Dé Máirt, Samhain 23, 2010

M2010.11.17

Bhíos ag lorg analaí le cúpla lá anuas faoi mhuintir na hÉireann ag caint agus ag éirí corraithe mar gheall ar an seans go mbeidh olltoghchán againn go luath san athbhliain.
Theip orm teacht suas le ceann nua cliste.
Ach is breá liom ceann Uí Tuathail inniu: "Having an election after agreeing a four-year deal (leis an IMF/AE) that will shape all key decisions is like debating which brand of condom to buy after you’ve become pregnant"

Mar a dúirt mé ar bhlagmhír John, cad is fiú é?
Tá sé ró-dheireanach a bheith ag súil le hathrú ó na príomhpháirtithe i ndiaidh olltoghcháin. Leanfaidh Fianna Gael ar chúrsaí mar a bhí, agus atá.

Tá rud éigin níos suntasaí ó chosmhuintir na hÉireann ag teastáil.

Más mian linn athrú ní foláir dúinne a thaispeáint go bhfuil muidne réidh rud éigin a dhéanamh chun an t-athrú sin a bhaint amach. Agus ní foláir dúinn a bheith soiléir cén saghas feabhais ba mhaith linn a fheiceáil.
Bhí cúpla moladh maith ag O'Toole cúpla seachtain ó shin; rudaí bunúsacha ag cur cruth níos daonlathaí ar an gcóras daonlathach s'againne, ach gan ag cur as do chaipitleachas sa tír go heacnamaíoch. (Is dócha go bhféadfadh an sóisialaí breathnú ar na moltaí uaidh mar chéim i bhforbairt daonlathais na tíre, bhí moltaí maithe ann faoi dhaonlathú scoileanna áitiúla etc. à la Veiniséala)

Caithfidh muid a thaispeáint go neamhbhalbh nach linne fiacha na mbanc eachtrannacha, tá gá le reifreann ar an mbeart seo ón IMF.
Más mian leis an mBanc Ceannais Eorpach/Coimisiún na hEorpa airgead na n-infheisteoirí siúd a shábháil caithfidh an BCE/CE na bainc siúd a bhfuil ag cruthú na fadhbanna seo dóibh a thógáil ar lámh, agus cosmhuintir na tíre seo a fhágáil as aon bheart tarrthála.
Ní bheidh mar thoradh ón gceangal saorga seo idir na fiacha príobháideacha agus muintir na tíre ach nua-seirfeachas idirnáisiúnta, agus cliseadh níos tromchúisí níos measa sa bhfadtéarma.

Tagaim leis an Tuathalach faoin ollshlógadh atá le reáchtáil ag na Ceardchumainn Dé Sathairn seo.
Ní mór do chách tacú leo.

Is maith liom freisin an chaoi a bhfuil an mórshiúl sin ag críochnú lasmuigh d'Ard Oifig an Phosta.
Fágann sin spás dúinn mar phobal iomlán, ar siúl ó na ceardchumainn, seilbh a fháil ar mhórshiúl eile neamhbheartaithe, síochánta ach le gné láidir easumhlaíochta, chun Tithe an Oireachtais!

Radacú agus forbairt tuisceana le bhur dtoil.

6 comments:

Mise Áine said...

'síochánta ach le gné láidir easumhlaíochta,'

An é do thuairim go bhfanfadh sé síochánta, a Dhubhaltaigh?

Táim den tuairim go bhfuil go leor daoine ar mhaith leo bheith páirteach i mórshiúl mar é ach go bhfuil faitíos orthu roimh na grúpaí sin nach mbíonn chomh 'síochánta', b'fhéidir.

Dubhaltach said...

Cad is síochánta ann dar leat?

Nó neamhshíochánta?

Más mian le lucht agóide suí síos ar bhóthar, nó seilbh a fháil ar oifig rialtais an gníomh neamhshíochánta é sin?

Sin bun agus barr agóidíochta sa tír seo...

Mise Áine said...

Rud ar bith a chuireann aon duine i mbaol, is dócha, a Dhubhaltaigh.

Dubhaltach said...

Má shuíonn agóideoirí ar bhóthar go síochánta, ach go heasumhlaíocht, agus déanann na péas círéibe an cinneadh an agóid síochánta sin a chur faoi chois go foréigneach, ag cur daoine i mbaol, an gcreideann tú gur agóid neamhshíochánta atá ann nó freagra neamhshíochánta do léirsiú síochánta?

Ní chuirfear éinne i mbaol d'aon ghnó. Mar a dúirt mé i mblagmhír thíos le déanaí, ní féidir dul san iomaíocht leis an stát ó thaobh foréigin de.
Luíonn freagracht don mhéid foréigin a bheas le feiceáil ag mórshiúil leis an stát agus a fhreagra dó.

Néidí said...

Tá mise ag dul ar an Satharn ach tá eagla an domhain orm faoi mórshiúl neamhshíochanta - daoine ann díreach chun trioblóid a dhéanamh

Dubhaltach said...

Ná bí buartha faoi, agus má tharlaíonn sé is féidir leat bogadh gan stró go dtí áit níos ciúine.
Tá na dreamanna amhail ULA (An Clé Aontaithe), Daoine roimh Bhrabús, agus na ceardchumainn féin etc etc an-shíochánta.