Dé Sathairn, Meitheamh 26, 2010

M2010.06.21

Inné chuir mé roinnt dathanna ar íomhá de cheithearn ón ghreanadh adhmaid a thugtar "Irish Chieftains" air chun tuiscint níos fearr a fháil ar fhaisean na nGael roimh Ghalldú iomlán na tíre.

Tuigim nach mbíonn ciall nó praiticiúlacht ag baint le gach rud atá faiseanta, ach is deacair dom na muinchillí fada ar an léine Ghaelach a thuiscint!
Tá an cuma orthu go bhfeidhmeoidís mar bhac in aghaidh laoich le linn catha. D'fhéadfá óglach an brat a fhágáil ina dhiaidh, ach muinchillí ón léine ag dul síos go dtí a ghlúine nó a shála, sin scéal eile.

Bheadh sé spéisiúil laoch Gaelach gléasta suas le seaicéad nó ionar leathair/olla gearr donnrua agus léine fhada bhuí le filleadh beag a fheiceáil faoi lán seoil.
An mbeadh cuma níos mó agus scanrúla air de bharr na muinchillí móra? Na sciatháin mhóra bhuí siúd! Agus a ghruaig stothallach fhada a bheadh an-chosúil le gruaig shúgánach na Rastafarí mar a thuigeann muid inniu í!
Spéisiúil gan amhras, n'fheadar an aithneoinn mo shinsir!

Mar chomhtharlú nuair a bhíos sa siopa DVD aréir chonaic scannán nua darbh ainm Valhalla Rising (Ní shílim gur scannán maith atá ann, chuaigh an ceann seo go díreach chuid DVD)
Ar chlúdach an scannáin bhí claíomh a thug mé faoi deara ar an toirt.
Bhí cos an chlaímh beagnach mar an gcéanna ag claíomh mo dhuine sa scannán is atá ag an nGael sa ghreanadh adhmaid ó 1544.

3 comments:

Dennis King said...

Déarfainn gur claíomh mór dhá láimhe (aka claymore) atá sáite sa talamh sa dara pictiúr... a bheag nó a mhór. Claíomh níos lú atá i láimh an duine eile. Ach is fíor duit gan amhras faoi dhorn an chlaímh sa dá phictiúr. Rinne duine éigin beagán obair bhaile. Dála an scéil, is cosúil nach scannán “aicsean” é seo, ach rud éigin i bhfad níos “dáiríre” ... nó níos mórchúisí.

“Mesmerizing ... A trippy nightmare of savage poetry burning slow across bleak and otherworldly landscapes,” a dúirt Aaron Hills sa Village Voice.

Cailliomachas said...

Is maith liom gur dath buí a chuir tú ar an léine: cróch chun na míolta cnis a mharú is cosúil. Maidir leis an gclaíomh agus muinchillí etc. níl a fhios agam. Ach tá leabhar Mairead Donlevy ann ar ndóigh agus d'aimsigh mé na suímh seo a d'fhéadfadh a bheith spéísiúil:

http://www.museum.ie/ga/exhibition/medieval-ireland-1150-1550.aspx

http://www.politics.ie/gaeilge/26312-adhmholtai-marbhnai-aortha-6.html

Dubhaltach said...

@Dennis.
Seans nach mbeadh an scannán seo ró-dona mar sin?
Níor chuala mé léirmheastóir ag tabhairt "trippy nightmare of savage poetry" ar scannán roimhe!

@Cailliomachas
Deirtear gurbh é sin an dath a bhí ar an léine Gaelach.
Go raibh míle maith agat as an nod do leabhar Dunlevy. Tháinig mé ar doc word le sliocht as an leabhar anseo

Ach níl aon thuairimíocht ann faoi fáth na muinchillí fada.

Níl ann ach "ráiteas faisin" Gaelach mar a thuairimítear ar an suíomh suíomh seo (bun an tsuímh) a thaispeánann Gaeil as Albain ag caitheamh na léine leis na muinchillí fada agus iad i mbun seilge.