Dé hAoine, Meitheamh 18, 2010

M2010.06.14

Is iomaí uair a chloisfear ó dhaoine go bhfuil gá teacht ar réiteach ar cheist na bPalaistíneach, agus an stát Palaistíneach laistigh nó in aice leis an stát Iosraelach.
Ach ní fhéadfar teacht ar chomhréiteach mura bhfuil an plé bunaithe ar fhíricí, agus feictear domsa go mbíonn plé sna meáin ar an cheist lom ar fhíricí.
Tá muid ró-thoilteanach glacadh le focal an choilínigh.
Ró-thoilteanach glacadh le cumhacht choilíneach ciníoch agus a "cheart" an Phalaistín a choilíniú ar son cine ar leith, nó le bheith níos cruinne ar son creidimh ar leith.
Tá muid ró-thoilteanach glacadh le focal an choilínigh a bhfuil mar pholasaí aige leatrom a dhéanamh ar dhaoine bunaithe ar a gcreideamh.

Ar aon nós. Séanadh cearta, coilíneachas, cinedhíothú, géarleanúint etc i leataobh tá na deich miotas is mó faoi choimhlint Palaistín-Iosrael curtha le chéile go paiteanta, i mo thuairim, ag Jeremy R. Hammond ar FPJ, Mholfainn é a léamh.
Má thuigtear na rudaí seo is deacair domsa a thuiscint (agus táim ag iarraidh é a thuiscint) conas is féidir le duine tacú leis an stát sin!

Agus ar an ábhar de choilíneachas feicim go bhfuil an coilíníoch is mó ar domhan ag déanamh caca go n-eiseoidh WikiLeaks físeán eile de shlad eile a bhí déanta ag a ndúnmharuithe san Afganastáin. Ár Garani atá i gceist sa chás seo. Slad a d'fhág 140 sibhialtach marbh de réir dealraimh, páistí is déagóirí a bhformhór.
(An chéad fhíseán a thaispeánann gníomhartha dhúnmharaithe gránna an choilínigh)

3 comments:

Fearn said...

Tagaim le do bhunsmaoineamh.

Dubhaltach said...

Seans go bhfuil na fíricí ag Fearn ach tá súil agam go léann tú an t-alt sin ar aon nós! Tá sé thar cionn. Iriseoireacht den chéad scoth.

Fearn said...

Maith an chomhairle!