Dé Céadaoin, Meitheamh 30, 2010

M2010.06.24

Cad a bhí á chaitheamh acu nuair a chruthaigh siad an físeán seo thíos?! Níl sé uaimse ar aon chaoi!!
Chuala mé an t-amhrán i gceist aréir agus cheap mé go raibh sé an-"trippy"ar fad. Feictear dom gur cheap na cruthaitheoirí físeáin an rud céanna, agus go rabhadar ar na ribí le haghaidh inspioráide!

Ach, an gcuireann sé leis an amhrán nó an mbaineann sé as?

Níl mo thuairim meáite faoi sin go fóilleach....ach táim ag claonadh i dtreo go mbaineann sé as don amhrán.



Oibríonn sé níos fearr gan an "droch-thuras"

2 comments:

Dennis King said...

Tá cuma amaitéarach ar an bhfíseán: tranglam d'íomhánna agus de stíleanna agus a lán gluaiseachta nach gcuireann leis an gceol, bíodh is go bhfuil cuid de na híomhánna suimiúil - nó aisteach ar a laghad - iontu féin.

Dubhaltach said...

Tá ach bhíos den tuairim d'aon ghnó atá an cuma sin air.
Cuireann sé leis an atmaisféar trippy