
Buíochas le NASA tá íomhánna breátha nua níos soiléire againn den ghealach seo atá ag dul timpeall Satarn. Tugtar an Death Star air, do chúiseanna atá an-shoiléir.
Agus os rud é gur ag caint faoin Death Star atáim, ba chóir dom a lua go bhfuil cluiche ríomhaire iontach saor in aisce ar fáil ón suíomh seo.
Sa chluiche is féidir ionsaí a dhéanamh ar an stáisiún spáis céanna i radhairc ó A New Hope, agus Return of the Jedi.
Ar fheabhas.
4 comments:
“Is i gcruinne a cumadh gach dúil de réir chruthanna an domhain.” - An Teanga Bhithnua
B'fhíor don té a dúirt é. Go háirithe má smaoinítear go bhfuil gach uile rud sa chruinne a bhí ann, atá ann nó bheas ann déanta as adaimh. Rud a bhfuil cruth cruinne air.
Agus is maith le himtharraingt an cruth cruinne i gcoitinne
Cé hé an t-údar de In Tenga Bithnua
“Anaithnid”
Is cosúil gur scríobhadh é thart faoi AD 900.
Post a Comment