Dé Luain, Samhain 08, 2010

M2010.11.03

Níor mhian liom a bheith i m'iompróir drochnuachta.
Ach seo chugat é ar aon chaoi, caith siar é!, mura bhfuil sé léite agat cheana.

I ndáiríre níl aon rud ann nach dtuigeann muid cheana, fiú is go ndéantar neamhaird de go minic.
(An bhfuil a fhios agat, is é "neamhaird" an focal is luaithe a thaganns chun cuimhne domh nuair a smaoiním faoin ngéarchéim seo).

Seachas an gnáth tairngreacht dhuairc, an-chruinn, an údair sheas an líne seo a leanas amach domh mar ghné spéisúil:
As ordinary people start to realise that this thing is not only happening, it is happening to them, we can see anxiety giving way to the first upwellings of an inchoate rage and despair that will transform Irish politics along the lines of the Tea Party in America.
D'fhéadfaí, gan mórán dua na samhlaíochta, an tÉireannach a shamhlú ina bhall de ghluaiseacht den eite dheis, ag cur lochta a ainnise ar eachtrannaigh, an rialtas, ar an earnáil phoiblí agus an cháin a íocann sé srl. Seachas ar an gcóras eacnamaíochta, idé-eolaíochta agus coimhlint aicme ina maireann sé.

Tá ceist Luxemburg a reatha is a bhí sí ariamh; sóisialachas nó barbarthacht?

14 comments:

aonghus said...

Hmm.

Dúirt an bhean céanna nach saoirse go saoirse an duine ar mhalairt smaoineamh.

Níl mórán de rogha dar liom idir gealtachas den eite clé nó gealtachas den eite dheis.
Barbarthacht crích ceachtar acu.

Fearn said...

"D'fhéadfaí, gan mórán dua na samhlaíochta, an tÉireannach a shamhlú ina bhall de ghluaiseacht den eite dheis ag cur lochta a ainnise ar eachtrannaigh, an rialtas, ar an earnáil phoiblí agus an cháin a íocann sé srl."

Sin an fhirinne. Is maith leis an Éireannach an "chraic" agus níl fhios aige cá chuirfeadh sé locht an chinn bhreoite a bhíonn air an lá dar gcionn. Agus seo an "lá dar gcionn" geilleagarach. Beag an baol gur tháinig sé ar a chéill. Dhíolfadh na glúnta le teacht as mífhreagracht na daoine atá suas anois, munuar, muna dtéann siad ar an imirce.

Dubhaltach said...

N'fheadar cén tátal a bhain tú as a scríobh mé a Aonghuis ach níl fadhb agam le malairt smaoineamh!

Déarfainn, leis, nach bhfuil aon rogha ann más rogha idir ghealtachas atá le déanamh.
Agus ar an ábhar sin de ghealtachas den dhá dearcadh sóisialta is dóigh go bhfuil tú ag tagairt do chaipitleachas stáit na Rúise faoi dheachtóireacht Stalin.
Ní sóisialachas a bhí ann, ná baol air.

Dubhaltach said...

@ Fearn
Ní dhíolfadh na glúnta le teacht as ár mífhreagracht amháin ach sílim go bhfuil baol láidir ann de mhéadú ollmhór ar chiníochas agus an saghas faisisteachais a cheanglaíonn rialtas daonlathach go dlúth le cumhacht corparáideach.

aonghus said...

Ní rabhas ag cuir a mhalairt i do leith. Ach is amhlaidh gur theip go tubaisteach ar gach iarracht an sóisialachas a chuir i réim go dtí seo; nó an dtig leat stáit fíor daonlathach sóisialach a lua?

Is sa teannas idir daonlathas Críostaí agus daonlathas sóisialta a d'fhorbair na Stáit is cóire san Eoraip, feictear dom; an geilleagar margaidh ach le coinsias sóisialta.

Dubhaltach said...

"gur theip go tubaisteach ar gach iarracht an sóisialachas a chuir i réim go dtí seo;"

Agus tá ról lárnach le himirt ag an eite chlé i míniú agus foghlaim cén fáth san.
Tá saothar Luxemborg an-spéisúil ar an ábhar sin. Mholfainn súil a chaitheamh orthu.
Bhí sí ag cáineadh go láidir deachtóireacht Lenin, i 1919!, agus easpa deachtóireacht na n-oibrithe .i. daonlathas díreach an móraimh .i. daonlathas sóisialach.

Dá mbeadh níos mó tuisceana ann ar stair na Rúise, ón dearcadh sóisialach, ní shílim go mbeadh éinne ag cur "teip sóisialachais" ar an dturgnamh Sóivéadach

"An geilleagar margaidh ach le coinsias sóisialta."
Is dóigh gurb é sin an áit a rith sóisialaithe i ndiaidh titim an Aontais Sóivéadaigh .i. Páirtithe an Lucht Oibre ó gach chúinne an domhain.
Thréigeadh an fís go bhféadfadh sochaí sóisialach a tharlú.
Ina áit bheadh beartais shóisialta agus cothromaíocht éigin le haimsiú ó dheachtóireacht an mhargaidh.

Mo léan ach mar is léir dúinn inniu, agus níl sé ach ina thús, tá deireadh ag teacht leis an stát leasa a fáisceadh as teip "cumannachais".
Ní féidir aghaidh daonnúil a chur ar dheachtóireacht na margaí.

aonghus said...

Mar a dúirt thuas, tá amhras orm go bhfuil aon bhealach órga ann; beidh siar agus aniar riamh ann san stair daonna.

Sílim áfach go bhfuil Críocha Lochlainn agus an Ghearmáin, abair, i riocht i bhfad níos fearr ná muide, agus go mbeidh. Agus is éard atá ag tarlú ansin ón Dara Cogadh Domhanda ná babhtáil idir sóisialaithe Daonlathacha agus Daonlathaithe Críostaí; an dís ag ceartú botúin a chéile.

Tá an siar is aniar sin ceilte orainn abhus de bharr an cliantachas lofa atá ag scriosadh ár ndaonlathas, le cuidiú fonnmhar an daonra. Agus an treibheachas pholaitiúil.

Dubhaltach said...

Laistigh de chóras an tsaormhargaidh d'aontóinn leat.
Ach cá mbeadh geilleagar na Gearmáine inniu murach an t-athrú saibhris ó phobail na Gréige agus na hÉireann chuig na bainc Ghearmánacha?

Ní mór an fhadhb a bhogadh i gcaipitleachas, ní féidir é a réiteach.

Dubhaltach said...

"Mar a dúirt thuas, tá amhras orm go bhfuil aon bhealach órga ann; beidh siar agus aniar riamh ann san stair daonna."

Aontaithe.

Fearn said...

"Ní dhíolfadh na glúnta le teacht as ár mífhreagracht amháin ach sílim go bhfuil baol láidir ann de mhéadú ollmhór ar chiníochas agus an saghas faisisteachais a cheanglaíonn rialtas daonlathach go dlúth le cumhacht corparáideach"

Beidh orthu díol, mar a dhíol sinn bliaineachtaí leis an Sasanaigh i ndiaidh Neamhspléachas a bhaint amach, sula cheannaigh de bhailéire na bliaineachtaí ar ais le lab mór a dhíol muintir na hÉireann as le geilleagar lag.

Cinnte beidh claonchíníochas ann mar atá i ngach tír eile. An síleann tú go nglacfaidh na poiliteoiríní freagracht as airgead gann; agus an síleann tú go gcuirfeadh an tÉireananch ruaig ar a bpeataí rógairí sa pholaitíocht?

Beag an baol

Dubhaltach said...

Tá fothoghchán le reáchtáil i nDún na nGall Thiar Theas ag deireadh na míosa seo. Agus ní bheadh iontas ar bith orm dá mbuafadh an iarrthóir ó Fhianna Fáil an suíochán.

Sin ráite, níl ar fáil dóibh mar rogha ach gaimbíní, a bhformhór, seachas Doherty ar ndóigh.

aonghus said...

Chomh fada as gurbh é CAd a dhéanfaidh tú domhsa an cheist a chuirtear ar ár dTeachtaí...ní bheidh leigheas air an scéal.

Dubhaltach said...

Sin é, sin buaic ár ndaonlathas agus cumas an Éireannaigh é féin a rialú. Cad sa foc a dhéanfadh tusa domsa....

Fearn said...

"Cad sa foc a dhéanfadh tusa domsa...."


I nDomhnach, d'aimsigh tú meon an Éireannaigh!