Dé Máirt, Feabhra 02, 2010

M2010.02.03

Do bhíos chun blagmhír a scríobh faoi am agus spás, agus an turgnamh is fearr liom .i. turgnamh scoiltíní dúbailte.
Agus conas is féidir am taistil a dhéanamh dá mbeadh na huirlisí cuí cumhachtacha againn, mar, is féidir go teoiriciúil taistil siar in am.
Feictear domsa go bhfuil an clár á chraoladh ar RTÉa2 darbh ainm Flashforward bunaithe go príomha ar an teoiric seo.

Tháinig mé ar an bhfíseán ar You Tube den turgnamh scoiltíní dúbailte, ní féidir liom míniú níos fearr a thabhairt. Taispeánann sé gur féidir rialacha ama a bhriseadh .i. d'fhéadfaí a bheith san am céanna ach i spás difriúil.

Níl ann ach 5 nóiméad, agus mholfainn go mór mór é a bhreathnú.



Tá an Dochtúir Quantum seo ar fheabhas go deo!

4 comments:

Dennis King said...

Is fíor duit! Tá sé seo ar fheabhas mar mhíniúchán... den turgnamh, ar aon nós. Tá an tátal do-mhínithe fós, de réir dealraimh. GRMA.

Ceist agam ort: conas a déarfá “quantum weirdness” i nGaeilge?

Dubhaltach said...

candam ait nó candam iontach; candam aisteach nó corr-chandam

Mise Áine said...

Físeán iontach ar fad! Meas tú, an bhfuil nasc idir é seo agus an 'aireachtáil' sin ar a dtugtar 'déja vu'?

Dubhaltach said...

Léigh mé go raibh déja vu ann toisc má bhíonn tú tuirseach, nó ar feadh nóiméad ní oibríonn an inchinn i gceart agus déanann athchúrsáil tapaidh ar cad atá á fheiceáil agat, ansin ceapann tú go bhfaca tú roimhe é, nó go raibh tú ann roimhe.

Sin ráite, taispeánann an turgnamh seo gur féidir aon ní a tharlú, agus ar ndóigh níl clue dá laghad againn cén tionchar a bhíonn ag a leithéid orainn, go laethúil, go háirithe má tá sé sa chruinne go nádúrtha.