Dé Céadaoin, Samhain 24, 2010

M2010.11.18

"Seo na tréimhsí ina dtástálann anamacha fear - cloisfidh tú, gan dabht, an-chuid scéalta maidir le cúinse na tíre. Tá bail mhí-ámharach an stáit de thairbhe fealltaigh.
Déanann na saibhre feall ar na daibhre i gcónaí"
Anraí Joy Mac Reachtain, 1798.

4 comments:

Dennis King said...

An ní a bhí ann tráth,
is é a bheidh ann go brách;
an ní a rinneadh cheana,
is é a dhéanfar arís;
mar níl aon ní nua ann
faoi luí na gréine.

Cóheilit 1:9
(an leabhar is ansa liom sa Bhíobla)

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat as sin. Go deas!

(Léann tusa an Bíobla!?)

Fearn said...

Ní thuigeann an sách an seang.


Fearn 1:1

( Monuar ní mise a chum ach amhail cóheilit, ghoid mé é, mar is dual do gach scríobhnóir ) ;-)

Dubhaltach said...

Ar ghoid Cóheilit an seanfhocal?