Dé Máirt, Deireadh Fómhair 26, 2010

M2010.10.20

Ag leanúint blagmhír Aonghusa chuaigh mé féin ag spaisteoireacht trí shuíomh Dennis. Tháinig mé ar an gcomhairle chríonna seo a leanas as an dán "Cert cech ríg co réil":

Ná lorg do chíos
ar dhuine gan acmhainn
is fearr uaidh a leath
ná a meath mar aon.


(curtha in eagar de réir na moltaí thíos)

Smaoinigh mé ar an toirt ar an dream amadán atá i gceannas i dTeach Laighean. Agus an chomhairle chríonna á tabhairt dóibh go laethúil go mbeadh sé tubaisteach ar fad do gheilleagar na tíre seo dá leanfaidís ag aghaidh ag géarú €5 nó €6 billiún, nó níos mó fiú!, as an gheilleagar baile gach bhliain, agus ag fáscadh níos mó as na daoine is daibhre agus is leochailí i sochaí.

An beartas contúirteach déine seo go léir á dhéanamh acu chun na "margaí" a cheansú ar chomhairle mhíchríonna lucht na mbanc. Sin lucht na mbanc céanna a mholann in aghaidh athstruchtúrú féich na tíre agus caillteanais do shealbhóirí bannaí!
Mar a mhínítear sa bhlagmhír seo "is cogadh é idir na bainc agus na daoine" (mholfainn go láidir an bhlagmhír sin agus an sliocht atá ann den agallamh seo ach go háirithe), nó i bhfocail eile is éard atá ann, go simplí, ná an seanchogadh aicme sin atá mar bhunchloch le haghaidh an chórais chaipitleachais.

7 comments:

Dennis King said...

Ná cuardaigh...

Níl a fhios agam, áfach, an féidir an chiall sin a bhaint as "fial".

Dubhaltach said...

Ceartaithe, grma.

Seans go bhfuil breall orm faoi sin cinnte. Ach sin an chiall a bhain mé as "fóel" toisc nach raibh an focal agam!

aonghus said...

Is cosúil, ó stracfheachaint ar dil gur duine nach féidir le é a fhulaingt atá i gceist.

aonghus said...

leis é a fhulaingt, fiú.

Deacair é sin a rá chomh gonta céanna.

Dubhaltach said...

Tá a lán gontachta imithe as an teanga cinnte!

aonghus said...

"lorg" seachas "cuardaigh" a bheadh agamsa: nó b'fhéidir "ná héiligh"

maidir le nad-fóel

céard faoi
ná héiligh do chíos
ar dhuine gann acmhainneach

Dennis King said...

nad·fóel sa bhunleagan

Is briathar, nó compléasc briathartha, é sin. Is é “fo·loing” (= fulaingíonn) an fhoirm de a úsáidtear mar cheannfhocal in DIL. Is ionann “nad·foel” agus “nach bhfulaingíonn”. Tá an briathar Sean-Ghaeilge i bhfad níos casta ná an briathar Nua-Ghaeilge!