Dé Máirt, Feabhra 23, 2010

M2010.02.17

Tugtar "mashup" ar an bhfíséan iontach seo de Avatar agus Pocanhontas. Oibríonn an sórt meascáin seo go han-mhaith idir Avatar agus Pocanhontas toisc go bhfuil an scéal céanna le fáil iontou araon, beagnach.

Is cinnte go bhfuil roinnt daoine beagáinín craiceáilte i ndiaidh an scannáin sin, bhí daoine áirithe ag rá gur mhaith a lámh a chur ina mbás féin le go ndéanfadh athbhreith orthu ar Phandóra!

Ach cé chomh dona is atá sin, n'fheadar mé cad a bhí ar intinn na ndaoine seo a bhí gléasta suas mar na caractair as an scannán.
Tuigim go bhfuil scéal an scannáin faoi shaint agus impiriúlachas ach ní chreidim go bhfuil a leithéid de chacamas ag déanamh aon ní dearfach ar son a gcúise.

4 comments:

Dennis King said...

GRMA as an dá fhíseáinín.

lámh a chur ina mbás féin le go ndéanfadh athbhreith orthu ar Phandora

Bhí úrscéal fantaisíochta ann tráth, Watership Down, faoi choiníní cróga a raibh a gcultúr féin acu. Níor léigh mé féin riamh é, ach leabhar móréilimh a bhí ann mar sin féin.

Thart faoin am sin, chonaic mé alt sa nuachtán faoi fhear óg a chuir lámh ina bhás féin. Dúirt sé, i nóta a d'fhág sé ina dhiaidh, go raibh sé ag súil le hathbhreith mar choinín i Watership Down.

Dubhaltach said...

Sin uafásach.
Is dóigh nach bhfuil an té ag cur a lámh ina bhás féin ag smaoineamh i gceart ar an chéad dul síos.
Agus más mian leat Watership Down a fheiceáil is féidir é a fháil ar You Tube
http://www.youtube.com/watch?v=3gYpLGxAetg
Mholfainn é.

Dubhaltach said...

Maidir leis an scéal sin Watership Down, is cuimhin liom scéal eile ina leith na blianta ó shin ina mhol údar an leabhair, nó d'aontaigh sé ar aon nós, gur chóir cuid mhaith de na coiníní ar bhunaigh sé an leabhar orthu a mharú.
Bhíodar ag rá go raibh an iomarca acu ann.

Néidí said...

Molaim duit an leabhar Watership Downs a léamh. Is leabhar iontach é a chum Adams dá iníonacha agus taitníonn an cartún leis na paistí freisin. Bíonn sé ar an teilifís um Nollaig i gcónaí. Tá cuid is mó dá chuid oibre dírithe,áfach, ar an duine fásta.Léigh Plague dogs agus Shardik!