Dé hAoine, Meitheamh 18, 2010

M2010.06.16

Tá seoid tuairimíochta i nGaelscéal na seachtaine seo. Seoid ónár gcara Séamas ón bhlag sin thall.
D'fhéadfaí suí síos leis an gcineál tuairimíochta seo agus lochtanna a aimsiú i mbeagnach gach líne de, go háirithe ina iarrachtaí suaracha frith-Sheimíteachas a chur in aghaidh na cabhrach daonnúil agus clú na ngníomhaíoch a mhilleadh.

Ach ós rud é gurb Aoine atá ann ní chuirfidh mé an t-am amú, agus tá Sasana ag imirt in aghaidh na hAilgéire i gceann cúpla nóiméad, tá stól ard ag fanacht dom trasna an bhóthair agus is dóigh go gcaithfear tacú le foireann éigin chun sult a bhaint as an gCorn Domhanda mallaithe seo.

Seasann an líne seo a leanas amach san alt mar an sórt cleas bolscaireachta a bhfuil a leithéid de dhuine cleachta go maith leis:
"D'inis paisinéirí chabhlachán na síochána (mar dhea) do na saighdiúirí Iosraelacha go mba chóir dóibh dul ar ais go Auschwitz."
N'fheadar cé acu is measa? Mo dhuine as ucht a scríobh nó mo dhuine eile atá i gceannas an nuachtáin as ag ligean an bhréag a chur i gcló go háirithe nuair atá sé admháilte ag an IDF go bhfuil eagarthóireacht déanta acu ar an taifead, cúpla uair!
Tá 3 taifead eisithe acu faoin am seo agus gach ceann acu difriúil ón gceann roimhe.

Gan a bheith ag dul siar ag tochailt suas na hargóintí arís is dóigh go luífeadh do thuairim faoin ráiteas masmasach seo le do mheas faoin IDF nó na gníomhaígh síochána a bhí ar bhord an Mavi Marmara.
Gníomhaígh síochána a shéanann go han-láidir go raibh aon ní dá leithéid ráite acu, agus a mhaíonn go hoscailte go bhfíoróidís é seo dá scaoilfeadh an IDF saor a dtaifead féin a ghoid siad go mídhleathach uathu i bhfarraigí idirnáisiúnta.

Tá anailís níos cuimsithí de na taifid (bhí ceann nua á n-eisiúint ag an IDF chuile sheachtain i ndiaidh na ndúnmharuithe) agus na físeáin féin ón IDF le feiceáil anseo. Is féidir leat teacht ar do thuairim féin faoi bharántúlacht an fhíseáin agus an ráiteas sin.

Gan amhras níl sa bhréag seo ón IDF ach cleas chun aird a tharraingt ón ghníomh gránna s'acusan sa chéad dul síos, agus b'fhéidir chun leithscéal a chruthú do na dúnmharuithe freisin is dócha. Nó mar a dheir mo dhuine:
"Maraíodh roinnt daoine ar an mbád. Féinchosaint agus cosaint a dtíre a bhí i gceist, agus ní bheadh suim ag éinne ann mura mbeadh Giúdaigh i gceist"
Ní féinchosaint é nuair a lámhach saighdiúir duine neamharmtha san éadan ó 45cm, nó faoi bhéal an ghunna san uisinn. Bású a thugtar ar sin.
An sórt bású a chleacht fórsaí na Breataine go tréan sa tuaisceart le "sceimhlitheoirí" nár ghlac le séanadh a gcearta agus brúidiúlacht a gcoilínigh.!

4 comments:

Néidí said...

díreach mar phointe eolais duit faoin gcoilíneacht -

Nuair a bhunú Iosrael bhí tacaíocht mhór sa tír seo dó óir bhí Iosrael i gcoinne na Breataine agus d'admhaigh roinnt dóibh go hoscailte go raibh meas mór acu don IRA.

Agus ghlac ceann de na saighdiúirí mór le rá(Yitzhak Shamir) an leasainm Michael. nó Mícheál Ó Coileáin.

Bhí seisean mar phríomh aire sna hochtóidí agus is ó Likud é!

Dubhaltach said...

Ní raibh sé sin ar eolas agam! Go raibh maith agat. Déanfaidh mé níos mó taighde ina leith.
Ní amaideacht go náisiúnachas is dóigh.

Dennis King said...

Ní amaideacht go creideamh, agus i gcás Iosrael, tá an dá rud, náisiúnachas agus creideamh, fite fuaite ina chéile.

Fearn said...

Tagaim leat i dtaobh suarachas Shéamais.
Bheadh trua agam dó ach an dochar atá sé ag scaipeadh.
Ní hí an fhirinne an chloch is mó ar a phaidrín.