Dé Domhnaigh, Samhain 07, 2010

M2010.11.02

(An doineann mar a bheas sí ag a 9 a chlog anocht)

Ón méid feicthe, cloiste agus léite agam ó na meáin le cúpla lá anuas bheinn ag ceapadh go mbeidh radhairc as an scannán "Arú Amárach" le feiceáil againn timpeall na tíre anocht, agus maidin amárach...

Inné agus arú inné bhí rabhaidh ar na nuachtáin go léir gurb é seo "an doineann is measa a bhuail an tír ariamh" agus go raibh "a weekend of flooding is blowing our way across the Atlantic from Haiti" mar a mhaígh eagarfhocal an IT! Bhí an Indo ag maíomh an méid céanna faoi hairicín Tomás freisin. Hairicín atá ar an taobh eile den Atlantach, laistiar de Bhermuda, mar a scríobhaim dála an scéil!
Le cead don IT cheartaigh siad a dtuairiscí níos luaithe inné ar chomhairle Mhet Éireann.

Sílim gur taispeántas maith na tuairiscí seo sna meáin ar laigí na meáin céanna agus a gcumas an tuairisc is simplí a dhéanamh ar an eolas is bunúsaí.
Is é sin tá gnáth lagbhrú geimhridh ag bogadh isteach, níl aon rud ar leith faoi ó thaobh gaoth nó cumas báistí, ach, tá lán mara ag tarlú ag an am céanna, agus mar sin, tá baol taoide thuile in áiteanna amhail Cathair Chorcaí agus na Gaillimhe etc.

Seachas sin fuair muid áiféis agus míeolas.

8 comments:

Fearn said...

Nuachtóirí ag áinliú "nuachta"?

Ná habair nach daoine deasa iad.

Is cuma. Chreidfeadh an tÉireannach rud ar bith fhad is nach mbeadh air machnamh a dhéanamh dó fhéin.

Dubhaltach said...

Leis an fhírinne a rá ní luíonn locht leis an Éireannach faoi seo. Rith na meáin chumarsáide go léir leis an scéal go bhfuil "hairicín" ag teacht.
Bhíodar go léir ag maíomh gur hairicín Tomás a bhí ann!!

Luíonn an locht le cumas na meán sonraí simplí a láimhseáil agus tuairisc chruinn a dhéanamh.
Ba bhreá liom íomhá a aimsiú de chéad leathanach an Star inné! Ní áiféis go dtí é.

Dennis King said...

Bíonn an fuadar céanna fúthu abhus anseo le “stoirm an chéid” a fhógairt agus í fós amach ón gcósta. Ní mar a fhógraítear a bhítear de ghnáth. Tá cuid den locht ar na meitéareolaithe proifisiúnta, duine nó san ollscoil go háirithe: cuireann “aimsir mhór” sceitimíní orthu, cosúil le buachaillí beaga! Admhaíonn siad é seo uaireanta agus tugann siad iarracht ar shrian a chur ar a gcuid enthusiasm... murab ionann agus na nuachtóirí.

In ainneoin na rabhadh uilig, is cuimhin liom sneachta mór amháin agus gaoth mhór amháin a tháinig aniar aduaidh orainn sna fiche bliain seo caite agus a rinne a lán damáiste nach raibh súil ag éinne leis.

Fearn said...

Ag caitheamh súil ar thuar na haimsire d'Oileáin Iarthar na hEorpa don dheireadh seachtiane seo caite, níor luadh liom ach "stoirm".

Cé a luaigh hairicín muna gaofaireacht chailleach an úafáis é?

I.S. An raibh Sé ann?

Dubhaltach said...

Níl locht ar bith le cur ar fhoireann mheitéareolaíochta Mhet Éireann.
Foireann den scoth atá ann i ndáiríre. Nílid tugtha don áiféis nó áibhéil ar chor ar bith.

Sa chás seo is iad lucht na meáin chumarsáide amháin a rinne scéal mór de. Ag maíomh gur hairicín Tomás ón taobh eile den Atlantach a bhí ann!!
Bhí gach uile nuachtán agus stáisiún raidió ag déanamh scéal mór de.
Ní Tomás a bhí ann ar ndóigh, nó stoirm mór fiú, ach gnáth doineann rialta a fhaigheann muid le linn an gheimhridh.

Bhí an tuairisciú go léir an-aisteach.
Sílim go raibh dhá chúis leis:

1) Mhaígh Met Éireann ar an Aoine, nó Déardaoin, go mbeadh lagbhrú ag trasnú na tíre agus go mbeadh sé ag tarlú ag lán mara, mar sin bhí baol tuile ann in áiteanna.
Luadh Baile Átha Cliath sa rabhadh sin. Toisc go bhfuil formhór na meáin chumarsáide lonnaithe i mBaile Átha Cliath rinneadh mór de toisc nach mbíonn drochaimsir dá leithéid acu ar thaobh thoir an oileáin .i. tonnta, tuile etc.
Tháinig comhairlí contae amach le malaí gainimh ag blocáil suas bóithre cois fharraige. Bhí go leor leor gainimh fágtha acu ón aimsir fuar ag tús na bliana.
Bhí Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath cosúil le Dún inné mar shampla!
Chuir an rabhadh tuile, ullmhú na gcomhairlí agus grianghraif de Dhún Chluain Tarbh agus Dhumhach Thrá sceitimíní ar lucht na meán, cuireadh amach tuairiscí go raibh Hairicín Tomás ag teacht! Phiocadh suas an scéal. Níor ceistíodh an fíor é!

Bhí iontas an domhain ar lucht Mhet Éireann maidir leis na tuairiscí sna meáin.

2) Is dócha go bhfuil síceolaíocht éigin lasmuigh de, a spreag an tÉireannach Hairicín a shamhlú as gnáth drochaimsir.
Níor mhaith liom a bheith ag rámhaille le pop-síceolaíocht, ach seo liom ar aon chaoi:

Tá an geilleagar ag dul níos tapúla go tóin poill. Tá bagairtí móra ag bagairt orainn ón lasmuigh. An IMF/Banc ceannais na hEorpa, na sealbhóirí bannaí Gearmánacha etc.
Tá cáinaisnéis mhór ag bagairt orainn, agus deirtear linn nach bhfuil aon rogha eile ann. Tá na Gardaí lán toilteanach foréigin fíochmhar a úsáid in aghaidh agóideoirí síochánta.
Braitheann an tÉireannach nach bhfuil sé in ann, nó nach bhfuil cead aige, rud éigin a dhéanamh faoi. Ní féidir leis lámh a leagadh ar na bagairtí.
Agus is dóigh gur thóg an "Hairicín", nach hairicín é, an ról mar an bhagairt gan ceannaghaidh.

Fearn said...

Maith thú as an cuntas sin, a dhubhaltach.
B'fhéidir gur síleann an tÉireannach ós rud é gur rugadh amuigh air ó thaobh an gheaileagair go bhfuil faitíos air roimh gach rud anois: comhartha eile nach bhfuil sé ag machnamh fós.

Agus lucht na meán: Cad a chuireann iadsan i mbéal an phobail ach drochscéal? Sin a dhíolfadh nuachtáin nuair a bhí nuachtáin suas.

Seans go gceannódh an tÉireannach stuaim go fóill!!!(??)

Dubhaltach said...

Seans, cinnte!

Dubhaltach said...

Dochreidte, ach táid fós ag cur hairicín Tomás ar an doineann geimhridh a bhí againn.
An Irish Timesfreisin!

Ní amaideacht go dtí nuachtáin na hÉireann!