Dé Céadaoin, Samhain 03, 2010

M2010.11.01

Comhghairdeas le Pearse Ó Dochartaigh as an bhua san ArdChúirt inniu.
Ní fhéadfaidh Fianna Fáil/na Glasaigh ceart daonlathais, agus cearta bunreachtúla, mhuintir Dhún na nGall Thiar Theas a shéanadh a thuilleadh. (Beidh le feiceáil cad a tharlóidh sna trí dáilcheantar eile ina bhfuil daonlathas á shéanadh).
Anois beidh sé ar an rialtas aontú leis an rún atá le cur os comhair na Dála ag Sinn Féin amárach; go reáchtálfar an fothoghchán i dTír Chonaill roimh dheireadh na míosa seo.
Níl aon dhul as do Fhianna Glas anois.

Beidh na meáin lán le hanailís ar an bhua seo, ar an agóid ag mic léinn na tíre in aghaidh ciorruithe ar oideachas á mbeartú ag giollaí na mbanc Gearmánacha, agus, gan amhras, an foréigean gan gá a d'úsáid na Gardaí ar na mic léinn lasmuigh den Roinn Airgeadais inné!

Beag an baol faoin gceann deireanach sin!

Lasmuigh den na rudaí sin is fiú súil a chaitheamh ar óráid mhac Uí Dhochartaigh faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh leis na hEastáit Sí/tithe folmha. Agus an chaoi a bhfuil Fianna Fail ag teacht i bhfóirithint ar na forbróirí/bainc (NAMA) lena mbeart léasa sóisialta, seachas iad a cheannach anois, ag praghas an-an-an-íseal go deo, ar son tithíochta sóisialta.

Is éard atá ann ná an 6 nóiméad is fearr a d'fhéadfaí a chaitheamh os comhair ríomhaire. Óir ní thiocfar ar a leithéid agus tú os comhair teilifíse, nuachtáin nó raidió.


Aguisín: Bhíos ag breathnú ar Nuacht TG4 anocht, agus n'fheadar an raibh Eimear Ní Chonaola ag magadh, ar bhealach, ach chuir sí an cheist ar sheanadóir Ó Dochartaigh an gcreideann sé go raibh sé "beagáinín mífhreagrach ag tabhairt faoi chás cúirte mar seo agus an tír faoi bhrú ollmhór, súile an domhain agus na hEorpa orainn agus coimisinéir na hEorpa Olli Rehn le cuairt a thabhairt orainn" i gceann seachtaine.

Bhí sé ait má bhí sí ag magadh! Agus bheadh sé níos aistí fós má bhí sí ag iarraidh a bheith dáiríre!

4 comments:

Fearn said...

Níl de locht agam ar d'ainilís i dtaobh "séanadh daonlathais" ach go ndéarfainn gur séanadh acmhainn daonlathais.

Séanann pobal na hÉireann daonlathas nuair a mhíúsáidtear é le gamail a chuir i gcumhacht!

Dubhaltach said...

Is dócha go gcaithfear an vótálaí freagracht a ghlacadh as an iarrthóir a roghnaíonn sé, ach ní shílim go bhfuil sé ag baint míúsáide as an gcóras, nó ag séanadh daonlathais!
Creidtear na bréagaí a insítear le linn feachtais olltoghchán. Agus tagann sé ar ais arís go dtí an saghas daonlathais atá i bhfeidhm.

Bhí an rialtas ag séanadh daonlathais nuair nach dtugann siad an deis do 4 cheantar sa tír vótáil a dhéanamh agus ionadaíocht a bheith acu san oireachtas.
Bhí ar Shinn Féin cás cuairte a thógáil mar gheall ar an séanadh seo.
Is dóigh go bhfuilimid cleachta go maith le caimiléireacht lucht Fhianna Fail agus is beag rud a chuireann iontas orainn fúthu, ach tá an gheáitsíocht faoi seo dochreidte!
IAC, táid ag tógáil an chás chun na Cúirte Uachtaraigh anois! In iarracht is dóigh, moill nó stop a chur leis na trí dáilcheantar eile ina bhfuil gá le fothoghchán!

Fearn said...

Bhal, sílim gur mar seo é. Tá an chumhacht daonlathais iomlán ag an pobal. Má chreidtear bréaga, tá an locht ar an gcreideamhach, go háirithe más poiliteoiríní a dúirt.
Má chuirtear faill sa pholaitíocht ag an pobal, tá an locht orthu.
Chodail an pobal ar a ghnó poilitíochta. Is iadsan atá thíos muna dtagann meonriar freagaireach i réim. Locht a chur ar na daoine a roghnaigh sinne, sin mífhreagracht.

Dubhaltach said...

Aontaithe.
Ach leis an saghas daonlathais ionadaíocht indíreach seo atá i réim spreagtar leisciúlacht i dtaobh gnó polaitíochta agus riaradh stáit .i. sin gnó mhaorlathaigh éigin agus an pholaiteora atá i gceannas, ní bhaineann sé liomsa.
Agus tagann gnó polaitíochta agus vótála síos go dtí "cad a dhéanfaidh tusa domsa?"