Déardaoin, Meitheamh 10, 2010

M2010.06.05


Chaitheas agus mo chailín deireadh seachtaine fada (beagnach seachtain) grianmhar thíos i gCorca Dhuibhne le radharc breá againn ar Shléibhte Uíbh Ráthach, Sliabh Thír Ó mBaoill, Cnoc na dTobar, an Bhinn Mhór agus Cnoc Droinge etc.
Cnocadóireacht, snámh, iascaireacht, Gaeilgeoireacht, ól, éisteacht ceoil, grá agus léamh mar chúraimí againn.
Saol an mhilliúnaí a bhí ann, gan an t-airgead!
Nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh in Éirinn ní chreidim go bhfuil a diongbháil de thír le fáil.
I gcarbhán gan chumhacht a chónaímid ann, an chaoi is fearr laethanta saoire a chaitheamh i mo thuairim.
Ní éalú go dtí bothán gan chumhacht!
De bharr sin tá sé tábhachtach go mbíonn leabhar maith agat óir ní bheidh tú ag breathnú ar "Tá tallann ag an mBreatain" nó a leithéidí ar bhosca amadáin ar bith.
Bhí an t-ádh liom mar sin gur rug mé cnuasach aistí Alan Titley liom, "Chun Doirne".

Smaoineamh iontach a bhí ann roinnt de na haistí léirmheastóireachta is fearr dá chuid a chur le chéile mar seo. Óir is saothair den chéad scoth gach ceann de na 8 n-aiste sin, agus ba mhór an trua dá ligfí i ndearmad iad tar éis an méid sin dua a chaith an t-údar á scríobh.
Bhain mé an-sult as aistí fada léirmheastóireachta is tuairimíochta an Titlaigh, an-ábhar machnaimh atá iontu.

Spreag siad mé a bheith ag smaoineamh faoi litríocht na Gaeilge. Bhraith mé i ndiaidh a léamh gur mhaith liom cur le litríocht na nGael. Agus i ndiaidh a chéad aiste "An Cogadh in Aghaidh na Critice" a léamh thuig mé gan cheist dá scríobhfainn leabhar éigin ag am éigin amach anseo nach mbeidh mé ag foghlaim conas scríobh a dhéanamh trí theoiric liteartha éigin nó mhodh ar leith chun feabhas a chur ar mo scríbhneoireacht.
Ar shamhlaíocht m'intinne féin amháin a bheas sé bunaithe.
Ach n'fheadar mé an aontaíonn an Titleach leis féin faoin aiste seo inniu? Aiste a scríobh sé 15 bliain ó shin! D'fhéadfadh sé aiste a scríobh inniu ag moladh a mhalairt, ag moladh teoiricí liteartha, ach tuairimím nach ndéanfadh. Tá a chonair féin ag an bhfear san.

Nuair a smaoinítear faoi litríocht caithfear an cheist a chur; An litríocht blagadóireacht? Agus más litríocht é, cén saghas? Má tá saghas i gceist!
Agus an bhfuil sé ina droch-litríocht nó dea-litríocht den chuid is mó?
Bunaithe ar cad a thuigtear a bheith i litríocht agus cad a thuigtear a bheith i ndea-litríocht dar le lucht léirmheastóireachta.

Focal scoir leis an Titleach:
"Is é an gléas is fearr atá agat nuair a theastaíonn uait a mhíniú cad is litríocht ann, nó cad is dea-litríocht ann, ná do mhéar. Nuair a iarrtar ort cad is critic ann, nó cad is dán, nó cad is ardscríbhneoireacht ann síneann tú do mhéar amach i dtreo samplaí díobh, agus deireann tú, 'Sin critic!, nó "Sin ardscríbhneoireacht!'. Tugann tú cuntas ar do chuid tuairimí, ar do chuid imprisean, sin uile. Níl aon rud eile ann."

17 comments:

Anonymous said...

Ó! nach agatsa a bhí an t-athrú spéire agus díol sásaimh?

Tá rún agam "Chun doirne" a léamh roimh deireadh na bliana.


Fearn

aonghus said...

Is ionann an cheist "an litríocht blagadóireacht" agus "an litríocht peannaireacht".

Modh foilsitheoireachta is ea blagadóireacht. Foirm atá ann, ní ábhar.

An féidir litríocht a chuir ar fáil ar bhlag? Is féidir.

An litríocht gach smaoineamh fánach a bhlagtar? Ní hea.

"Chun Doirne" ar mo liosta anois agam.

Dubhaltach said...

@ Fearn:
Athrú spéire agus díol sásaimh go deimhin. An dá rud a ba chóir a bheith ar fáil i saoire ar bith.

@ Aonghus:
Ceart agat. Lasmuigh de Mhíshásta agus lucht filíochta an bhfuil aon litríocht á fhoilsiú ar bhlaganna Gaeilge?
Tá na Scríbhneoirí Nua ana-chiúin i dtreo na foirme nua seo.

Cailliomachas said...

Tá an galar Titlíoch tolgtha agat, ceart go leor: airím dea-litríocht ar a blas. Ach ar saoire mar a bhís, ní tógtha ort é. Cuma aoibhinn air. Agus chuala AT ar Adhmhaidin ar maidin faoin gCaighdeán, lán de chiall is de stuaim. Tá súil agam go n-éistfear leis.

Dennis King said...

Léigh mé alt áit éigin inné nó arú inné ag maíomh go bhfuil litríocht le fáil ar Twitter chomh maith; gur sláintiúil an rud é an ghontacht. Luaigh an t-údar tweet ar “Shit my dad says” mar dhea-shampla den méid is féidir a chur isteach i 140 carachtar. OK, tá orm stad anois agus an t-alt sin a fháil... OK, seo é, The Soul of Twit le James Poniewozik in Time Magazine:

Like any other kind of literature, Twitter lit — or Twitterature, to borrow the title of a recent book that condensed literary classics into tweet form — has its strengths, rules and tropes. Twitter is pure voice, an exercise in implying character through detail and tone. Halpern's inaugural @shitmydadsays tweet is so economical that it should be taught in writing workshops: "'I didn't live to be 73 years old so I could eat kale. Don't fix me your breakfast and pretend you're fixing mine.'" Instantly, we know how old Dad is; we know he has a fine-tuned b.s. detector; we know he is fond of pleasure and not of rabbit food; we can infer that his breakfast-fixing adult son has moved in with him. All in fewer than 120 characters, including quotation marks.

aonghus said...

Ní chuireann aon mheáin cosc ar litríocht. Ach ní hionann sin agus gurbh litríocht tweet gach twit!

Litríocht atá ann nuair a bhaintear feidhm as modh chun geit ealaíonta a bhaint as daoine.

Mise Áine said...

@ 'Ar shamhlaíocht m'intinne féin amháin a bheas sé bunaithe...Tugann tú cuntas ar do chuid tuairimí, ar do chuid imprisean, sin uile. Níl aon rud eile ann."

Tá sé uile sna focail sin uait féin agus ón Titlíoch, a chara.

Feicim féin 'litríocht' sa ní scríofa sin a tharraingíonn m'aird ina threo, an ní scríofa sin a bhogann mo smaointe agus mo mhothúcháin, an ní scríofa sin a fhágann 'impreisean' - fiú mura bhfuil ann ach focal amháin.

Dubhaltach said...

@ Cailliomachas

Bheinn ag ceapadh gur léigh tú féin aistí Titley faoin gceist seo ciritc na litríochta agus cad is litríocht ann srl.
Cad é do mheas faoi?
Cad é "galar Titlíoch" dar le lucht léannta?

An bhfuil tú cinnte ar Adhmhaidin a bhí sé? Níl rian de ar fáil ar phodchraoltaí an chláir

aonghus said...

Bhí sé le bheith air inné; níor chuala mé féin é, mar sin bhí sé tar éis 8:30 (nó theip orm é aithint)

Dubhaltach said...

"litríocht le fáil ar Twitter chomh maith"......."geit ealaíonta" ....."'litríocht' sa ní scríofa sin a tharraingíonn m'aird ina threo"..."a bhogann mo smaointe agus mo mhothúcháin"

'Dhiabhail. Tá níos mó mearbhaill ormsa faoi cad is litríocht ann anois ná a bhíos roimhe!

An litríocht scríbhneoireacht Amhlaoibh Uí Shúilleabháin nó análacha na Máistrí, nó scrabhaidh oghaim?

Dubhaltach said...

Chonac aréir thú ar an Imeall a Aonghuis. Maith thú. Ní fhéadfainn urlabhraí níos fearr a shamhlú chun labhairt ar son blagadóireacht na Gaeilge

Dennis King said...

Mar agúisín don phlé seo, is féidir go mbeadh suim agaibh san alt seo ó Stephen Pinker ar an NYTimes inniu.

aonghus said...

Alt spéisiúil - agus ciallmhar!

aonghus said...

alt eile a bhaineann le hábhar: ag caint ar litríocht agus ollscolaíocht

ormondo said...

Cad is litríocht ann? Is dóigh liom gur túisce go n-aithnítear í ná go sainmhínítear í.

aonghus said...

Chuir tú do mhéar air anois....

Mise Áine said...

Sin é go díreach, a Ormondo!