Dé Máirt, Samhain 03, 2009

M2009.11.02




Chonac an chloch spéisiúil seo thuas ar an gcosán chuig Páirc Dúlra an Bhaile Ghaelaigh i mBaile Átha Cliath le linn na deireadh seachtaine. Sampla eile de "entoptics" mar a mhínigh an Ciongach é.
Tá sé lonnaithe in áit freisin ina mbíonn drugaí á úsáid is damhsaí á dhéanamh go minic.
Ach n'fheadar an bhféadfadh an sórt drabhláis sin é féin a thaispeáint le píosa ealaíne chomh deas agus an chloch sin.

2 comments:

Dennis King said...

An ndearnadh le péint bhán é gan aon rud eile? “Céard a fhaightear má chros-síolraítear séabra le moghlaeir?”

Dubhaltach said...

:)
Sea, péint cineál airgid atá ann.