Déardaoin, Meitheamh 17, 2010

M2010.06.13

Sílim go bhfuil áit ar leith tuillte ag Angla-Éireannach ar bharr an scála.
Agus mura bhfuil an banc áirithe sin san áit sin in aigní na nÉireannach ba chóir go mbeadh sé.
Ní fheicfear an €22 billiún sin a chuir an pobal Éireannach isteach sa bhanc go dtí seo ariamh arís.
B'shin an méid a mhaígh go ceanndána ag boic mhóra Angla-É ag cruinniú de choiste an Oireachtais inné.
Cá bhfuil an t-airgead imithe? Chaithfí duine éigin a bheith ag déanamh brabúis as .i. sealbhóirí bannaí .i. infheisteoirí idirnáisiúnta .i. bainc Ghearmánacha etc. .i. Máistrí na Cruinne.
Agus níl sa €22 BILLIÚN seo ach an tús ó thaobh cur amú airgead de ar bhanc Fhianna Fáil.
Tá níos mó caillteanais le teacht. Agus níos mó i ndiaidh sin, agus i ndiaidh sin....
Fiú nuair a bheas mé i mo sheanóir liath beidh mise agus gach mac máthar eile sa tír ag íoc go daor as trí sheirbhísí an-lag agus sochaí briste.

Má chuirtear i gcomhthéacs é.
Tá €22 billiún dár gcuid airgid imithe cheana ar bhanc marbh, curtha amú ar ionad cearrbhachais lucht saibhris, imithe ar a bhfiacha lofa.
Agus tá $20 billiún le híoc ag BP d'íospartaigh as an tubaiste thimpeallachta is measa i stair na Stát Aontaithe. B'shin líon airgid a chur iontas ar dhaoine timpeall an domhain inné i ngeall ar a mhéid!
Agus chuir muide, mar thús, €22 billiún amú ar bhanc amháin nach raibh riamh ina bhanc ceart! Agus nach mbeidh ina bhanc ceart ariamh.
Agus sin roimh NAMA .i. an t-athrú saibhris is mó ar domhan ón ghnáthdhuine go dtí mionlach saibhir i stair an domhain, roimh AIB, roimh EBS, roimh BOI...

Nó má chuirtear ar bhealach eile é.
Tá An Chruinne tuairim is 13 nó 14 billiún bliain d'aois. Dá mbeadh euro againn do gach uile bhliain a bhí ann ó thosaigh An Uile ní bheadh a dhóthain airgead againn don chéad chaillteanas seo ó Bhanc na nGaimbíní.

Ar ndóigh seo costas chun an córas a shábháil agus rudaí a fheabhsú a deirtear linn.
Ach níl aon rud athruithe dá bharr, níl aon rud feabhsaithe le híobairt an phobail ar son pheacaí lucht gaimbín. Tá na bainc ag baint úsáide as na cleasa cearrbhachais chéanna chun brabús a dhéanamh.
Tarlóidh tobthitim agus géarchéim mar seo arís, agus cinn níos measa fós.
Tá sé chomh cinnte sin agus an ghrian ag éirí ar maidin.
Tá sé i nádúr an chórais na rudaí seo a tharlú.

3 comments:

Fearn said...

Cá háit a gcuireann tú banéigneoirí, dúnmharfóirí agus cinedhíothóirí, a Dhuibh?

An cúrsaí airgid amháin is cás duit?

Dubhaltach said...

Sin scála eile ar fad déarfainn. Cuma cé chomh dona is atá lucht gaimbín in Éirinn ní chuirfinn ar liosta iad leis na bithiúnaigh luaite agat thuas.

B'fhéidir ba mhaith leatsa liosta a dhéanamh de na banéigneoirí is dúnmharfóirí is measa sa tír agus a bhfuil fuath ag na hÉireannaigh dóibh?

"An cúrsaí airgid amháin is cás duit?"
Ní hea.

Fearn said...

"B'fhéidir ba mhaith leatsa liosta a dhéanamh de na banéigneoirí is dúnmharfóirí is measa sa tír agus a bhfuil fuath ag na hÉireannaigh dóibh?"

Ó, níor mhaith, muise. Níl morán gá agam le scálaí nó a gcur le hias a chéile.

Is maith liom go bhfuil poirt eile agat. :-)