Dé hAoine, Meitheamh 18, 2010

M2010.06.15

Tá an físeán thíos ag éirí víreasach mar a deirtear.
Broidtráth in áit darbh ainm Utrecht san Ísiltír.



Chuirfidís náire orainn! Tá cinn eile ann le broidtráth sa bháisteach agus sa sneachta.

12 comments:

Fearn said...

Níl fhios agam faoi náire, ach baineann sé le pleanáil tráchta agus béascna na ndaoine.

Dar leis an Éireannach, níl sa rothar ach bréagán do pháistí nó a mbíonn agat muna bhfuil carr agat!

Dubhaltach said...

Bhuel braithim náire nuair a smaoiním faoinár bpleanáil, nó aon phleanáil!.
Agus ár mbéascna mar dhaoine.

Sin ráite tá na rothair phoiblí atá timpeall Baile Átha Cliath ag déanamh go maith. Tá taithí ag tiománaithe na cathrach orthu anois agus níl an baol céanna ann a thuilleadh agus tú ag rothaíocht.
Ach fós tá muid i bhfad ó bhroidtráth Utrecht lena busanna, tramanna agus rothair.

Mar gheall ar an "Tíogar Ceilteach" ar dheis Diabhail go raibh sé, tá formhór lucht oibre na cathrach ina gcónaí uair nó 2 uair ar siúl sa charr ón chathair!! Luíonn réiteach ár bhfaidhbe le busanna, agus traenacha agus níos mó rothar poiblí ag na stáisiún sin.

Fearn said...

Tagaim leat ó thaobh easpa pleanála. Sílim nach bhfuil nóisean na pleanála in Éirinn ach ar éigin. Is mór leis an Éireannach an t-am i láthair agus is beag aige an t-am le teacht. Níl fhios agam cad é mar a thiocfadh athrú ar an meon seo.

Maidir leis an Ollainneach, tá an fhéachaint roimhe ina dhúchas dó. Níor thit sé ón spéir chuige.

I leaba náire, d'fhéadfadh an tÉireannach foghlaim na pleanála

Mise Áine said...

'I leaba náire, d'fhéadfadh an tÉireannach foghlaim na pleanála'

Tagaim leat, a Fhearn!

Dubhaltach said...

An bhféadfaimis béascna nua a fhoghlaim? Níl aon ghá le pleanáil i gcuid mhór dár mbailte timpeall na tíre.
I mbailte beaga agus sráidbhailte.

Smaoiním faoi mo bhaile dúchas mar eiseamláir den ghnáth-sráidbhaile in Éirinn. Tá beagnach gach duine a oibríonn ann ina gcónaí cóngarach dá n-áit oibre, tá na páistí is déagóirí an-chóngarach dá scoileanna, tá gach duine a théann go dtí Aifreann an-chóngarach don séipéal mar an gcéanna leis na siopaí, an mbúistéir agus tithe tábhairne etc ach seachas mise agus mo dheartháireacha ní fhaca mé éinne ariamh ag rothaíocht sa sráidbhaile sin. Carranna go dtí chuile áit is cuma cé chomh ghearr atá an turas i gceist
Tá sé mar an gcéanna le gach baile eile sa tír i ndáiríre.

B'ionann is dodhéanta daoine a mhealladh as a gcarranna.
Bheadh gá le hardú ollmhór i bpraghas breosla, rud nach bhfuil i bhfad uainn i ndáiríre!

Néidí said...

Níl mise in ann siúl le scáth fearthainne anseo, rothaíocht le ceann, ní dóigh liom é

Dubhaltach said...

Sin nós eile nach féidir leis an Éireannach a athrú. An drogall roimh anorac maith baistí!

Néidí said...

tá cóta maith báistí agam, ach an féidir leat an dainséar le scáth fearthainne anseo le rothaíocht a shamhail

Dubhaltach said...

Is féidir, tá sé dainséarach go leor agus daoine ag siúl ná bac le rothaíocht.

Dennis King said...

Rud amháin a thug mise faoi deara ná nach gcaitheann siad clogaid ar chor ar bith. Tá siad riachtanach anseo de réir an dlí. Deir daoine áirithe gur cuid den “nanny state” é an dlí seo, ach is cosúil go dtugann siad cosaint nach beag don rothaí má theilgtear den rothar é.

Dubhaltach said...

Is ea! Níor thug mé é sin faoi deara go dtí seo..
Caithim clogad i gcónaí agus mé sa chathair, bhí droch-thitim agam tráth agus an t-adh orm go bhfuilim ag scríobh seo ar chor ar bith.

Dubhaltach said...

Is dóigh go bhfuil sé níos sábháilte leis na raonta rothar, ní bheidh aon amadán i dtacsaí nó mbus nó gcarr ag iarraidh tú a bhualadh ón mbóthar.