Dé hAoine, Feabhra 05, 2010

M2010.02.10

(Íomha de dhealg Thulaigh Shinill ón IT)
Níos aistí agus iontaí ná rúin na cruinne go léir is ea an chaoi ar thit dealg ar urlár coille timpeall 600 AD, go bhfaigheann an choill sin bás de bharr athrú aeráide nó nithe eile, go bhfásann portach ar a fuíoll agus 1,400 bliain níos déanaí baintear móin ón phortach sin le meaisín. Triomaítear an mhóin. Bailítear an mhóin. Dóitear an mhóin. Agus faightear an dealg sa luaith i sorn i 2010. Dochreidte

3 comments:

Dennis King said...

Go raibh maith agat, a Dh! Chuir mé tcht faoi seo chuig Old-Irish-L le nasc chuig do bhlagmhír inti.

Dubhaltach said...

Tá líon mór daoine ag leanúint Old-Irish-L!

ormondo said...

GRMA as an bhfaisnéis, a Dhubhaltaigh.

"Dealg mhíolchruthach neasfháinneach" mar a déarfadh lucht focal.ie!