Ar dtús b'fhiú dom a rá go bhfuil áthas an domhain orm go mbeadh rudaí ag feabhsú, ach níl aon mhaitheas dúinn a bheith ag sáinniú ár gcloigne sa ghaineamh agus a bheith ag glacadh leis nó ag creidiúint an "casadh" a chuirfear ar an scéal go raibh fás in OTI na tíre sa cheathrú a d'imigh tharainn. Go díreach mar a tharla ag deireadh 2009!
Is fiú cuimhneamh freisin, sula gcloiseann muid an cacamas, go raibh fás bliantúil i 9 mbliain de na 10 mbliana le linn na h80daí!
Is cuma faoi OTI do mhuintir na tíre, tá an fás seo ann mar gheall ar bhrabús príobháideach na gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta atá lonnaithe anseo. Bíonn brabúsaíocht éasca ar fad do chomhlachtaí móra i dtír ina bhfuil ráta cánach corparáide an-íseal go deo an dtuigeann tú.
Ní rachaidh an brabús sin ar leas Éireannach, agus ní rachaidh an brabús seo ar leas na tíre ar chor ar bith; ní íocfaidh sé tuarastail bhanaltraí, ní thógfaidh sé scoileanna agus ní feabhsóidh sé bóithre etc.
Tá OTN (olltáirgeacht náisiúnta - an táscaire is oiriúnaí do gheilleagar na hÉireann) ag titim arís. Tá dífhostaíocht ag fás. Tá tuarastail ag titim. Tá iasachtú ag titim. Tá infheistíocht ag titim as aill. Tá imirce ag méadú. Tá caiteachas ag laghdú. Cónaíonn muid sa dara tír is costasaí san Eoraip. Is ionann fiacha gan srian na bhforbróirí/na mbanc agus fiacha s'againne etc etc.
In ainneoin seo tá saibhreas príobháideach ag fás go rábach, agus sin go díreach atá le feiceáil againn sna huimhreacha is déanaí ón Phríomhoifig Staidrimh. Fás i mbrabús de €2 billiún le bliain anuas do chomhlachtaí eachtrannacha in Éirinn le bheith beacht.
Bhí alt an-mhaith ag Uinsionn de Brún sa SBP ag an deireadh seachtaine ag taispeáint cé chomh míchothrom is atá an dáileadh saibhris nua seo timpeall an domhain.
"Ach ní dhéanfaidh aon duine acu (ceannairí na G20) trácht don áiféis shoiléir go bhfuil, le linn géarchéim eacnamaíochta domhanda, saibhreas airgeadais an domhain ag fás agus ag cúngú i dtreo mionlach"Mar a mhaíonn sé i gceart ina dhiaidh sin tá muid gafa ag an tuiscint go bhfuil sé seo inghlactha agus gur toradh é de gheilleagar saormhargaidh naofa. Ní féidir cur as don ghné seo gan a bheith ag cur as don gheilleagar domhanda mar a thuigeann muid inniu é.
Cá bhfuil an díospóireacht faoi seo?