Dé Domhnaigh, Feabhra 14, 2010

M2010.02.13

-Stoc-charnadh mór de bhia a mhaireann i bhfad, i gcannaí de ghnáth.
-Leigheasanna.
-Gunna agus piléir, tuiscint conas iad a úsáid i bhféinchosaint, agus in ionsaithe ar dhaoine eile chun a mbeatha a ghoid (ag brath ar fad na géarchéime agus cé chomh práinneach is atá sé duit agus do do mhuintir).
-Airm eile .i. claíomh, gró etc.
-Baile faoin tuath i bhfad i bhfad óna cathracha. Ballaí arda ina thimpeall .i dún.
-Go leor síolta glasraí agus leasacháin. Páiste mór talún leis na síolta a chur agus barr a bhaint.
-Polla-tollán mór chun rudaí a fhás le linn na bliana. Tuiscint mhaith conas é sin a dhéanamh i gceart.
-Tobar fíoruisce agus íontóir uisce. Cnuasaitheoir báistí.
-Raidió beag.
-Raidió CB.
-Foinse breosla .i. páiste portaigh nó coill mhór.
-Madra maith fiaigh agus tuiscint conas fiach ceart a dhéanamh.
-Breochloch nó tuiscint conas tine a thosnú gan breochloch nó lasáin, arís ag brath ar fad na géarchéime.
-Tuiscint iontach ar phlandaí agus luibheanna fiáine inite.
-Uirlisí de gach uile shórt ar domhain, agus tuiscint conas iad a úsáid.
-Léarscáileanna agus compás. Arís tuiscint conas iad a úsáid.

Níl sa liosta sin thuas ach roinnt de na rudaí a mholtar dúinn a bheith inár seilbh agus ar ár n-eolas más mian linn apacailipsis éigin nó tobthitim iomlán eacnamaíochta a mhaireachtáil.
Seachas an tuiscint ar roinnt rudaí thuas is fíor beagán acu atá agamsa.

De ghnáth ní bhíonn na nithe seo ag éinne ach na daoine aisteacha agus paranóidigh a chreideann go bhfuil deireadh an domhain i ndán dúinn go luath. Ceap magaidh is ea iad, dar linn.
Ach is spéisiúil an rud é go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag smaoineamh ar na téarmaí seo. Is gné dár linne is dóigh le geilleagair timpeall an domhain ina gcíor thuathail.

Tá sé níos spéisiúla fós arís go bhfuil tráchtairí airgeadais i nuachtáin amhail an Wall Street Journal ag déanamh tagairt d'ainrialtacht eacnamaíochta agus na himpleachtaí don chine daonna i ndomhan iar-apacailipteach! Mholfainn an t-alt thuas a léamh.
Mar a deireann an t-údar san alt, deireann mo dhuine an bainisteoir fál-chiste sin gur chóir "feirm a cheannach" agus neamhthuilleamaíocht a chleachtadh.

Cheapfá go bhfuil na fir seo ag magadh, ach nílid!

6 comments:

aonghus said...

Tá an gné sin riamh i bpobal Mheiriceá, agus é indéanta thall - tá an spás agus na dlíthe ann a ligeann duit é dhéanamh.

Caolseans a leithéid a dhéanamh san Eoraip. Tá an dlús daonra ró mhór, agus an Rialtas i gcoitinne níos uileláithrí!

Mise Áine said...

Nach suimiúil na línte sin ‘always act in your own self-interests first’ agus ‘self-serving power hold’? Hmmmmmm Meas tú an bhfuil a leithéid ag tarlú sa tír seo...

Dennis King said...

Cuireann do dhuine meascan d'Elmer Gantry agus Ayn Rand is gcuimhne dom. Faighim an Journal chuile la (ach amhain De Domhnaigh, ar ndoigh), sa bhaile agus anseo i Maui. Ach ni leim na leathanacha ag deireadh cuid a haon den nuachtan, na heditorials agus mar sin de, mar a bhfuil na barulacha fior-chraiceailte le fail. Ni fhaca me an t-alt seo. Is docha go raibh se sa rannog sin. Caveat emptor 7c.

Dubhaltach said...

@ Áine
Bhuel níl an rialtas s'againne ag déanamh aon ní a bheadh ar leas éinne eile seachas iad féin agus na dreamanna a thug cabhair airgeadais dóibh ar feadh na mblianta. NAMA cur i gcás.

Dubhaltach said...

@ Dennis
Cad chuige Elmer Gantry (Leabhar/Scannán aoire?) agus Rand (Capitlíoch Rúiseach)?

Fan.. feicim anois. Seanmóireacht den eite dheis.

N'fheadar an mbíonn ailt ón suíomh sin sa WSJ i gcónaí, ach is cuid den ghrúpa WSJ é.

Dubhaltach said...

@ Aonghus
Is fíor sin go deimhin. Ach ní raibh sé riamh mar mholadh infheistíochta roimhe, go bhfios domsa.
Cinnte tá sé níos éasca thall "bheith réidh" do thobthitim iomlán eacnamaíochta nó "apacailipsis" ó thaobh neamhthuilleamaíochta de.
Ach ba chóir dúinn go léir san Eoraip a bheith in ann neamhthuilleamaíocht -ó thaobh fuinnimh agus bia- a chleachtadh gan aon stró.