Dé Luain, Feabhra 01, 2010

M2010.02.01

A Mhuire Éireann 'Naomh Lú
inniu na Gaeil a bheannú,
tráchtaire Dé lán céille
bandia éigse is féile.

'Chrosóige thar ár ndoras
a chruthaigh grá is cumas,
crosóg Bhríde dár gcosaint
bratóg bhuí dár bhfóirithint.

Ón lá naofa den Imbolc
beidh Earrach romhainn amach,
deireadh an gheimhridh fhada
beannaigh dúinn Lá 'le Bríde.

6 comments:

Dennis King said...

Guím sonas, sláinte agus ardú meanma duit ar feadh an earraigh, agus tuilleadh de ó Lá Bealtaine amach!

(Thug mé faoi deara le déanaí go bhfuil do bhlag an-mhall ag lódáil. Meas tú an é “An chaint is déanaí” is cúis leis sin?)

John M O Donoghue said...

Dán deas, maith thú.

Dubhaltach said...

´@ Dennis

Gurb amhlaidh duitse.

"(Thug mé faoi deara le déanaí go bhfuil do bhlag an-mhall ag lódáil. Meas tú an é “An chaint is déanaí” is cúis leis sin?)"

Chuile sheans go bhfuil! Tógfaidh mé as an mblag iad le feiceáil cad a tharlóidh.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat a John

Dennis King said...

D'oscail mé do bhlag faoi dhó ar maidin agus bhí sé chomh mall céanna agus a bhí sé inné (mall i gcomótas leis na blaganna Gaeilge eile ar Blogger a léim), cé nach bhfuil "an chaint is déanaí" ann anois. Níl a fhios agam ó Dhia anuas cén fáth. Mistéir eile.

Dubhaltach said...

físeáin ó You Tube b'fhéidir?