Dé hAoine, Samhain 19, 2010

M2010.11.15


Ní thaitníonn lucht an phinn dhearg agus ceartaithe gramadaí an Bhéarla le Stephen Fry. Mar is léir ón fhíseán cliste thuas.
Mo léan ach tá trua agam dó ina iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim.... ní féidir a leithéid a sheachaint!

Anois, nílim ag maíomh gur chóir an fhírinne sin a cheilt ón fhear, is é sin le rá gan a chur in iúl dó go bhfuil lucht na Gaeilge, nó mionlach an mhionlaigh sin, ina ndeargcheartaithe gramadaí is fuaimnithe, ach gan an fhírinne áirithe sin a thaispeáint dó sula bhfaigheann sé deis í a bhlaiseadh.

2 comments:

aonghus said...

Go deas.

Anois dá gcuireadh duine éigin leagan mar é ar fáil den méid a dúirt an Cadhnach faoina stór fhocail i bPáipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca

Dubhaltach said...

Sin an-smaoineamh.