"Tá sé an-thábhachtach go ndéanann muid athghabháil ar ár bhfaobhar iomaíoch chun poist a chosaint agus poist nua a fhás amach anseo".
B'in thuas roinnt a bhí le rá ag an Taoiseach le déanaí i leith líomhaintí ón bhfreasúra go raibh na huimhreacha fostaíochta go hainnis ar fad. Cúis imní domhsa gur tharraing an Taoiseach líne díreach idir 434,700 Éireannach ar an mbeochlár oifigiúil agus ár n-iomaíochas eacnamaíochta!
Ar aon chaoi, cad é "an faobhar iomaíoch" seo atá i gceist aige?
Cloistear na focail "iomaíoch" agus "iomaíochas" á rá go minic sna meáin ó thosaigh an spealadh s'againne, bíonn na focail "caithfidh muid" agus "a fheabhsú" le fáil sna habairtí céanna de ghnáth.
Cloisfear na focail á n-úsáid ag daoine ag labhairt thar ceann IBEC agus leantar ar aghaidh i ndiaidh sin le cáineadh do chostas fostaíochta sa tír. Is é sin le rá pá na n-oibrithe.
Bheadh brabús deas le baint amach ag gnólachtaí murach an fhadhb is ea pá na n-oibrithe!
Má bhí eacnamaithe agus tráchtairí airgeadais dúghafa le praghsanna ar réadmhaoin le linn ré an fháis bhréagaigh is fíor a rá go bhfuil an dearcadh sin athruithe anois agus táid dúghafa go huile is go hiomlán le costas lucht oibre agus an géarghá é a laghdú, dar leosan.
In iarracht ollmhór ó na maithe móra sna meáin, sa rialtas agus i dtionscal chun díospóireacht a spreagadh faoin gcostas pá sa tír lenár "bhfaobhar iomaíoch" a shábháil, rinneadh dearmad glan -d'aon ghnó- faoi aon ghné eile d'iomaíochas an gheilleagair.
Buíochas leis an meitheal smaointe eacnamaíochta darb ainm TASC, agus Michael Taft a bheith níos cruinne, tarraingíodh aird in athuair do thuairisc Forfás ar chostas reáchtála i gcomhair an tionscail mhiondíola in Éirinn agus fíricí eile maidir le costas lucht oibre.
Rinneadh an tuairisc chuimsitheach d'Fhorfás siar i 2008 ar iarratas an Tánaiste le fáil amach cad iad na costais ag baint le lucht oibre, cíos, leictreachas, gás, táillí gairmiúla, agus iompar etc. Sa tuarascáil déantar comparáid de Chorcaigh, Luimneach agus Baile Átha Cliath idir Londain, Manchain, Béal Feirste agus Maastricht.
Ar ndóigh taispeánann an tuairisc go bhfuil sé níos daoire don tionscal miondíola i gcathracha sa bPoblacht i gcomparáid leis na cathracha eile. Ach ag an am céanna, i gcomparáid leis an tionscal miondíola i Maastricht mar shampla fuarthas amach go raibh costas lucht oibre níos saoire abhus. Chomh maith leis sin bhí costais níos saoire ar ghás, uisce, iompar agus roinnt táillí gairmiúla ar nós cuntasóireachta.
Is éard a bhí ag brú suas costais sa tionscail mhiondíola in Éirinn ná cíos ard, costais ard na mbanc, teileachumarsáid, leictreachas costasach agus táillí dlí.
Bheadh sé níos saoire gnó a dhéanamh anseo in Éirinn murach na nithe seo, nó a bheith níos cruinne murach tiarnaí talún, BSL (de bharr pholasaithe an rialtais) agus baincéirí. Ní luíonn an locht leis an lucht oibre mar is mian leis an Taoiseach agus IBEC sinn a chreidiúint. Más mian linn "ár bhfaobhar iomaíoch" a ghearradh ní mór aghaidh a thabhairt ar na trí rud seo ar dtús.
Agus in ainneoin cad a chuala tú faoi chostais ró-ard lucht oibre in Éirinn, ó cibé foinse, níl sé fíor. Thaispeáin Michael Taft arís ar an raidió, le staitisticí reatha ó Eurostat agus Statistisches Bundesamt Deutschland (ar fáil ar líne), go bhfuil tuarastail san earnáil phríobháideach 1 faoin gcéad faoin meán sa AE-15, (An Gréig, An Spáinn agus An Phortaingéil ina measc) agus 16 faoin gcéad faoin meán inár bpiarghrúpa.
Níl ann ach sampla amháin a thaispeánann go bhfuil faobhar iomaíoch maith againn cheana (san earnáil phríobháideach) thar tíortha eile san AE.
No comments:
Post a Comment