Dé Céadaoin, Samhain 10, 2010

M2010.11.05

"Cad é an scéal?" atá ar na bratacha siúd atá timpeall na cathrach ag fógairt Dubhlinne mar chathair litríochta.
Nuair a fheicim é smaoiním á rá le blas láidir de lucht oibre uasal na cathrach; "Cad é an scéal bud?"
Mar chuid den aitheantas mar chathair litríochta chonaic mé, ar na mallaibh, i leabharlann an Phiarsaigh, bord iomlán leagtha amach romham le leabhair Ghaeilge úr-nua. Bhí boladh úr as na leathanaigh fiú.
Amhail scónaí mo sheanamháthar go díreach as an oigheann, shamhlaigh mé na leathanaigh a bheith te fós i ndiaidh obair an chlódóra.
Gan smál, nó sciorradh pinn an mhic léinn Ghaeilge, nó barr leathnaigh le filleadh cluasach a bhuí leis an duine sin gan leabharmharc, nó rian méara an oibrí ghuail le feiceáil ann fiú. Foirfe dar fia!
B'fhéidir go raibh 10 gcóip ann, nó níos mó.
Searbhlach de Hoilm ag croitheadh láimhe le Searbhlach de Hoilm na Gaelainne .i. an tAthair Pádraig Ó Duinnín, a bhí ar gach ceann acu.
Sárleabhar "Bhiddí", "An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire" a bhí i ngach ceann acu.

Bhí an leabhar léite agam cheana ar ndóigh, ach níor léigh mé leabhar ón leabharlann a bhí chomh ghlan sin ariamh, mar sin bhí sé orm é a fháil.
Tá sé fós ina shárlitríocht dála an scéil.
Cúpla sheachtain ina dhiaidh sin thugas cuairt go dtí leabharlann phoiblí na Rinne. Cad sa diabhal eile a bhí romham ach bord eile leagtha amach le Searbhlach agus an Duinníneach ag croitheadh láimhe arís. Gach ceann úr gan smál neamh-léite, leis!

Dar fia, ach nach bhfuil airgead flúirseach ag lucht litríochta na Gaeilge a bheith ag foilsiú an méid sin cóip de leabhar atá ar fáil cheana, sna leabharlanna céanna?
An bhféadfadh an t-airgead sin a úsáid ar bhealaí níos táirgiúla chun litríocht fíor-nua a spreagadh?

6 comments:

John said...

Ní BÁC amháin atá ina Chathair Litríochta UNESCO, a Dhubhaltaigh, ach Dún Éidean, Melbourne agus Iowa City (!) leis. (De réir dealraimh, is ann in Iowa City a thosaigh an 'scríbhneoireacht chruthaitheach" mar chúrsa tríú leibhéal). Is léir go gciallaíonn Litríocht "Litríocht an Bhéarla" sa UN.

Néidí said...

Roghnaítear leabhar amháin gach mí sna leabharlanna agus an smaoineamh atá acu go mbeidh a lán daoine ag léamh an leabhar ag an am céanna. Bhí an plean ag oibriú go breá go dtí gur roghnaigh siad leabhar Gaeilge don mhí seo caite. Níl sé ach ar fáil anois. Cé atá ciontach?

Dubhaltach said...

@ John,

"Is léir go gciallaíonn Litríocht "Litríocht an Bhéarla" sa UN."

Is ea tá an claonadh sin ann cinnte. Ach le cead do Bhaile Átha Cliath tá aitheantas á thabhairt don Ghaeilge agus scríbhneoirí Gaeilge na cathrach.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat a Néidí, tuigim anois.

Is dóigh go bhfuil na Gaeil ciontach mura bhfuil siad ag glacadh páirte agus ag léamh.
An bhfuil an leabhar léite agatsa?

Agus conas a roghnaigh siad an leabhar?

John said...

Nílim ag iarradh bheith diúltach faoi. Ach tá súil agam go scaipfear an t-aitheantas go tíortha agus teangacha eile gan mhoill. Tá an iomarca béime fós ar an Eoraip ó thaobh Suíomhanna Dúlra UNESCO chomh maith, ach tá sé ag athrú.

Dubhaltach said...

Tagaim leat, tá sé ait nach bhfuil a leithéid ar fáil do mhórtheangacha na hEorpa!