Dé Céadaoin, Meitheamh 02, 2010

M2010.06.03


"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an cat leis an mbainne te.
"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an cáiníocóir leis an bpoll bréan.
"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an tÉireannach leis an mbád bán.
"Chonaic mé cheana thú", mar a dúirt an vótálaí leis an gcarn aoiligh.

Is beag iontais a bheadh ar an Éireannach in Guatamala na laethanta seo!

Maidir le poill slogaide na hÉireann tá Mac Uilliam cruinn mar is gnách leis, agus is dual dó. Faraor don tír seo bheadh sé níos fearr as ag labhairt go díreach leis an bhalla faoin am seo.

5 comments:

Dennis King said...

Áthas orm gur bhain tú dea-úsáid as an bpictiúr iontach seo!

Cailliomachas said...

Maith liom Mac Uilliam. Smaoineamh dul chuig an seó aonair aige - le cuid den fhírinne a chloisteáil.

Mise Áine said...

Tá an damáiste déanta...

Fearn said...

An-chartún, a Dhuibh!!

Dubhaltach said...

@ Dennis:
Pictiúr iontach gan amhras, cúiseanna daonna lasmuigh de de réir na scéalta cloiste agam.

@ Cailliomachas
Bíonn níos mó ná chuid den fhírinne le cloisteáil uaibh.

@Mise Áine
Tá damáiste déanta, ach níl sé ródheannach treo Fhianna Fáil don tír seo agus a pobal a athrú.

@Fearn
Go raibh maith agat a chara