Dé Céadaoin, Feabhra 03, 2010

M2010.02.05

Is fiú go mór amharc siar a dhéanamh ó am go ham le léargas a fháil den mheon atá acu siúd ag stiúradh na tíre faoi láthair. Seo seod ó 2006 leis an Aire Airgeadais ag an am, Brian Cowen.
Bhí daoine ag screadach ag an rialtas go rabhadar ag boilsciú an gheilleagair rómhór. Is cuimhin liom féin ag scríobh go rialta ar an ábhar i seanbhlag a bhí agam.

Anois, mar gheall ar a dhearg-aineolas, agus a mhíchumas dochreidte, tá muid ag an bpointe ina bhfuil 70,000 daoine óga ag fágáil na tíre ag lorg oibre. (Tá na daoine óga seo ag teastáil uainn más mian linn éirigh as an gcúlú)
Beidh níos mó ag déanamh amhlaidh i mbliana.
Tá an rialtas fós ina shuí ar a lámha i leith na faidhbe! Níl aon straitéis chun srian a chur ar chailliúintí post. Feiceann muid inné gur cailleadh 319 post in aghaidh an lae sa mhí seo caite. Tá timpeall is 450,000 ar an mbeochlár faoi láthair, 20,000 nó níos mó daoine gan phost ach atá anois i gcúrsaí FÁS agus na mílte eile daoine a bhí féinfhostaithe agus nach bhfuil cead acu a dhul ar an mbeochlár céanna.

Is é sábháil scairshealbhóirí agus sealbhóirí bannaí na mbanc an chloch is mó ar phaidrín an rialtais, le pobal na tíre ag piocadh suas an seic.
Ach fós, FÓS, tá 27% toilteanach a vóta a chaitheamh dóibh sa chéad olltoghchán eile. Mhéadaigh céatadán Fhianna Fail....mhéadaigh sé..... Le linn cúlú a cruthaíodh de bharr pholasaithe an pháirtí sin tá daoine muiníneach go bhféadfadh an páirtí céanna an rud ceart a dhéanamh!
N'fheadar an deireann an fhigiúir sin níos mó faoi mhuintir na tíre seo nó níos mó faoin fhreasúra. Deireann sé a lán fúthu araon is dóigh .i. ní féidir le pobal na hÉireann smaoineamh lasmuigh den bhosca ó thaobh páirtithe de, caithfidh siad vóta a chaitheamh d'Fhianna Gael nó Fine Fáil. Agus níl Fine Gael sách maith mar fhreasúra, (in ainm Dé, Éanna focain Kenní). Tá pobal na tíre ag creidiúint na bolscaireachta ó rialtas, leis.

Cloistear go minic go bhfuil toghthóirí na hÉireann an-chliste. Ó a mhac, an-chliste. Tuigeann siad chuile rud.
Cacamas.

Is cuma ar aon nós. Tá na bainc ró-dhócmhainneach le sábháil. Ní féidir linn a bheith ag leanúint ar aghaidh ag íoc an méid úis ar fhiacha an stáit a thuilleadh (€10 milliún in aghaidh an lae in ús amháin).
Tá titim tubaisteach i dteacht isteach cánach de 17.7% i gcomparáid leis an am céanna i 2009, agus cuirfidh mionbhuiséad crua dreach eile ar phobal na tíre.
Tá an geilleagar sáinnithe i bhfáinne fí díbhoilscitheach.

Sin mo racht go n-uige seo

2 comments:

Mise Áine said...

Cuireann modh vótála an phobail iontas orm féin go minic, a Dhubhaltaigh, agus táim den tuairim, bíodh mé ceart nó mícheart, go bhfuil baint eigin aige leis an sean-dílseacht sin, dílseacht do pháirtí amháin, dílseacht nach n-athraíonn nó nach n-athróidh, is cuma cén sórt jab a dhéanfaidh an páirtí sin den tír, fiú más praiseach iomlán é! Do bharúil?

Dubhaltach said...

Tá na sean dílseachtaí ann fós go deimhin. Ach táid ag laghdú de réir a chéile.
Tá tionchar ó chogadh cathartha fós le feiceáil, faoin tuath go príomha.

Má bhreathnaítear siar ar na holltoghcháin atá caite, bhí an briseadh síos i gcónaí cosúil le FF 45% FG 43% srl

Anois, tá b'fhéidir 22% agus 20% faoi seach atá toilteanach vótáil ar sin FF agus FG, faoi seach, cuma cén tosca.
Déarfainn go raibh borradh sa phobalbhreith is nuaí do FF de bharr tinnis an Aire Airgeadais, faraor.
Braitheann daoine chomhbhrón leis an Aire. Tagaim leo. Ach taispeánann an fonn vótála don pháirtí easpa machnaimh i ndáiríre.

Mar gheall ar an bpáirtí seo tá an tír i bponc nach beag, tá an stát bancbhriste, agus beidh sé ar na glúine le teacht an eire a iompair, má tá glúin óg fágtha sa tír i ndiaidh seo uilig.