Déardaoin, Samhain 11, 2010

M2010.11.08

Seachtain ó shin cuireadh sraith blagmhíreanna spéisiúla ar Royal Dutch Shell plc.com faoi rúin Naitsíoch na comhlachta ola is gáis Shell.

Thacaigh agus mhaoinigh Shell na Naitsithe le linn amantaí cinniúnacha i bhforbairt an pháirtí, agus go leanúnach i ndiaidh sin. Chonaic siad sna Naitsithe páirtí a bheadh mar tacú dóibh ina mianta seilbh phríobháideach a fháil ar ghoirt ola na Rúise, agus áiteanna eile san Eoraip.
Ar mo chéad léamh de chonacthas dom go raibh Shell ag leanúint loighic an chaipitlí ina iarracht caipiteal a charnadh agus brabús a chinntiú. Más gá cúpla mhilliún duine a mharú chun an sprioc sin a bhaint amach, bhuel, is cuma! "Sin caipitleachas!"
Ní raibh páirtí níos oiriúnaí ar fáil do chomhlacht mhór phríobháideach ná páirtí faisisteach amhail na Naitsithe.
Mar a mhaígh -de réir cosúlachta, más fíor- an faisistí Iodálach tráth "Ba chóir corparáideachas a thabhairt ar fhaisisteachas toisc gurb é atá ann ná an teacht le chéile de chumhacht stáit agus cumhacht chorparáideach".

Ach ní saint amháin a spreag Shell, de réir mhuintir Uí Dhonnabháin bhíodar frith-Sheimíteach freisin!

Is fiú súil a chaitheamh ar an bhlag.

11 comments:

aonghus said...

Bhí an frith-Giúdachas forleathan roimh an Chogadh, ar fud na hEorpa.

Inghlactha, faiseanta fiú.

Agus neadaithe go domhain san Roinn Gnóthaí Eachtracha abhus, monuar. Rud a d'fhág nár ghlac muid le teifigh nuair ba cheart dúinn.

Dubhaltach said...

An cúis é sin peacaí Shell a mhaitheamh?

Fearn said...

Díol spéise, gan dabht, a dhubhaltach, cé nach raibh seans agam gach rud a léamh go fóill.

Níl Aonghus i bhfad ón fhirinne a rá gur dearcadh na linne sin a suas é, cé nach maím ceart é.

Tagaim leat ar do chead léanh duit!

aonghus said...

Ní ionann míniú agus maitheamh.

Dubhaltach said...

Is fíor sin ;)

Fearn said...

Cad tá anseo ach comhlacht ag lí poiliteoirí roimhe agus ina dhiaidh? Nach den chaipitileachas, nó trádáil ar bith, go mbíonn siad ag cuimilt meala le lucht na cumhachta cibé áit a mbíonn siad. Níl capall in éagmais otrigh ná bó in éagmuis bualtrigh.

Frith-Sheimíteachas? Frith-Iúdachas? Ní hionann col a ghlacadh le duine nó daoine, fiú más gan reasún é, nó fábhar a thabhairt do dhuine nó dhaoine thar a chéile agus ídeolaíochta fuatha.

Má ghlacann daoine col liom an féidir liom talamh slán a dhéanamh go bhfuil siad frithÉireannach cionn is gur Éireannach mé?

Dubhaltach said...

"Má ghlacann daoine col liom an féidir liom talamh slán a dhéanamh go bhfuil siad frithÉireannach cionn is gur Éireannach mé?"

Ar ndóigh ní féidir, ach sa chás seo tá fianaise le feiceáil gur dhein Shell gníomh ar a bhiogóideacht.

Sin ráite ní féidir le "comhlacht" seasamh mar sin a thógáil i ndáiríre, is iad na húinéirí is maistrí na comhlachta a stiúir Shell sa treo sin.
Sin ráite freisin, is léir go raibh Shell ag tacú leis an pháirtí Naitsíoch i ngeall ar an bhfuadar a bhí fúthu, an seans maith go mbeidís i gcumhacht (dá bhfaighidís maoiniú maith ó Shell), a seasamh frithChummanach (chuir soiscéal an chumannachais eagla ar chaipitlithe Shell) agus an fhíric go raibh cluas Hitler ag úinéir Shell agus na mianta céanna acu beirt seilbh a fháil ar ola na Rúise.

Seans go raibh Shell ag tabhairt tacaíochta do pháirtithe eile sa Ghearmáin freisin, níl a fhios agam!,
b'fhéidir go rabhadar ag cur raongheallta?
Is é le rá, bhí aigne oscailte acu do gach pháirtí chomh fada agus a bheadh a gclár oibre caipitlíoch comhlíonta. Tharla sé gur tháinig faisisteachas/corparáideachas i gcumhacht. Rud a d'oir go mór dóibh. Ach ní raibh a bpríomhsprioc an Giúdach a chur de dhroim an tsaoil.

Domsa, mar shóisialaigh, ardaíonn an cheist seo, maidir le Shell agus na Naitsithe, níos mó ceisteanna faoin saghas córas daonlathais atá i bhfeidhm agus an chaoi a bhfuil lucht ionnúis in ann stair an chine dhaonna a stiúradh ar son a mbrabúsaíochta fhéin.

Tá macallaí láidir idir na Naitsithe/Shell san Eoraip agus Rialtas Bush/Halliburton san Mheánoirthear

Fearn said...

"...ach sa chás seo tá fianaise le feiceáil gur dhein Shell gníomh ar a bhiogóideacht."

Óicé! An bhfuil tú a rá nach raibh Iúdaigh a fhostú ag Shell Idirnáisiúnta? Shell Gearrmáineach? Ar dhíol siad peirreal le Iúdaigh? Caidé? CAd é an fhianaise?


"...an chaoi a bhfuil lucht ionnúis in ann stair an chine dhaonna a stiúradh ar son a mbrabúsaíochta fhéin..."

Tá sé sin ann agus bhí riamh: Deir an béarla: Money talks.
In 50 RC nuair a bhí Caesar ag tabhairt faoin Bhreatainn, thóg sé báid lena chuid saighdiúirí a thabhart thar an Mhuir nIocht. D'íoc trádálaithe as na costaisí ionnas go bhfaighídis cion den chreach a ghoidfeadh na saighdiúirí.

Mhaoinigh banríon na Spáinne Colomb go bhaiighfeadh sí cion de ór na Talún Nua.


Bhí greim ag airgead ar an saol riamh! Meon an duine stiúrann é de bharr maithe nó de bharr oilc.


Cá bhfagann sin Shell? FrithIúdach? Fearacht an rómhánaigh a thug faoi Iúda agus an tSamáir? FrithIúdach?

Sílim go bhfuil do chuid smaointe in aimhréidh, cé go bhféadfeadh breall a bheith orm.

Dubhaltach said...

Cheap mé go rabhas soiléir!

"chonacthas dom go raibh Shell ag leanúint loighic an chaipitlí ina iarracht caipiteal a charnadh agus brabús a chinntiú. Más gá cúpla mhilliún duine a mharú chun an sprioc sin a bhaint amach, bhuel, is cuma! "Sin caipitleachas!" "

"bhí aigne oscailte acu do gach pháirtí chomh fada agus a bheadh a gclár oibre caipitlíoch comhlíonta. Tharla sé gur tháinig faisisteachas/corparáideachas i gcumhacht. Rud a d'oir go mór dóibh. Ach ní raibh a bpríomhsprioc an Giúdach a chur de dhroim an tsaoil."

Fearn said...

Gabh mo leithscéal má bhí mé grod.
Níl aon easpa ar do chuid sóiléire.

Tuigim a deir tú i leith an chaipileachais, ACH , bím fhéin ar son sóiléire fosta. Tuigim gur gá le focla teibí nuair a bhíonn ceisteanna teibí a phlé .m.sh. caipitileachas agus frithIúdachas ach nuair atá réad i dtreis m.sh Shell nó Fear Shell, is gá fianaise is fíorais is comhthéacsú.

Is de leisciúleacht intleachtúil folach teibí a chur ar rudaí

Dubhaltach said...

Agus creideann tú go bhfuil folach teibí á chur ar rudaí sa chás seo.
Ní aontaím.