Dé Luain, Samhain 16, 2009

M2009.11.12


I scoil deirtear linn gur bhailigh roinnt Indiaigh Mheiriceá (Choctaw) airgead le chéile agus sheol siad an t-airgead sin chuig ár sinsear nuair a bhí siad ag dul tríd an Ghorta Mór in Éirinn timpeall 1847. Rud maith go bhfuil sé sin á múineadh dúinn i scoileanna sa lá atá inniu ann fós.
Is cóir dúinn cuimhneamh ar a leithéidí de charthanacht fhial i gcónaí.
Tá roinnt mhaith againn ann inniu de bharr an airgid sin .i. tuairim is $700 a fuair muid uathu.
An-chuid airgid ag an am, an-chuid airgid ó mhuintir Choctaw a bhí beo bocht iad féin, ach a bhí cuimhní beo acu ar dhrochshaol s'acusan .i. d'fhulaing siad Conair na nDeor in 1831, cogadh na nIndiach i gcoitinne agus saint gan srian an fhir ghil.

Mar sin, is le teann náire a bhreathnaigh mé ar thaifead a bhí agam den chlár Cowboys ar TG4 anocht.
Clár fíor-spéisiúil atá ann, agus d'fhoghlaim muid sa chlár is déanaí faoi Seoirse Custer, a sheasamh cáiliúil deireanach agus an marcshlua a raibh sé i gceannas air.
Gaeil an dream is mó a bhí sa mharcshlua sin, thar aon chine eile.
De Búrca, Mac Carthaigh, Caomhanach, Ó Conaill etc. Is iad roinnt de na sloinnte atá greanta ar an leacht cuimhneacháin, ata ar an gcnocán, inar tharlaigh seasamh deireanach Chuster.

Mar sin, tá seans réasúnta maith ann go raibh paidreacha Gaeilge á rá ar an Sruthán Gréisceach, nó Little Big Horn mar is fearr aithne air, ar an 25 de mhí Meitheamh in 1876 sular chuir Tȟašúŋke Witkó .i. Capall Craiceáilte, agus na laochra Sioux eile, deireadh le Custer agus a mharcshlua leath-Ghaelach ar fad.
Tá seans réasúnta maith ann go bhfuair tuismitheoirí na nÉireannach siúd, a bhí ag cur cogaidh ar na Meiriceánaigh Dúchasacha go foréigneach, seans go bhfuair a dtuismitheoirí cúnamh agus beatha ón t-airgead sin atá luaite thuas, le linn an Ghorta Mhóir!

"Cuimhne ghearrthéarmach" ab ea an leithscéal a thug Meiriceánach éigin ar an gclár faoin chaoi a raibh na hÉireannaigh toilteanach dreamanna eile a chur faoi chois, agus a dteanga, a reiligiún agus a slí bheatha a scriosadh le lámh láidir.
Bhí cuma an-mhíchompordach ar Dháithí Ó Sé bocht faoin bhfíric sin.

4 comments:

Dennis King said...

Deirtear go forleathan gurbh é an fonn Garry Owen ~ Garraí Eoin a bhí mar amhrán máiseála ag Custer an lá úd.

Madir leis na hÉireannaigh i Mheiriceá ag deileáil le cinníocha eile, ní raibh muid thar a bheith... mmm ... “tuisceanach” i gcónái. Tháinig cuid de mo shinsir go Pennsylvania ó Chúige Uladh roimh Chogadh Saoirse Mheiriceá. Scots Irish a thugtar orthu anseo. Bhí a lán acu ann agus bhí clú na teasaíochta agus na mírialtachta orthu, agus ní gan fáth. Bhí córas ann, faoi stiúir an rialtais, le fearann a cheannach ó na hIndiaigh, ach níor bhac an Scots Irish leis sin. Ghoid siad an fearann agus ruaig nó mharaigh siad na hIndiaigh, in iarthar Phennsylvania ar dtús agus ansin síos an Cumberland Valley agus níos faide siar ina dhiaidh sin.
Nuair a tháinig tonn mhór eile inimearcach isteach roimh ár gCogadh Cathartha, bhí dearg-náimhdeas acu leis na daoine gorma i Nua-Eabhrac agus sna cathracha móra eile (agus i mBostún go dtí le déanaí!) toisc go raibh an dá dhream seo ag coimhlint le chéile agus iad beirt ag bottom of the heap.

Dubhaltach said...

"Garraí Eoin a bhí mar amhrán máiseála ag Custer an lá úd"

Mhaígh siad amhlaidh ar an gclár.

Go raibh míle as stair do shinsir a mhíniú, an-spéisiúil. Bhí clár eile ar TG4 le déanaí faoi na Scots Irish sin sa Cumberland Valley, sílim.
B'fhiú breathnú air. Déanfaidh mé iarracht é a aimsiú, mura bhfuil sé feicthe agat cheana.

Dennis King said...

Bheadh an-suim agam sa chlár sin ar TG4 faoi na Scots Irish.

recte: amhrán máiRseála

Mhílitrigh mé é agus lean tusa mise!
;-)

Dubhaltach said...

Ní féidir an clár a aimsiú ar chartlann TG4, ach, On Eagles Wing an t-ainm a bhí air.

"Clár faisnéise ina dtugtar léargas iontach ar Ghaeil na hAlban ón saol umhal a bhí acu i ndeisceart na hAlban go dtí an ról lárnach a bhí acu i gcruthú ceann de na náisiúin is cumhachtaí ar an domhan - Stáit Aontaithe Mheiriceá."

Deireann an leagan Béarla de sin thuas "Scots-Irish"