Dé Máirt, Meitheamh 01, 2010

M2010.06.02

Bhí sé d'ádh orm Mícheál D. Ó hUiginn a chloisteáil beo sa Dáil inniu faoi cheist an chabhlacháin dhaonnúil le haghaidh muintir Gaza.
Sheas an ghruaig ar chúl mo chinn suas de bharr a phaisin agus a thuisceana leathan féin ar an cheist seo. Paisean agus tuiscint a tháinig as a thaithí pearsanta i nGaza.

Buíochas le duine i bPáirtí an Lucht Oibre tá a óráid ar You Tube anois, cúpla uair i ndiaidh a ráite.

B'aisteach a bheith ag éisteacht leis na hóráidí sa Dáil inniu, agus a bheith ag aontú le gach páirtí ann! Idir chlé, lár agus dheis ó thaobh idé-eolaíochta de bhí comhaontú iomlán ann; níl caint amháin maith go leor a thuilleadh i leith Iosrael agus a iompar leanúnach mídhleathach.

Mholfainn óráid Uí Uiginn ina iomláine go mór.



Cuirfidh mé na hóráidí eile suas de réir mar a fhaighim iad.

4 comments:

ormondo said...

Óráid bhreá ach...

Beidh an rud go léir imithe i ndíchuimhne faoin cheann coicíse.

Tuigim duit agus an fhearg atá ort ach ní dóigh liom go bhfuil réiteach indéanta ann sa ghearrthéarma.

ormondo said...

Dála an scéil: gearrthéarma > 400 bliain.

Dubhaltach said...

Ní thógfadh sé 400 bliain imshuí mídhleathach agus géarleanúint mhídhleathach mhuintir Gaza a stopadh.

Ach tagaim leat faoi scéal imithe i ndíchuimhne, go dtí an chéad slad ciníoch eile de mhuintir Gaza

Fearn said...

"Beidh an rud go léir imithe i ndíchuimhne faoin cheann coicíse."

Monuar go mbeidh. Beidh an chéad drochrud eile ann.
An cuimhin le héinne bronntanas Iosrael do Gheása idir an dá Nollaig 2008-2009?
Tá cead a chinn ag an maistín.