Dé Céadaoin, Meitheamh 30, 2010

M2010.06.25

B'fhiú rud éigin a rá sula dtosaíonn an bholscaireacht ("chasamar cúinne", "tá beartais déine Fhianna Fáil ag obair i gceart" etc.) faoin nuacht ar maidin go bhfuil an geilleagar "ag teacht as cúlú", go teicniúil!
Ar dtús b'fhiú dom a rá go bhfuil áthas an domhain orm go mbeadh rudaí ag feabhsú, ach níl aon mhaitheas dúinn a bheith ag sáinniú ár gcloigne sa ghaineamh agus a bheith ag glacadh leis nó ag creidiúint an "casadh" a chuirfear ar an scéal go raibh fás in OTI na tíre sa cheathrú a d'imigh tharainn. Go díreach mar a tharla ag deireadh 2009!
Is fiú cuimhneamh freisin, sula gcloiseann muid an cacamas, go raibh fás bliantúil i 9 mbliain de na 10 mbliana le linn na h80daí!

Is cuma faoi OTI do mhuintir na tíre, tá an fás seo ann mar gheall ar bhrabús príobháideach na gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta atá lonnaithe anseo. Bíonn brabúsaíocht éasca ar fad do chomhlachtaí móra i dtír ina bhfuil ráta cánach corparáide an-íseal go deo an dtuigeann tú.
Ní rachaidh an brabús sin ar leas Éireannach, agus ní rachaidh an brabús seo ar leas na tíre ar chor ar bith; ní íocfaidh sé tuarastail bhanaltraí, ní thógfaidh sé scoileanna agus ní feabhsóidh sé bóithre etc.
Tá OTN (olltáirgeacht náisiúnta - an táscaire is oiriúnaí do gheilleagar na hÉireann) ag titim arís. Tá dífhostaíocht ag fás. Tá tuarastail ag titim. Tá iasachtú ag titim. Tá infheistíocht ag titim as aill. Tá imirce ag méadú. Tá caiteachas ag laghdú. Cónaíonn muid sa dara tír is costasaí san Eoraip. Is ionann fiacha gan srian na bhforbróirí/na mbanc agus fiacha s'againne etc etc.

In ainneoin seo tá saibhreas príobháideach ag fás go rábach, agus sin go díreach atá le feiceáil againn sna huimhreacha is déanaí ón Phríomhoifig Staidrimh. Fás i mbrabús de €2 billiún le bliain anuas do chomhlachtaí eachtrannacha in Éirinn le bheith beacht.
Bhí alt an-mhaith ag Uinsionn de Brún sa SBP ag an deireadh seachtaine ag taispeáint cé chomh míchothrom is atá an dáileadh saibhris nua seo timpeall an domhain.
"Ach ní dhéanfaidh aon duine acu (ceannairí na G20) trácht don áiféis shoiléir go bhfuil, le linn géarchéim eacnamaíochta domhanda, saibhreas airgeadais an domhain ag fás agus ag cúngú i dtreo mionlach"
Mar a mhaíonn sé i gceart ina dhiaidh sin tá muid gafa ag an tuiscint go bhfuil sé seo inghlactha agus gur toradh é de gheilleagar saormhargaidh naofa. Ní féidir cur as don ghné seo gan a bheith ag cur as don gheilleagar domhanda mar a thuigeann muid inniu é.

Cá bhfuil an díospóireacht faoi seo?

8 comments:

Fearn said...

is fíor a scríobh tú, a Dhuibh, ach bhí an scéal seo ar eolas madraí an bhaile leis na cianta cairbreacha nó ó na 1960achaí nuair a chuireadh bun faoin pholasaí seo. Tá Éire ró-bheag agus níl lámh aici ar pholasaí airgeadaíochta a thuilleadh ná ar saorthaisteal oibrithe .i. inimiriceoirí. Agus tá mórchuid láimhdeachas an airgid i lámh na nInfheisteoirí eachtranacha.
Éire i bpunc agus uirlisí a leighis tugtha uaithi.

Dubhaltach said...

"bhí an scéal seo ar eolas madraí an bhaile leis na cianta cairbreacha nó ó na 1960achaí nuair a chuireadh bun faoin pholasaí seo."

Polasaithe nua-liobrálacha an ea?

Fearn said...

A bheag nó a mhór.
An polasaí a d'iarr ar chomhlachtaí idirnáisiúnta teacht isteach, a thabharfadh breab dóibh agus faoiseamh cánach, a chuirfeadh brabús ar ais chuig a dtíortha fhéin agus nach ligfeadh gnóthais eile fás dá ndroimsean. Bhí an fuíoll ag an Éireannach.

Dubhaltach said...

Ní shílim go bhfuil sé seo ar eolas madraí an bhaile leis na cianta, chun an fhírinne a dhéanamh.
Glacann daoine leis mar, dar leo, sin an chaoi a bhfuil sé. Seo an chaoi a n-oibríonn cúrsaí sa saol.
Níl ariamh aon phlé faoi mar glactar leis.

Sin an fáth leis an bhfíseán sa bhlagmhír thuas. Iarracht plé a spreagadh.

Fearn said...

Tuigim duit, beagáinín, is dóigh.

Bhal, bhí fhios agam cionn is gur fhoglaim mé ar scoil é, agus tá mise ar mhadraí an bhaile, dar le mo mhaimeo.

Ach, sílim go bhfuil tú a rá nach ndéanann mórchuid de na daoine a machnamh ar chúrsaí an tsaoil: "An rud nach mbaineann sé leat, ná bain dó" agus "go bhfuil cúrsaí mar a bhí siad riamh".

Tuigim duit. B'fhéidir nach bhfuil meas go leor agam ar smaointe, agus nach dtuigim gur fada ó dhaoine a gcuid smaointe fhéin!

Dubhaltach said...

D'fhreastail tú ar scoil mhaith mar sin!
Is beag caint faoi idé-eolaíocht nó caipitleachas a bhí againne i scoil!

Déanann daoine a machnamh ar chúrsaí gan amhras, ach is dóigh go bhfuil siad dall ar mhalairt slí eacnamaíochta nó feabhsúchán fiú toisc nach bhfuil plé faoi mhalairt slí sna meáin.
Agus sin an fhadhb, faigheann daoine a ábhar machnaimh ó na meáin. Sin an fáth a bhfuil siad chomh tábhachtach sin.

Fearn said...

Sílim go raibh muinteoir maith agam sa gheograf agus cúrsaí tráchtála.

tagaim leat ó thaobh na meán; is fiú leabhar maith anois is arís, ach tá an nós sin imithe i léig.

Unknown said...

I would love to play game now.

Download Free Games for PC | Full Version PC Games