Déardaoin, Feabhra 18, 2010

M2010.02.16

Mike Dwane den Limerick Leader ag cur agallaimh ar Willie O'Dea d'Fhianna Fáil, O'Dea ag tabhairt ráiteas ar Maurice Quinlivan de Shinn Féin san agallamh.

Dúirt O'Dea sa chúirt, faoi mhionn, nár thug sé na ráitis seo atá le cloisteáil sa bhfíseán thíos. Dúirt sé go neamhbhalbh nár dhúirt sé aon ní de shórt, i gcúirt, faoi mhionn.

Go dtí gur tháinig an closán seo amach ar ndóigh.



Tá an ceart ag Vincent Martin san IT ar maidin. Faigheann an caighdeán íseal an lámh in uachtar arís, le buaileadh trom eile in aghaidh "daonlathas" na tíre, buíochas le lucht gaimbín .i. Fianna Fáil, mar is gnáth.

3 comments:

Mise Áine said...

Tá níos mó ná Wee Willie Blinkers amháin sa Duh'l, a Dhubhailtaigh, mar a léirigh na daoine uile a chaith vóta tacaíochta...

Dubhaltach said...

Is deacair fimíneacht an rialtais seo a shárú.
An méid a bhí le feiceáil agus le cloisteáil againn sa Dáil an tseachtain seo caite, ba chóir go gcuirfeadh a leithéid d'iompar náire orainn mar náisiún.
Mar bharr ar an donas níl aon ní foghlamtha acu siúd i gcumhacht. Ní chreideann Willieo go bhfuil aon ní déanta as ord aige. Ní chreideann a chomhghleacaithe go bhfuil aon ní mícheart déanta aige ach an oiread.
In ainm Dé, bhí an tAire Dlí -an tAire Dlí más é do thoil é- ag caint faoi athfhilleadh O'Dea amach anseo.

Thug an fear eolas bréagach faoi mhionn sa chúirt agus rinne sé béadchaint ar dhaoine eile agus creideann ár nAire Dlí is Cirt gur chóir dó teacht ar ais arís amach anseo!

Dubhaltach said...

Agus mura bhfuil sé feicthe agat cheana a Áine:
http://www.youtube.com/watch?v=HP1lwjGjWzQ