Dé Céadaoin, Samhain 25, 2009

M2009.11.16

Cheannaigh mé an Indo inniu le Foinse Nua a cheannach. Bhí radharc breá ar chéad leathanach an nuachtáin de na mílte daoine i dtrácht trom ag dul ó thuaidh ón deisceart lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh.
Oibrithe ón earnáil phoiblí a bhformhór dar leis na tuairiscí. Bhí múinteoir a bhfuil aithne agam uirthi ina measc.

Bí ag caint faoi amaideacht. Thug na hóinsigh is amadáin an-armlón do na meáin, an rialtas, agus daoine i gcoitinne a d'fhéadfaidís úsáid a bhaint as ina n-aghaidh amach anseo.
Nuair ba chóir dóibh a bheith ar an stailc náisiúnta, ag picéid, ag iarraidh a bhfearg is a ndéistin a chur in iúl don rialtas, bhíodar ag siopadóireacht.
Agus siopadóireacht d'alcól don chuid is mó a bhí ann leis!

3 comments:

Mise Áine said...

Agus cén ciste stáit ina raibh airgead na n-oibrithe siúlacha ag dul?

Más fíor na scéalta, tá tacaíocht iontach á thabhairt d'oibrithe na tíre seo, oibrithe atá san earnáil phrióbháideach, ag oibrithe sin na n-earnálacha poiblí, an bhfuil? Sea.

Dubhaltach said...

Níl fadhb agam le daoine ag caitheamh a gcuid airgid i mbaile an Iúir. Tá margadh níos fearr le fáil ann, mar sin ba chóir an deis an tapú. Sin caipitleachas. Agus seans go músclóidh an méid airgid á chailliúint againn an rialtas chun aghaidh a thabhairt ar cé chomh amaideach is atá teorainn in Éirinn.

'Séard a bhí i gceist agam ná sheol na híomhánna de thrácht trom ag dul ó thuaidh an teachtaireacht mhícheart

Dubhaltach said...

Tráthúil go leor tá rud le rá ag Titley ar an ábhar:

http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2009/1203/1224259991034.html