Dé Luain, Meitheamh 14, 2010

M2010.06.08

Chun leanúint ar aghaidh faoi cad is litríocht ann, nó a bheith níos cruinne cad is dea-litríocht nó droch-litríocht ann, táim chun úsáid a bhaint as an ghléas simplí a mhol Titley .i. mo thuairim féin faoi cad a thaitníonn liom agus nach dtaitníonn.

Táim díreach tar éis An Cléireach le Darach Ó Scolaí a athléamh. Agus táim ag léamh leabhar nua anois darbh ainm Ar Muir agus ar Tír le Michael Mullen (gan a bheith á mheascadh suas le Ar Muir is ar Sliabh le Somers).
Níl aon leid ar chúl nó ar thosaigh an leabhair seo a thugann le fios dom gur leabhar do pháistí, nó fhoghlaimeoirí atá ann. Mar sin glacaim leis mar leabhar do chách .i. léitheoirí atá in ann léamh.
Tá clúdach dáiríre air, in easnamh míniú nó focail níos fearr. Tá na dathanna beagnach mar an gcéanna ag clúdach Ar Muir agus ar Tír is atá ag clúdach An Cléireach.
Scéalta ficsin atá iontu araon freisin, ach ficsean bunaithe ar eachtraí stairiúla a tharla.
Stopann na cosúlachtaí ansin.

Anois chun úsáid a bhaint as mo mhéar, seo chugaibh dea-litríocht ó chéad pharagraf An Cléireach:
Ar chreig crochta os cionn na caschoille a chruinníomar buíon bheag oifigeach is giollaí, hataí leathna fáiscthe anuas ar chloigne cromtha, cruach is leathar ag lonrú faoin ngealach, agus sinn ag labhairt de ghlórtha íslithe. Thoir i mbéal an ghleanna mar a rabhadar an tríú complacht i ngleic fós leis an namhaid bhí an torann lámhaigh imithe i léig, agus ó am go chéile chualamar glórtha sa dorchadas agus fir mná is easláin á dtreorú trí an mbogach fearnóige is sailí cois abhann, nó ag dreapadh aníos faoin gcoillearnach coill is caorthainn chun iad féin a shíneadh amach go traochta ar an maolán glas raithní thíos fúinn.
Agus seo chugaibh an saghas litríochta eile ó chéad pharagraf Ar Muir agus Ar Tír!:
Bhí an caisleán Normannach ar thaobh na habhann. Bhí lúb san abhainn, agus tógadh ansin é fadó. Thaobh thall den abhainn bhí na coillte, agus ag síneadh amach laistiar den chaisleán bhí machaire mín agus na ba ag innilt ann. Ar Néifinn bhí rian an tsneachta fós, agus ar maidin bhí sioc liath ar an talamh. I measc na gcoillte, bhí na plúiríní sneachta ag fás. Bhí an geimhreadh thart. Bhí na huain go meidhreach sna páirceanna, agus bhí an féar ag fás arís.

An gcailltear caighdeán litríochta nuair a scríobhtar rud éigin i mbeagán focal?

6 comments:

Dennis King said...

Is cuma faoi mhéid na bhfocal nó simplíocht na bhfocal sa chás seo. Is pictiúr gan aicsean dá laghad atá againn sa dara sliocht, murab ionann is a chéad cheann, mar a gcuirtear streachailt is éiginnteacht os ár gcomhar gan aon réamhrá, mar chuid den tírdhreach.

aonghus said...

Ha. Ráite níos fearr ag Dennis romham.

Cuir amú spáis atá san dara alt. Ní deir sé faic liom. Tumann Ó Scolaí muid san eachtra ó thús.

Dubhaltach said...

Breall orm líon na bhfocal a tharraing isteach sa bhlagmhír. Litríocht mhaith is olc a bhí mar chúram agam.

aonghus said...

Bhuel, sílim féin nach dtig litríocht maith a scríobh gan scéal a bheith ag an údar. Agus smacht ar an bhfoirm atá roghnaithe aige/aici - rud a chuimsíonn briseadh as an bhfoirm nuair is caoi.

Mise Áine said...

Am ar bith a chuala mé John B. Keane, Joe Steve Ó Neachtain, agus Peter Ustinov, mar shampla, ag labhairt ar an raidió nó ar an teilifís, bhí mé faoi dhraoíocht acu.

Bhí bealach ar leith acu le hábhar a roinnt, na friotail uatha lán le saibhreas, físeán fileata á chraoladh acu ar shúile m'aigne.

Is dóigh liom gur ionann a bheadh an toradh agus litríocht 'maith' á léamh ag duine.

Dubhaltach said...

Tá ábhar scéil aige, ach b'fhéidir nach bhfuil smacht ar an bhfoirm aige mar a deir tú.