Déardaoin, Meitheamh 24, 2010

M2010.06.19

"Naoi naonúir de mhaithe na Féinne a chuaigh amach ar airde na mbeann os cionn na mara thoir. Bhí Fionn é féin ag siúl ar a gceann agus Goll ag teacht ina dhiaidh. Chonaic siad an iomad bárc ag teacht chun na trá ó thuaidh, fiche céad long Lochlannach ag seoladh sa chuan ghleannach. Tarraingíodh isteach céad long ar gach scairbh agus tógadh sárphubaill sróil don slua."
Sin thuas sliocht as scéal Éachta Ghoill, ón leabhar Sheanchas na Féinne, ag míniú teacht Mánais Mhóir mac Rí Lochlann go hÉirinn mar a chonaic na Fianna é ó bheann os cionn na mara thoir.
Níl aon amhras i m'aigne gur Binn Dá Charraig atá go díreach os cionn chuan Bhaile Átha Cliath atá i gceist sa "bheann" sin.
Chuaigh mé ar thóir an radhairc seo ag an deireadh seachtaine brothallach grianmhar a bhí againn.
Tá sé éasca fiche céad long Lochlannach ag seoladh sa chuan a shamhlú ó bharr an bhinn, le radharc fairsing timpeall na cathrach agus an chuain araon ó thuaidh. Tá céadta bád beaga timpeall Dhún Laoghaire agus na longa móra ag teacht is imeacht as calafort Bhaile Átha Cliath ar a mbealach go Dubhghlas agus Dún San Cybi.

Tá Binn Éadair le feiceáil uaibh freisin ar ndóigh, an áit a raibh:
"Ráighne Róda mac Fhinn agus Caol Cróga mac Criothainn ag coimhéad cuain i mBinn Éadair. Thit an dís ina gcoladh agus is é a mhúscail iad tormán an bháid á tharraingt isteach ar an tráigh ghealghainimh"
An oirthear faoi ionsaí leanúnach ag saint na Lochlannach!

Seo thíos an radharc Gimpeáilte ón charn ar bharr an bhinn. Tógtha ar fhón póca .

(Brú le méadú)
Rinne mé leagan Gimp de toisc gur mhaith liom smáil na haoise seo a bhaint ón radharc (an túr os comhair Bhinn Éadair etc). Ionas go mbeadh an sórt radhairc a bhí ag Fionn agus na Fianna agam.
Seo thíos an grianghraf gan Gimp déanta air:

Tá uirlis iontach ar fáil le Gimp chun na hathruithe móra seo a dhéanamh. Resynthesizer/Heal Selection a thugtar air.
Bhí mé in ann na túir raidió a scriosadh gan dua, agus an cosán a chlúdach go han-éasca ar fad leis an mbreiseán seo.
Photoshop ag déanamh mór den fhíric go bhfuil an rogha sin ar fáil ar a bhogearra anois (ag costas mór!). Ach tá ceann ag Gimp le fada an lá agus saor in aisce leis!

2 comments:

Néidí said...

Tá an leabhar sin agam anois ach níor thosaigh mé air go fóill

Dubhaltach said...

Thaitin sé liom mar bhí spéis agam sna scéalta. Ach cloisim daoine ag rá nach dtaitníonn sé leo.

Is fiú go mór iad a léamh mar sin féin.