Dé Luain, Meitheamh 28, 2010

M2010.06.22


Troideanna fuilteacha chun báis, briseadh cloigne, doirteadh inchinne, dícheannadh, scoilteadh cloigne, briseadh cnámha, fear-éigniú, tógáil drugaí, baintear putóg, briseadh muineál, feall... ach tá siad go léir déanta go healaíonta!
Tá cuma iontach uaigneach scanrúil ar An t-Eilean Sgitheanach agus na Garbhchríocha ina scannánú an ceann seo. Valhalla Rising atá i gceist agam.
Mhúscail mo spéis é a fheiceáil inné nuair a luaigh Dennis léirmheas ar an scannán; "Mesmerizing ... A trippy nightmare of savage poetry burning slow across bleak and otherworldly landscapes,”

Seo ceann a mbeidh gráin nó grá agat air. An saghas scannáin a mbeidh stádas cult aige. Is dóigh gurbh é sin an fáth ar cuireadh go díreach chuig DVD é, ní bheidh aghaidh na ndaoine air.
Tá an scéal bunaithe timpeall sclábhaí balbh le súil amháin, darbh ainm Súilamháin! Cuireann na Béarlóirí Gaelacha ó Albain an sclábhaí "One-Eye" ag troid in aghaidh laoch eile i gcomórtais chun báis. Ní féidir an trodaí balbh a bhuaileadh. Tá osréalachas ag baint leis agus tá cumas aige an todhchaí a fheiceáil, tugann an cumas seo treo dó ó thús go deireadh.

Tá go leor leo laigí ag baint leis an scéal ach sílim go mbeidh aghaidh daoine áirithe air de bharr an chaoi a bhfuil sé scannánaithe nó stiúrtha chun íomhánna agus atmaisféar a chruthú.
Is fiú cuimhneamh freisin gur scannán sci-fi é ag deireadh na dála, scannán sci-fi ealaíonta.
Thaitin sé agus níor thaitin sé liom. Uaireanta bhraith mé nár thuig na scannánóirí cén saghas scannáin a bhí idir láimhe acu. Mar shampla, níl ciall nó réasún le hainm an scannáin féin. Tá an cuma ar teideal an scannáin gur thosaigh sé amach mar scéal faoi Lochlannaigh ach d'athraigh siad é chuig scéal faoi sclábhaí gan chúlra in Albain, a théann ar crosáid le Críostaithe foréigneacha. Crosáid a théann amú de bharr "cheo draíochta"!

Is rud maith gur tháinig an ceann seo amach go díreach ar DVD, óir níor mhaith liom €21 a chaitheamh orm féin agus ar mo chailín é a bhreathnú sa phictiúrlann.
Ach is fiú €5 é ó shiopa DVD.

2 comments:

Dennis King said...

Tá mé faoi chomaoin agat as breathnú ar an gceann seo agus léirmheas a scríobh air. Ní rachaidh mé caol díreach chuig an siopa len é a fháil... ach cuirfidh mé ar an liosta “lá éigin” é.

Dubhaltach said...

Ná habair é. Bhí sé i gceist agam an ceann seo a fheiceáil nuair a chonaic mé a chlúdach agus cos an chlaímh sin.