallamh spéisúil le Slavoj Zizek thuas. Smaointeoir cumasach atá ann, mar sin mholfainn éisteacht leis, fiú mar ábhar machnaimh amháin.
Luaigh mé a leabhar anseo 2 mhí ó shin. Níl sé críochnaithe agam fós!
Tá sé an-throm agus leadránach in áiteanna, an iomarca plé faoi fhealsúnach na hEorpa. Murab ionann agus an t-agallamh thuas, ní mholfainn é i ndáiríre.

Má tá an fonn ort i ndiaidh sin tá blast ón phast iontach le fáil ar an Story. Ar fheabhas.

10 comments:

Dennis King said...

An-bhleaist go deo!!!

Dubhaltach said...

:) "Bleaist"

Cruthúnas maith atá sa dhá fhíseán sin go raibh daoine, chomh fada siar agus 1998, ag caint faoi bhaol chliseadh eacnamaíochta de bharr polasaithe eacnamaíochta an rialtais Fhiannafáiligh.

Anonymous said...

Tá sé an-spéisiúil go deimhin. Ní shílim go bhfuil an réiteach aige. Títhear domh go dtugann sé leid fán choincheap oilc sistéamach atá pléite anseo. Molaim La Technique ou l'Enjeu du Siècle le Jacques Ellul (Béarla: The Technological Society) fosta. D’aithin Ellul trí fhéidearthacht amach anseo: 1) Cogadh ginearálta a ndeánfadh an scrios an cine daonna de leibhéal roimh theicneolaíocht. 2) Faigheann an cine daonna fios a chruacháis agus dearbhaíonn sé go bhfuil sé saor. 3) Níonn Dia idirghabháil.

Dar liomsa, molann Žižek dada úr. Molaim Dáileachas. Toisigh anseo agus anseo.

ormondo said...

Is suimiúil an t-anailísí é Slavoj Zizek.

Dubhaltach said...

a Sheáin, ón nasc don PDF a chuir tú suas tá an chéad líne seo a leanas ann:
"in the hands of a few owners (Capitalism) or in the hands of state bureaucrats (Socialism)."

Ní sóisialachas é sin!
Ná baol air!

N'fheadar cé a chur an téacs sin le chéile ach is léir nach bhfuil an tuiscint is bunúsaí acu ar cad is sóisialachas ann.

"Caipitleachas stáit" atá ann más rud é go bhfuil na meáin táirgeachta i seilbh stáit agus mhaorlathach amháin .i. APSS

Ná déan ionannú idir shóisialachas agus thurgnamh na Rúise toisc go ndeirtear leat gurb é atá ann. Foghlaim faoi tú féin.

Ar ais chuig na naisc a thug tú, go raibh maith agat, ach sílim féin gur seafóid atá i dáileachas, "Too much capitalism does not mean too many capitalists, but too few capitalists."

Fágann "dáileachas" seilbh na meán táirgeachta le daoine príobháideacha! ach déanann sé iarracht níos mó de lucht caipitil a chruthú!

Níl ann ach caipitleachas níos déine.

Agus déarfainn féin go bhfuil Slavoj ag moladh rud éigin úr, ós rud é nach bhfuil á mholadh curtha i bhfeidhm.

Dubhaltach said...

"Is suimiúil an t-anailísí é Slavoj Zizek."

Cinnte, ach is féidir leis a lán seafóide a rá freisin.

Is maith liom a anailís ar chúrsaí cultúrtha
http://www.youtube.com/watch?v=pbgrwNP_gYE

Anonymous said...

"in the hands of a few ownersCapitalism) or in the hands of state bureaucrats (Socialism)." Ní sóisialachas é sin! Ná baol air!

Ceart go leor. B'fhéidir bhfuil sa leabharthaí!

http://en.wikipedia.org/wiki/Actually_existing_capitalism

http://en.wikipedia.org/wiki/Real_socialism

ach sílim féin gur seafóid atá i dáileachas, "Too much capitalism does not mean too many capitalists, but too few capitalists."

Ach nach fíor é seo? Cianmhachnamh cumhachta agus saibhris?

Fágann "dáileachas" seilbh na meán táirgeachta le daoine príobháideacha! ach déanann sé iarracht níos mó de lucht caipitil a chruthú! Níl ann ach caipitleachas níos déine.

Níl. Fágann dáileachas seilbh na meán táirgeachta le daoine príobháideacha faoi údarás an stáit a chuireann chun cinn ceartas dáileach agus ceartas ceartaitheach. I gcomórtas le sóisialachas agus le caipitleachas, tá dáileadh leathan réadmhaoine ann, mar shampla, anseo.

Dubhaltach said...

"I gcomórtas le sóisialachas agus le caipitleachas, tá dáileadh leathan réadmhaoine ann"

Tá tú ag ionannú sóisialachas le cad a tharla sa USSR arís. Botún atá ann.

Agus ón sampla tugtha agat, sin sóisialachas amach is amach .i. an ionad oibre faoi smacht daonlathach .i. comharchumann oibrithe!
Ach cheap mé go raibh dáileachas in aghaidh caipiteal faoi smacht oibrithe a úsáideann é!
Nó an bhfuil breall ollmhór ar lucht dáileachais a chreideann nach bhfuil cead ag duine maoin phríobháideach a bheith aige faoi sóisialachas.

Táim ag ceapadh go bhfuil dearcadh agat ar shóisialachas atá casta mar gheall ar an ndearcadh atá ag bhur meáin air! .i. Cumannachas Rúiseach

Ach más ionann "dáileachas" agus focal nua ar shóisialachas táim ar a shon go dtí pointe.
Ach ar léamh tapa den iontráil Viki feicim an iomarca botúin ó thaobh thuiscint ar cad is sóisialachas ann.

Anonymous said...

Agus ón sampla tugtha agat, sin sóisialachas amach is amach .i. an ionad oibre faoi smacht daonlathach .i. comharchumann oibrithe!

Nó dáileachas amach is amach! Aontaím leat go bhfuil cosúlachtaí ann lena chéile, ar ndóighe. Tá spéis agam in ordú atá níos mó ná ábharachas (ábhair os cionn daoiní), níos mó ná an duine mar fiacail sa mheaisín (laghdaítear saothar go tráchtearra), níos mó ná saolré eacnamaíoch amháin (imeallú gnéithe spioradálta agus reiligiúnda leis an duine). Má aontaíonn muid lena chéile orthu sin, maith thú agus go n-éirí leat.

Dubhaltach said...

Aontaím go huile is go hiomlán leat a chara, gura fada buan tú.