Déardaoin, Meitheamh 24, 2010

M2010.06.20

De réir dealraimh rinne an Sasanach John Derrick an chéad tagairt do chruicéad i 1550.
Tá meas air agus ar a scríbhneoireacht ag staraithe Sasanacha dá réir.
Ar ndóigh chruthaigh sé na híomhánna sin d'Éire níos déanaí ina shaol.
Níl a fhios agam an bhfuil sé ráite cheana ach gach uair a fheicim Ó Cualann i gCill Mhantáin smaoiním faoi na híomhánna sin d'Éire a chur sé le chéile i 1581.
Go háirithe an chéad íomhá sa chnuasach.
Níl aon amhras má chaith Derrick tréimhse in Éirinn cúpla bliain níos déanaí agus é níos óige go gcaithfeadh sé an chuid is mó dá am laistigh den Pháil. Níl aon amhras mar sin dá mbeadh sé ann ar ghnó na Banríona chun eolas a bhailiú go dtabharfadh sé cuairt ar an teach mór i gCúirt an Phaoraigh ar imeall na Páile. Bhí teach mór ann ó 13ú aois ar aghaidh.
B'fhéidir gur chaith sé seachtain, cúpla seachtain, nó mí ann... Chiallódh sé sin go mbeadh radharc díreach aige ar Ó Cualann i gcéin chuile mhaidin.
Agus é ar ais arís i Sasana i ndiaidh a thuras timpeall na hÉireann d'iarr sé ar ealaíontóir sliabh stuacach a chruthú, agus thug sé roinnt treoirlínte dó bunaithe ar a chuimhne (nó b'fhéidir gur chruthaigh sé na híomhánna féin).
Sin an toradh a fheicimid san íomhá thuas.

Feicim féin Ó Cualann sa chéad íomhá dá chuid ar aon nós!
Is sliabh ar leith é a sheasann amach ón timpeallacht máguaird.
(Ó Cualann ó Bhinn Dá Charraig os cionn Gleann Chuilinn, brú le méadú)

(Ó Cualann ó Chúirt an Phaoraigh)

Agus más radharc de Ó Cualann atá ann ó imeall na Páile is ionann is cinnte gur Fiach mac Aoidh Ó Broin atá sa Taoiseach Gaelach sin san íomhá.
Nach ea?

Má chaith Derrick tréimhse i gCúirt an Phaoraigh, nó i mBaile Átha Cliath is cinnte gur chuala sé na maithe móra ó Shasana ag caint go laethúil faoi Bhranaigh sna gleannta máguaird, os iad na Gaeil is láidre agus is contúirtí do na coilínigh Túdarach nua atá suite i scread asail do Ghabhal Raghnaill. Bheadh scéalta ag dul thart faoi táinte ar imeall na Páile agus ionsaithe leanúnacha ar phlandálaithe ó cheithearnaigh.
Beag an baol go bhfaca sé Ó Broin go díreach mar atá san íomhá ach is cinnte gur smaoinigh sé faoi i ndiaidh na scéalta faoi na Gaeil neamhshibhialta a chloisint.
Barbaraigh dhainséaracha gan chultúr a chónaíonn sna sléibhte fiáine a bhí á dtimpeallú, ag taibhreamh a bhrionglóidí.

Cén fáth nár luaigh sé ainm an Taoisigh atá san íomhá mar sin?
Luaigh sé Mac Suibhne, Ruairí Óg Ó Mórdha, Toirdhealbhach Luineach Ó Néil etc!

Is dócha nár luaigh sé Fiach Ó Broin toisc go raibh an Gael mór áirithe seo fós ina sheasamh go daingean i nGleann Molúra.
B'ósais is tearmann de Ghaelachas i gCúige Laighean Críoch Uí Bhroin, le filí móra ag teacht ó gach cúinne na tíre chun an Taoiseach agus a mhuintir a mhóradh .i. Eochaidh Ó hEoghusa, Fearghal Óg Mac an Bhaird, Tadhg Dall Ó hUiginn, Aonghus Mac Daighre Ó Dálaigh.
Bhí an cultúr dúchasach Gaelach i mbarr a réime faoi Fhiach, cultúr ársa saibhir a raibh gráin ag ciníochaí amhail Derrick air.
Agus is fiú a chuimhneamh freisin nuair a d'fhoilsigh sé na híomhánna bhí Fiach mac Aoidh i ndiaidh cath clúiteach Gleann Molúra a bhuachan in aghaidh arm Shasana.

Saghas bolscaireachta atá san íomhá seo mar sin, bhuel, bolscaireacht atá i ngach ceann acu is dóigh liom. Ach seo an saghas bolscaireachta nach ndéanann tagairt don namhaid atá in uachtar.
Tugtar cruachadh cártaí (card stacking) ar an teicníc bholscaireachta seo

5 comments:

Cailliomachas said...

An-spéisiúil. B'fhiú go mór anailís chriticiúil mar sin a dhéanamh ar gach ceann d'íomhánna Derrick. Is cuimhin liom féin a thabhairt faoi deara go raibh na hataí céanna á gcaitheamh ag na huaisle ar fad.

Dubhaltach said...

B'fhiú go deimhin. An bhfuil a fhios agat an bhfuil aon ní déanta ar an ábhar i nGaeilge?

"Is cuimhin liom féin a thabhairt faoi deara go raibh na hataí céanna á gcaitheamh ag na huaisle ar fad."
Hataí na n-uaisle Gaelaigh?
Bhí clogad ar leith ag an Taoiseach go bhfios dom.
Ait go leor tá éadaí na nGael le feiceáil go cruinn ar Thomas Lee captaen a bhí in arm Éilís in Éirinn. Tá an clogad faoina ascaill freisin.
Tá cathéide an taoisigh le feiceáil ar Aodh Mór Ó Néill .

Cailliomachas said...

B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, gur clogaid iad. Ní heol dom aon rud a bheith déanta i nGaeilge faoi Derrick ach d'fhéadfadh dul amú a bheith orm. Tá cúpla leathanach ag Pádraig A. Breatnach faoi sa leabhar, Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, lgh 120-4. B'fhéidir go bhfuil scoláirí eile tar éis scríobh faoi, níl a fhios agam.

Dubhaltach said...

Go raibh míle a C

ormondo said...

Ná déan dearmad de go raibh Edmund Spenser in Éirinn le linn na tréimhse sin agus é ag déanamh réamhullmhúcháin ó thaobh na bolscaireachta de don chinedhíothú (mar a chuirfí ar a leithéid sa lá inniu) ar na Gaeil a cuireadh i gcrích ina dhiaidh sin.

Ba ar an ábhar sin go ndeachaigh Mícheál Ó Cléirigh, Seathrún Céitinn i mbun a n-oibre. Níor theastaigh uathu "blár catha an pháir" a ghéilleadh go h-iomlán do lucht bolscaireachta na Sasanach.

B'fhiú éisteacht leis an gclár seo http://www.rte.ie/podcasts/2008/pc/pod-v-131008-58m59s-oideasagusoidhreacht.mp3 ó chartlann RnaG más rud é nach bhfuil sé cloiste agat fós.

(Agus tá "culaith" dheas nua roghnaithe agat dod' bhlag!)