Dé Luain, Meitheamh 14, 2010

M2010.06.07


Siúlóid bhreá fhada a bhí againn timpeall lúb Shliabh Feá. Tiománaí nach n-ólann inár dteannta, agus fonn pionta ormsa i ndiaidh na cnocadóireachta ar lá brothallach grianmhar. Isteach linn chun Cairlinn i ndiaidh na lúibe.
Blúiríní bia, pionta deas lasmuigh sa ghairdín beorach, scíth a ligean.
Sasana in aghaidh SAM ag tosnú ar an bhosca amadáin laistigh. Spéis ag cách an sean-namhaid a fheiceáil ag imirt in aghaidh a sean-namhaid. Isteach le cách, aosta is óg, fir is mná, cóisirí na stumpaí agus na mbáb.
N'fheadar cad é faoin sacar ar an bhosca amadáin ach ní féidir liom breathnú air, ró-leadránach is ea sacar le breathnú i mo thuairim. Is breá liom á imirt, ach ní á bhreathnú.

Agus fiú mura raibh sé lán 90 nóiméad de leadrán tá gné ar leith faoi chluichí sa Chorn Domhanda seo a chuirfeadh fonn éalú ar an leanúnaí is díograisí ar domhan, is é sin an bheach ollmhór atá ar foluain os cionn na páirce!
Beach a chuirtear "Vuvuzela" uirthi.
Séidtear an uirlis uafáis seo gan stad gan staonadh ar feadh 90 nóiméad leadránach!
Rachadh máistir Zen agus a mheabhair ag éisteacht leis an gcallán seo ar feadh 90 nóiméad. Ní bheidh mise ag déanamh amhlaidh i mbliana.


Murab ionann agus cluichí sacair ar an teilifís mholfainn siúlóid Shliabh Feá
(An Donn Cuailgne a shantaíonn Méabh atá sa sliabh seo, mar a thuairimíonn Somers ar a chlár!).
Tá sé éasca go leor mar dreapadh ach fós tá roinnt de na radhairc is fearr ó aon sliabhraon in Éirinn ar fáil uaibh.
Mar gheall ar cé chomh héasca is atá sé, agus caighdeán na radharc atá le feiceáil uaibh, bíonn an tsiúlóid seo an-ghnóthach le linn deireadh seachtaine grianmhar. Nílim cinnte cé acu is gnóthaí Cnoc na Riabh i gcontae Shligigh nó an ceann seo i gcontae Lú?
Agus i ngeall ar cé chomh gnóthach is atá sé tá do bhealach ó thús go deireadh leagtha amach duit ag an gcomhairle contae. Mar sin ní bhraitear ar feadh soicind amháin go bhfuiltear ag siúl ar shliabh iargúlta. Tá comharthaí treo ar fud na háite, greamaithe go deo ar charraigeacha móra anseo is ansiúd.
Rud, dar liom, nach gcuireann le sult na siúlóide ar chor ar bith.
Deirtear gur cuireadh ann iad toisc go raibh chomh mór daoine ag dul amú ar bharr na sléibhte. Ag cnocadóireacht gan léarscáil nó compás nó fios a mbealaí acu!

4 comments:

Mise Áine said...

@ 'Tá comharthaí treo ar fud na háite'

Nach ionann an scéal thar lear, a Dhubhaltaigh?

Feictear dom, agus mé sa Ghearmáin roinnt blianta ó shin, agus sa Spáinn anuraidh, go bhfuil 'comharthaí treo' ar na siúlóidí uilig, rud a chuidigh go mór liomsa mar thurasóir.

B'fhéidir gur ar mhaithe an turasóra eachtraigh atá na comharthaí ann, agus ní dochar é sin, shílfeá.

Dubhaltach said...

Ní dochar. Ach b'fhearr liom dá mbeadh léarscáil ar fáil in áit comharthaí neon geal gránna greamaithe ar fud na sléibhte.

Tá roinnt graifítí gránna ar chúlsráideanna Bhaile Átha Cliath níos fearr ná roinnt de na comharthaí seo.

aonghus said...

D'iompar mé féin mo mhac suas sliabh feá i bhfad ó shin - roimh ré na gcomharthaí.

Tá an Cumann Sléibhteoireachta i gcoinne comhartha mar seo ar thalamh ard. Meallann siad daoine amach, ag ceapadh nach bhfuil aon bhaol ann toisc go bhfuil siad ar chosán marcáilte. Ach tá - is féidir leis an aimsir a iompú go gasta; is beag an chabhair fógraí mar seo i gceo tiubh, agus rl.

Níl na comharthaí feicthe agam; ach tá na cinn ar an mór roinn discréideach go maith.

Dubhaltach said...

Níor ghlac mé grianghraif díobh, faraor. Ach tá siad buí agus druileáilte isteach sa gcarraigeacha. Loitiméireacht atá ann i ndáiríre.

Is maith an rud é go bhfuil daoine ag tabhairt aghaidhe ar na sléibhte ach tagaim leat go bhfuil sé contúirteach go bhfuil daoine ag dreapadh suas gan aon thuiscint acu ar cé chomh contúirteach is atá sé i ndáiríre.