Bhí sé i gceist agam go mbeadh an t-alt thíos, a scríobh mé beagnach coicís ó shin, le léamh an tseachtain seo caite i Nuacht24. Ach! Ós rud é go bhfuil seachtain eile caillte againn cuirfidh mé suas anseo é.
"Divide et impera", a théann an sean-straitéis más mian le duine atá i gcumhacht an chumhacht sin a neartú agus a dhaingniú. Déanann sé cinnte nach bhfuil dreamanna éagsúla ar aon intinn le chéile faoi cad atá ar a leas, agus troidfidh na dreamanna siúd in aghaidh a chéile, rud a bheas ar leas an té atá i gcumhacht.
Ní raibh an cur chuige seo níos feiceálaí i measc mhuintir na hÉireann go dtí cúpla seachtain anuas. Tá oibrithe san earnáil phoiblí agus oibrithe san earnáil phríobháideach in adharc a chéile, sna meáin ach go háirithe, faoin cheist ar chóir d'oibrithe san earnáil phoiblí dul ar an stailc ar an Máirt seo caite, nó ar chóir dóibh ciorruithe páidh a ghlacadh díreach mar atá ag tarlú i réimsí áirithe na hearnála príobháidí.
Déarfainn go bhfuil an rialtas sna trithí gáire ag breathnú ar aighneas na gcarad seo, déanann sé cinnte go bhfuil ceap milleáin de shórt acu siúd san earnáil phríobháideach faoi cad atá ag titim amach dóibh, agus tugann sé an spreagadh don rialtas an easpa ceannaireachta is fearr leo a leanúint chun an fhadhb eacnamaíochta s'againne a réiteach.
Is é atá i gceist leis an easpa ceannaireachta ná an drogall atá ar an rialtas ceannaireacht a thaispeáint ón tosach, agus an t-athbhreithniú a rinneadh ar thuarastail ag na leibhéil is airde sa stát seirbhíseach a chur i bhfeidhm láithreach bonn. Bhí níos mó ná go leor ama ag an rialtas an cur chuige cothrom seo a ghlacadh agus iarracht a dhéanamh oibrithe na hearnála poiblí a mhealladh, go béasach, lena bplean tarrthála an gheilleagair a leanúint.
D'fhoilsigh an Gasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair Níos Airde san Earnáil Phoiblí a tuarascáil go poiblí ag tús na míosa seo caite, agus bhí sé ar bhord an Aire Airgeadais ar feadh mí, ar a laghad, roimhe sin. Molann an tuarascáil sin ciorruithe de 15% ar phá Airí rialtais, breithiúna, comhairleoirí, comhairligh sláinte agus feidhmeannaigh san earnáil phoiblí le cinntiú go bhfuil na tuarastail is airde ag teacht i líne lena macasamhail san Eoraip.
Ní amháin nach bhfuil an 15% sin atá molta ard a dhóthain i ndáiríre do dhaoine atá ar thuarastail idir €150,000 agus €250,000 in aghaidh na bliana, ach tá sé ráite ag an Aire Airgeadais nach mbeadh sé toilteanach ciorruithe ard dian a chur i bhfeidhm ag na leibhéil is airde ar eagla nach bhféadfaí teacht ar na daoine is fearr agus is oilte na poist siúd a líonadh!
Leis sin deirtear dóibh siúd atá ar na tuarastail is ísle san earnáil phoiblí go gcaithfidh siad ciorruithe pá a ghlacadh sa gcáinaisnéis atá romhainn, níl aon iontas go raibh stailc náisiúnta ann mar sin.
Faraor is léir anois ón stailc Dé Máirt, agus an bagairt go mbeadh stailc náisiúnta eile ann, ar a laghad, roimh dheireadh na bliana, nach mbeadh an rialtas in ann oibrithe na hearnála poiblí a mhealladh leo faoi cad atá leagtha amach rompu a dhéanamh. Tá agus bhí ciorruithe pá san earnáil phoiblí dosheachanta i gcónaí, bíodh is go mbraitear go bhfuil cothrom na féinne á fháil nó ná bíodh. Mhaígh an tAire Airgeadais in Aibreán i mbliana go raibh sé ag beartú ceartuithe de chaiteachas caipitiúil na tíre de €1.5b do 2010 mar chuid den €4b atá sé i gceist acu a shábháil. Gan ghearradh siar ar líon na ndaoine fostaithe san earnáil phoiblí ní mór timpeall is €550 milliún, nó níos mó, de chiorruithe pá a chur i bhfeidhm.
Más rud é go bhfuil an gearradh siar dosheachanta caithfidh an rialtas agus na ceardchumainn cothromaíocht a aimsiú.
Gné eile den easpa ceannaireachta á thaispeáint ag an rialtas ná an drogall, arís, atá orthu moltaí ón gCoimisiún um Chánachas a chur i bhfeidhm. Baineann an chuid is faide den tuarascáil sin le níos mó ná 110 faoiseamh cánach atá ar fáil do lucht an rachmais in Éirinn. Dá gcuirfeadh an rialtas na moltaí ó chuid a 8 den tuarascáil i bhfeidhm agus fáil réidh leis na 110 faoiseamh cánach bheadh €800 milliún ar fáil go díreach don státchiste ón mbeart sin amháin. Agus tiocfaidh an méid seo go díreach ó na daoine is saibhre sa tír, ós iad an dream amháin a fhaigheann aon leas as aon fhaoiseamh cánach dá leithéidí.
Tá an grúpa Social Justice Ireland (SJI) ag moladh na bearta seo i mBuiséad 2010 mar an chéad chéim le teach isteach cánach na hÉireann a ardú, toisc go bhfuil ár dteacht isteach cánach ar cheann de na leibhéil is ísle ar domhan.
San Aontas Eorpach -maidir le teacht isteach don státchiste ó cháin mar chéatadán den OTI- tá an tír seo ar an leibhéal céanna is atá An Rómáin, An tSlóvaic, Laitvia, An Eastóin. Ar an iomlán thit ár dteacht isteach cánach ó 31.41% de OTI i 2007 go 27.41% de OTI i 2009, agus mínítear tír chánach íseal mar tír a bhfuil teach isteach ó cháin ag 34.9% de OTI.
Mar sin, níor chóir go mbeadh aon iontas orainn arís nach bhfuil sé d'acmhainn ag an státchiste seirbhísí poiblí a mhaoiniú gan iasachtú ollmhór.
Anois, faoi dheireadh thiar thall, tá an pobal ar aon intinn faoin mbealach chun tosaigh lenár bhfadhbanna maoinithe a réiteach, go háirithe nuair a thagann sin go dtí rogha idir chiorruithe ar leas sóisialach agus seirbhísí poiblí tábhachtacha. Bhí an méid seo go han-soiléir ón bpobalbhreith Red C is nuaí a foilsíodh sa Sunday Business Post ag an deireadh seachtaine seo caite inar mhaígh 76% díbh siúd a ceistíodh gur mhaith leo ardú i gcánacha a fheiceáil in áit ciorruithe i leas sóisialach, seirbhísí poiblí agus pá íosta sa gcáinaisnéis ag Nollaig.
Mhínigh an tAire Airgeadais in Aibreán go raibh sé i gceist ag an rialtas ceartuithe a dhéanamh de cháin a chinnteodh €1.7b do 2010, arís mar chuid den €4b atá sé i gceist acu a shábháil.
Go dtí seo dhiúltaigh an tAire Airgeadais go mbeadh aon ardú cánach ar shaibhreas, seachas ardú cánach dóibh siúd atá ar an bpá is ísle, ionas go mbeadh leathnú orthu siúd ag íoc cánach in Éirinn.
Mar a mhíníonn SJI: "Tá 16% de dhaonra na hÉireann ag maireachtáil i mbochtaineacht. Ciallaíonn sé sin go bhfuilid ag maireachtáil ar níos lú ná €12,000 d'aonarán nó níos lú ná €28,000 do theaghlach de cheathrar".
Is olc an mhaise d'aon rialtas a bheith ag moladh cáin sa bhreis ar a leithéid de streachailt, go háirithe nuair nach bhfuil gá leis chun an t-easnamh a shásamh.
1 comment:
D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com
Post a Comment