Déardaoin, Samhain 18, 2010

M2010.11.13

N'fheadar an bhfuil na rudaí céanna á gcloisteáil agaibh, ach ar feadh an lae anseo tá daoine thart timpeall orm ar a ngutháin agus ag rith thart ag plé conas is féidir leo aon taisce atá acu i mbainc Éireannacha a thógáil amach!

Táim i ndiaidh a rá le roinnt acu nach féidir coigilteas a chailliúint mar gheall ar an gcosaint ag Coimisiún na hEorpa ar taiscí suas go dtí €100,000. Is cuma. Nílid ag éisteacht. Táid scanraithe. Tá an iomarca le cailliúint. Tá scaoll ar dhaoine toisc gur chuala siad ó amadáin éigin, a bhfuil trust acu orthu, go raibh rith ag tarlú.

Tá an scaoll seo an-chontúirteach. Agus ní féidir liom a chreidiúint an méid scaoill atá le fheiceáil ar dhaoine ciallmhara!
Caithfear an rialtas, agus daoine amhail gobharnóir an Bhainc Cheannais teacht amach le ráiteas soiléir a chuirfeadh an pobal ar a shuaimhneas.

Tharla an rith ar na bainc ag lucht gnó idirnáisiúnta an tseachtain seo caite, ergo an IMF anseo inniu.
Agus anois tá an cuma air go bhfuil rith ag tarlú ar choigiltis an ghnáth-Éireannaigh! Ach ní léir domsa cén sórt scála a bhfuil sé ag tarlú.

5 comments:

coc said...

Táim i ndiaidh a rá le roinnt acu nach féidir coigilteas a chailliúint mar gheall ar an gcosaint ag Coimisiún na hEorpa ar taiscí suas go dtí €100,000.

An bhfuil tú dáiríre? Ní fiú faic focail an rialtais agus a laghad is fiú le focail na mbanc. Gach uair a fhecicim scuainí anois os comhair banc sílim go bhfuil tús leis an rith.

An fhírinne ná, ní fiú gealltanas an rialtais i leith an €100,000 ach amháin sa chás nach ndéantar éileamh air riamh. Chomh luath is a thosaíonn an rith, bhuel, tá an rás rite.

Go bhfeictear domsa, tá'n rith tosaithe cheanna féin - ná bíodh tú ag deireadh an scuaine, más rud é go bhfuil aon airgead agat.

Dár liom, ní fada anois go mbeidh corralito dár gcuid féin againn, chomh luath 's a réitímid ar an fhocal cuí.

Dubhaltach said...

Tagaim leat faoi fhocail na mbanc agus an rialtais araon.
Thug an rialtas cosaint do gach cent rua sna bainc.

Ach táim ag caint faoin gcosaint ó Bhanc Ceannais na hE.....!

An bhfuil do thaisce sa bhanc Éireannach glanta amach?

coc said...

Tá, cé nach raibh mórán againn sa chéad áit. Ach fós féin, b'fhearr liom an cúpla céad euro a bheith agam ná ag Fianna Fáil agus a gcáirde.

Mise Áine said...

@ 'Tá an scaoll seo an-chontúirteach.'

Déanfaidh sé tuilleadh damáiste, gan dabht...

Dubhaltach said...

Níos mó le cloisteáil ó Mhac Uilliam faoi seo anseo.

Níl aon ghá a bheith buartha.