Dé Máirt, Meitheamh 15, 2010

M2010.06.10


Caithfear a bheith ag gáire faoin bpraiseach a rinne "reibiliúnacha" Fhine Gael den dhúshlán ceannaire s'acusan.

5 comments:

aonghus said...

Murach gur cúis caointe é san iomlán.

Fágfaidh seo na Léinte Gorma scriosta; agus imní ar dhaoine áirithe faoin Lucht Oibre; ní chuirfidh sé lá iontas orm gurbh iad Fianna Fáil a bhainfidh tairbhe as maidir le vótaí.

ormondo said...

Na daoine taobh thiar den bhuachaill bán: cé hiad?

An éminence grise? (oirirceas liath?)

Dubhaltach said...

"Fágfaidh seo na Léinte Gorma scriosta"

An bhfuil aon rud eile tuillte acu! Tá páirtí mór den eite dheis againn cheana .i. FF. Tá FG gan gá.

"imní ar dhaoine áirithe faoin Lucht Oibre"
Is fíor sin, ach mura bhfuil an páirtí sin in ann iarrthóirí a chur ar fáil ar fud na tuaithe is é FF a bheas ag baint tairbhe as. Mar a dúirt tú.

Don chéad uair ariamh bhí iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre ag rith sna toghcháin áitiúla i mo cheantar dúchais.

Dubhaltach said...

@ Ormondo
Is iad a chairde! Mar dhea.
Enda Kenny is ea an buachaill bán. Chuile sheans go mbeidh mo dhuine leis na súile dearga (Richard Bruton de Sheoiníní is Ghaimbíní) ina cheannaire don pháirtí roimh an deireadh seachtaine.

Cuireadh an scian i ndroim Enda an tseachtain seo.

"An éminence grise? (oirirceas liath?)"

Ní raibh mé ag smaoineamh faoi sin nuair a rinne mé é, ach is ea, is dóigh go n-oibríonn sé anseo! :)

Dubhaltach said...

Tógadh an grianghraf seachtain ó shin sílim. Agus an gníomh á phleanáil. Boladh fola ón phobalbhreith is nua a spreag an t-ionsaí fuilteach! goa :)