Dé Luain, Samhain 02, 2009

M2009.11.01

An bhfuil difríocht ar bith idir an fear thuas ó Bhaile Formaid i mBaile Átha Cliath agus Moses, abair. Is é sin le rá, fear a chreideann go bhfeiceann sé rudaí ó Neamh agus a bhfuil lucht leanúna aige a chreideann an méid a deireann sé.
An bhfuil difríocht idir an fear seo agus Vernon Howell aka Dáithí Koresh ó thaobh creidimh agus iompair de?

Ní shílim go bhfuil i ngach chás.
Tá an chléir in aghaidh na nithe seo go léir atá á dtuar ag an mBleácliathach craiceáilte, ach, is ionann a chreideamh agus an creideamh a bhfuil an Eaglais bunaithe air

Cad atá cearr san aigne le 15,000 Éireannaigh (agus dearaim é sin ar aon eolas go raibh m'aintín ann) ar an ndóchas go bhfeicfeadh siad íomhá den Mhaighdean ar an gCnoc.
Níl mórán taithí pearsanta agam ar nósanna creidimh ón chuid eile den tír, ach tá rud éigin ait le sonrú i measc na nGael san Iarthuaisceart ach go háirithe, ó Thír Chonaill síos go Maigh Eo.
Is iarchomharsa agus múinteoir liomsa a bhfaca an Mhaighdean sa bportach ar na Carna i gContae Shligigh na blianta ó shin, is gaol do mo chuid a thugann cúnamh don scrín atá ann anois!
Tá aithne agam ar dhaoine a chreideann go bhfeiceann siad Dia nuair atá an ghrian ag taitneamh trí na scamaill.
Tá aithne agam ar dhaoine a chreideann go dtugann na naoimh cuairt orthu agus a muintir.
Bhí an dealbh sin den Mhaighdean Mhuire ó Iorras ina sheasamh os cionn ár dtinteán ar feadh i bhfad, an ceann a bhí "ag gol".
etc. etc. etc.

Anois feictear an ghrian ag damhsa os cionn na hEaglaise ar an gCnoc agus creidtear gur chomhartha ó neamh atá ann!
Déarfainn má bhreathnaítear ar an ngrian ar aon lá, in aon chuid den domhan, go dtosóidh sí ag damhsa toisc go bhfuil do chuid súile á scrios ón UV!
Ní féidir an cacamas seo a shárú.

Cad atá in easnamh ina saol, nó ina n-aigne, a bhogann daoine sa treo reiligiúnach seo?
Airgead? Cultúr? Cuspóir? Grá?

Tuairisc ón IT

-----------------------------------------------

Chun m'aigne féin a ghlanadh agus saol níos suaimhní a chaitheamh thosaigh mé ag iarraidh "dianmhachnamh a dhéanamh" nó "meabhrú go domhain a dhéanamh" .i. meditate.
Dála an scéil nach bhfuil focal níos fearr ná "dianmhachnamh a dhéanamh" sa nGaeilge do meditation? Óir nuair atáthar i n"dianmhachnamh" níltear ag machnamh ar aon ní!
Ar aon nós thosaigh mé ag déanamh dianmhachnaimh le déanaí agus ní féidir liom mé féin a stopadh ón fhonn codlata a bhíonn orm tar éis cúpla nóiméad d'análú lag, meon glanta agus súile dúnta.
Seans nach bhfuilim á dhéanamh i gceart.

8 comments:

Mise Áine said...

Meas tú nach ag an Oireachtas a bhí sí...

Dubhaltach said...

sí nó Sí?

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Is dócha go bhfuil difear beag idir é agus Koresh!
Cé nach mbímse ró-ghaibhte le 'taispeántais' agus a leithéid, ná bímis ró-chrua ar na daoine atá 'cearr san aigne' nó a bhfuil 'easnamh ina saol, nó ina n-aigne'. Tá maidí croise de dhíth orainn uilig, agus thig liom smaointiú ar mhaidí i bhfad níos contúirtí ná aingle, An Mhaighdeán agus ár dTiarna!
Caidé an Ghaeilge ar 'Live and let live'?
(Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat... b'fhéidir.)

Dubhaltach said...

Maidir le Koresh agus Moses agus mo dhuine thuas. Nílim ach ag rá go bhfuil daoine áirithe ann a deireann go bhfeiceann siad rudaí ó neamh agus go mbíonn tionchar acu ar dhaoine aineolacha ina dtimpeall. Bíodh sin dearfach nó diúltach.

Agus fiú má tá rudaí níos contúirtí ná na haingil, cén costas a bheas ar an stát nuair a bheas gá ag na daoine seo le leigheas dá radharc i ndiaidh dóibh an ghrian a scrúdú gan chosaint dá súile?

Dennis King said...

Is dócha go ndéarfadh Robert Wright go bhfuil do dhuine suite áit éigin idir an stock analyst (anailísí an stocmhargaidh?) agus an seaman (shaman, ní mairnéalach). Tá na daoine seo ag seeking contact with an otherwise hidden world that shapes human destiny. Seo nasc.

Dubhaltach said...

ana-mhaith Dennis :)

Níl aon ní chinnte sa stocmhargadh seachas óir, nó airgead .i. silver agus copair etc.

Is dóigh mar sin gurb ionann óir agus bás sa chaoi sin!

Dubhaltach said...

Tuairisc eile ón IT!
http://www.irishtimes.com/newspaper/frontpage/2009/1103/1224257963765.html?via=mr
“There was food and drink spilled inside, chairs turned upside-down, the carpets were soiled and even worse than that.”

joyce ocar said...

Χρειάζεσαι δάνειο? Δραστηριοποιούμε τη διεθνή εταιρεία δανείων που δίνουμε δάνεια σε ιδιώτες, επιχειρήσεις, ιδρύματα, επιχειρηματικούς οργανισμούς και ανθρώπους όλων των ειδών σε όλο τον κόσμο. Χρειάζεστε ένα δάνειο για οποιονδήποτε σκοπό; Είστε σε οικονομικό πρόβλημα, Χρειάζεστε οικονομική λύση CAPITAL LOAN HOME είναι η λύση για όλα τα οικονομικά σας προβλήματα, τα δάνεια μας είναι εύκολα, φθηνά και γρήγορα. Επικοινωνήστε μαζί μας σήμερα για το δάνειο που χρειάζεστε, μπορούμε να κανονίσουμε οποιοδήποτε δάνειο που να ταιριάζει στον προϋπολογισμό σας με επιτόκιο μόνο 3%. Επικοινωνήστε μαζί μας μέσω ηλεκτρονικού ταχυδρομείου: joyceocar@gmail.com