Dé hAoine, Samhain 19, 2010

M2010.11.14

Tá dianfhoghlaim romhainn.
Caithfidh muid mar phobal "ealaín na hagóide" a fhoghlaim as an nua arís, agus é a fhoghlaim go tapaidh. Caithfidh muid foghlaim conas an cleachtas agóide a bhfuil muid cleachta leis a athrú, nó a thréigean ar fad fiú. Caithfidh muid droim láimhe a thabhairt don saghas agóidíochta a spreagann an meon "is cuma liom" agus "cad is fiú é".
Is é sin aon agóid atá leagtha amach, reamhphleanálaithe agus bainistithe ag mianta na nGardaí agus an rialtais .i. "is féidir leat agóid a dhéanamh anseo go dtí an áit sin, go ceann 3 uaire agus sin é é" .i. "ní bheidh aon chumhacht agaibh ag an agóid seo chun aon ní a athrú".

Tá gá anois foghlaim faoin easumhlaíocht shibhialta atá go mór in easnamh i sochaí sibhialta.
Ní chiallaíonn an easumhlaíocht seo scriosadh agus foréigean agus anoird go ginearálta. Ní féidir leis an bpobal an lámh in uachtar a fháil ar an rialtas ó thaobh foréigin de. Mar sin ní fiú a bheith ag dul i gcomórtas leo ar an ábhar sin. Agus níl mar thoradh ar úsáid fhoréigin ach agóid a imeallú agus daoine a scanrú roimh agóidíocht amach anseo.

Ní foláir cothromaíocht a aimsiú, saghas idir eatarthu .i. easumhlaíocht shibhialta.
Sin an ealaín atá i gceist.
Caithfidh an agóid a bheith mar ábhar buartha do aon bhunaíocht a bhfuil sé mar aidhm acu sinne a chur faoi chos go heacnamaíoch agus mar sin go polaitiúil agus go sóisialta.
Ciallaíonn sé sin cur le chéile ar scála ollmhór, agus radacú .i. forbairt tuisceana, an phobail faoina chás.

I gcóras daonlathais lag, cosúil lenár gcóras, gan ionchur díreach ag an móramh ar chúrsaí, caithfear úsáid a bhaint as an agóid chun mianta a chur in iúl.
Ní linne fiacha na mbanc agus fadhbanna airgeadais na n-infheisteoirí idirnáisiúnta (bídís bainc eile nó daoine príobháideacha), ní bhaineann aon chonradh a shíníonn Fianna Fáil le lucht caipitil linne ach an oiread. Ní labhraíonn Fianna Fáil ar son mhuintir na hÉireann. Labhraíonn siad ar son a n-infheisteoirí féin agus a n-aicme féin. Ní hionann Éire agus Anglo; nó AIB; nó BOI; nó aon bhanc marbh eile ach an oiread.

Ní foláir dúinn é sin a chur in iúl go dtí go dtuigtear é.

Thaispeáin na hÍoslannaigh dúinn cad is féidir a dhéanamh le gníomh díreach agus
easumhlaíocht shibhialta, sa chás "Icesave" mar shampla.

Más mian leis an mBanc Ceannais Eorpach airgead na n-infheisteoirí siúd a shábháil caithfidh an BCE na bainc a bhfuil ag cruthú na fadhbanna seo dóibh a thógáil ar lámh agus cosmhuintir na hÉireann a fhágáil as an gcothromóid.

Chomh maith leis sin, mar a éilíonn an Cathasach i nGaelscéal inniu:
"Ba cheart dúinn a bheith soiléir cén feabhas eacnamaíochta atá ag teastáil. Ní gar a bheith ag súil le saol an bhrabaigh a thabhairt ar ais. Ní dhéanann an saol sin ach an tine a fhadú aríst agus ábhar an chéad ghéarchéim eile a bhailiú. Seachas a bheith ag iarraidh an scannán a chasadh siar go blianta an Tíogair, agus an chríoch thragóideach chéanna ar an scéal, tá sé in am script eile a scríobh.
Éilíonn doimhne ár gcruacháis geilleagar nua, bunaithe ar leas na ndaoine agus faoina smacht daonlathach. B’fhearr dúinn bogadh sa treo sin ná cosa circe a chur faoin eacNAMAíocht."
N'fheadar mé cad a bhí Ó Móráin ag rámhaille faoi:
"Cé gur chuir Einstein an-spéis i gcúrsaí polaitíochta ní dúirt aon duine go raibh a chuid tuairimí polaitíochta nó eacnamaíochta le feiceáil sa chothromóid chlúiteach a chuir an domhan núicléach ar fáil dúinn"
D'fhág sé polaitíocht agus a dhearcadh polaitíochta as an gcothromóid cinnte! (Fillfidh mé chun príomhthrusta a ailt níos déanaí. Agus cá bhfuil a ardmholadh do NAMA anois?)

Idir an dá linn más mian le héinne dearcadh polaitíochta Einstein a thuiscint bheadh tús maith agat le halt an Chathasaigh.

Nó mar a mhaígh sé ina fhocail fhéin:
"The profit motive, in conjunction with competition among capitalists, is responsible for an instability in the accumulation and utilization of capital which leads to increasingly severe depressions...I am convinced there is only one way to eliminate these grave evils, namely through the establishment of a socialist economy... In such an economy, the means of production are owned by society itself"

3 comments:

Fearn said...

Maith an fear, a Reachtair.

Beidh mé ag dianfhoghlaim ó d'altsa thar an deireadh seachtaine.

Is maith liom go bhfuil tú ag labhairt faoi easumhlaíocht shiabhialta : Seo an t-íonú chuichi.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat a chara, is deas an rud é nuair a thagann duine leat ar rud a chreidtear a bheith tábhachtach.
Go háirithe nuair atá íonú cluiche ag teastáil uaim.

Fearn said...

Dheara, nil caill ort, a mhic